Maitiú 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil II Donoriuġ na draaóiṫe Criosd; 14 Ṫeiġ Ióseṗ leis do Egipt, 16 agus ṁarḃ Ioruaiṫ na leanba. 1 Agus an tan do rugaḋ Iósa a Mbetleem ṫíre Iúdaiġe a laiṫiḃ Iorúaiṫ an rí, féuċ, tangadar dráoiṫe ó naird ṡoir Híarusalem, 2 Ag ráḋ, Ga háit iona ḃfuil an Rí úd na Niúduiġeaḋ atá ar na ḃreiṫ? óir do ċunncamaírne a réalt san aire ṡoir, agus tangamar dá onóruġaḋ. 3 Aċd an tráṫ do ċuálaiḋ an rí Ioruaṫ sín, do ḃí sé ar na ḃúaiḋreaḋ, agus Iárusaleim uile maille ris. 4 Agus ar gcruinniuġaḋ úaċdarán na sagart uile ḋó agus sgriobuiḋeaġ an ṗubail, do ḟíafruiġ sé ḋióḃ, Cía a náit ann a mbéarṫáoi Ċriosd. 5 Agus a duḃradarsan rís, A Mbeitleem ṫíre Iúdaiġe: óir is mar so atá sé sgrioḃṫa ag an ḃfaiġ, 6 Agus tusa a Ḃetleem, talaṁ Iúda, ní tú is Iuġa eidir ḋúiḃciḋiḃ Iúdah: óir is asad ṫiocfas an Duiḃce, sdúireóċus mo ṗubal Israel. 7 Agus an sinn do ġoir Iorúaiṫ, na dráoiṫe ós íseal ċuige, agus do ḟíafruiġ sé ḋíoḃ go rouġer cía a naimsear ionar foillsiġeaḋ an réult. 8 Agus agá gcur go Beitleem ḋó, a duḃairt sé, Imṫige agus iárruiġ an náoiḋe go díṫċiollaċ; agus tar eís a ḟaġala ḋáoiḃ, innisiġ ḋamsa é, do ċum go raċainnsi féin agus go dtioḃruinn onóir ḋó. 9 Agus ar gcuinsin an ríġ ḋóiḃ do imṫiġeadar; agus, féuċ, an réult, do ċunncadar sa náird ṡoir, do ċuáiḋ sé rompa, no go dtaínic sé agus gur ċoṁnuiġ sé ós cionn a nionuid ann a raiḃ an náoiḋeanán. 10 Agus ar ḃfaicsin na réilte ḋóiḃ, do ġaḃ gáird gáirdeaċus roṁór iád. 11 Agus ar ndul a steaċ don tiġ, fúaradar an náoiḋe a ḃfoċair a ṁarṫar Muire, agus ag tuitiom síos, do onóruiġeadar é: agus an nosglaḋ a gcisdeaġ, ṫugadar tioḋluicṫe ḋó: ór, agus túis agus mirr. 12 Agus ar ḃfaġáil teaguisg ó Ḋía a naisling gan casaḋ dionsuiġe Iorúaiṫ, do ḟilleadar a sliġe eile da dtir féin. 13 Agus ar nimṫeaċd air a nais doiḃ, feaċ, do toiḃreaḋ aingeal an Tiġearna a mbrionglóid do Ióseṗ, ag raḋ, Eiriġ agus gaḃ anáoiḋeanán agus a ṁaṫair ċugad, agus teiṫ do Néigipt, agus bi ann sin no go Iaḃruiḋ misi riot: óir íarrfuiḋ Iorúaiṫ an náoiḋe do ċum a ṁillte. 14 Agus ar néirġe ḋósan, do ġaḃ sé an náoiḋe ċuige agus a maṫair ann sa noiḋċe, agus do imṫiġ sé do Néigipt: 15 Agus do ḃí se ann sin go bás Iorúaiṫ: do ċum go gcoiṁlíonfuiġṫe an ní a duḃairt an Tiġearna leis an ḃfaiġ, a deir, Do ġoir mé mo ṁac as a Néigipt. 16 Ann sín an tan do ċonnairc Iorúaiṫ, go ndearnadar na dráoiṫe fonóṁad faoi, do las sé lé feirg, agus ar gcur úaḋ, do ṁarḃ sé a raiḃ do leanbaiḃ-fear a Mbetleem, agus ann a teórannaiḃ uile, ó áois ḋá mblíaḋan nó fáoi, do reír na haimsire dfoġluim sé go diṫċiollaċ ó na dráoiṫiḃ. 17 Is annsin do coiṁliónaḋ an ní, a duḃairt Ieremías an fáiġ, a deir, 18 Do ċlos gurh a Ráma, cáoí, agus gul, agus úallfurtaċ roṁór, Raċel a cáoineaḋ a cloinne, agus níor ḃáil le sólás do ġlacaḋ, tré naċ raḃadar. 19 Agus an tan fúair Iorúaiṫ bás, féuċ, do toiḃreaḋ aingeall an Tiġearna a mbriónglóid do Ióseṗ sa Néigipt. 20 Ag ráḋ, Eíriġ, gaḃ ċugad an leanaḃ agus a ṁaṫait, agus imṫiġ go talaṁ Israél: óir fúaradar an dream do ḃí ag iárruiḋ anma an leiniḃ bás. 21 Agus do eíriġ seisean, agus do ġaḃ sé an leanaḃ agus a ṁaṫair ċuige, agus tainic sé go talaṁ Israél. 22 Agus an tan do ċúaluiḋ sé Arċeláus do ḃeiṫ na rí a ttír Iúdaiġe a nionad Iorúaiṫ a aṫar, do ḃí eagla air dul innte: aċd ċeana, ar ḃfaġáil teaguisg ó Ḋía ḋó a mbriongloid, do iompóiḋ sé go críoċaiḃ na Galilé: 23 Agus an tan ṫánic sé ann, do ċoṁnuiġ sé sa gcaṫair dá ngoirṫear Násaret: do ċun go gcoṁlíonfuiḋṫe an ní a duḃraḋ ris na fáiġiḃ, Go ngoirfiġe Nasarḋa ḋe. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society