Maitiú 18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVIII Séiṁeaċd agus neiṁ-ḋioġaltas na leanba inleanṁuinne. 13 Agus orduġaḋ smaċta na heaglusi. 1 Anuarsin tangadar a ḋeisciobuil ċum Iósa, ag ráḋ, Cía is mó ann sa rioġaċd neaṁḋa? 2 Agus ar ngairm léiniḃ ḃig ċuige Diósa, do ċuir sé an a lársan é. 3 Agus a duḃairt sé, Go fírinneaċ a deirim riḃ, Muna bḟilltí, agus muna mbeiṫí mar leanbána, naċ raċdaoi a sdeaċ do rioġaċ neaṁḋa. 4 Ar a naḋḃarsin gioḋ bé ísléoċus é féin mar an leanbanso, a sé sin is mó á rioġaċd neiṁe. 5 Agus giḋ bé neaċ ġeaḃus ċuige énleanbán da leiṫid so am ainmsi gaḃuiḋ sé misi ċuige. 6 Agus giḋ bé neaċ ḃéaras oilḃéim déinneaċ don ṁuinntir ḃigsi ċreideas ionnamsa, do bfearr ḋó cloċ ṁuilinn do ċroċaḋ fan a ṁuinél, agus a ḃáṫaḋ a nduḃaigén na fairge. 7 Is mairgneaċ don doṁan ar son oilḃeimeann! oir is éigin do na hoilḃéimeannaiḃ teaċd; aċd ċeana is anáoiḃin do duine tré a dtig an toilḃéim! 8 Aċd má ḃeir do láṁ no do ċos aḋḃar oilḃéime ḋuit, gearr ḋiót, agus teilg uaít íad: is fear ḋuit dul a sdeaċ do ḃeaṫaiḋ bacaċ díḃallaċ, ná ḋá láiṁ agus ḋá ċois do ḃeíṫ agad agus do ṫeilgean ann sa teiniḋ ṡiórruiḋe. 9 Agus má ḃeir do ṡúil adḃar oilḃéime ḋuit, bean asad, agus teilg uáit í: is fear ḋuit dul don ḃeaṫaiḋ ar leaṫṡúil, n ḋá ṡuil do ḃeiṫ agad agus do ṫeilgean a dteiniḋ ifeirn. 10 Taḃruiḋ dá ḃur naire naċ dtaḃarṫáoi tarcuisne air éinneaċ don ṁuinntir ḃigsi; oír a deirim riḃ, Go ḃfaicid a naingilsion aír neaṁ do ġnáṫ aġaiḋ Ṁaṫarsa a tá ar neaṁ. 11 Oír táinic Mac an duine do ṡaḃáil an neiṫer do ċúaiḋ a muġa. 12 Créd do ċiṫear ḋáoiḃ? Dá mbeiṫ céad cáora ag áonduíne, agus go raċaḋ áonċáora ḋíoḃ ar seaċrán, a né naċ ḃfúigeaḋ sé na náoi gcáoiriḋ déag agus ceiṫre fiċid, agus naċ raċaḋ sé ar na sléiḃṫiḋ, diárruiḋ na cáoraċ do ċúaiḋ air seaċrán? 13 Agus ma ṫeagṁan go ḃfaġann sé í, a deirmsi riḃ go fírinneaċ, gur ab mó a lúaṫġáir tríṫe, ná ar son na náoi gcáoraċ ndeg agus ċeiṫre fiċid naċ deaċuiḋ ar seaċrán. 14 Mar an gcéadna ní hí toil ḃur Naṫarsa a tá ar neaṁ, go raċaḋ éinneaċ do na dáoiniḃ a muġa. 15 Aċd ma ṗeacuiġeann do ḋearḃraṫair ad aġuiḋ, imṫiġ agus spreag é eadrad féin agus é féin aṁain: agus má éisteann sé riot, do ġnoḋuiġ tú do ḋearḃráṫair. 16 Agus muna éisde sé riot, beir leaċd fós duine no días eile, do ċum go mbíoḋ gaċ éinní seasṁaċ a mbéul deisi no triur dfíaḋnuisiḃ. 17 Agus ma ḋíultann sé iádsan déisdeaċd, innis do neagluis: agus ma ḋíultann sé a neagluis déisdeaċd, bíoḋ meas pagánuiġ agus puibliocáin agad air. 18 Go firinneaċ deirimsi riḃ, Giḋ bé ar biṫ neiṫer ċeangóltáoi ar talaṁ biáiḋ síad ceangailte ar neaṁ: agus giḋ bé ar biṫ neiṫer sgáoilfiḋe ar talaṁ bíaiḋ sgáoilt ar neaṁ: 19 A rís a deirim riḃ, Má ṫeagṁann días agaiḃ ar áon ḟocal ar talaṁ a dtimċeall gaċ uile ní íarruid síad, go ḃfuiġid síad é ó Maṫairse a tá ar neaṁ. 20 Oir giḋ be aít ann a ḃfuilid días nó tríur ar ná gcruinneaġaḋ am ainmsi, a táimsí ann sin ann a lár súd. 21 Ar ndul do Ṗeadar na ionnsaiḋ an tráṫ sin, a duḃairt sé, A Ṫiġearna, gá a ṁioncaċd do ḋeana mo ḋearḃráṫair coir a maġaiḋ, agus ṁaiṫfeas mé ḋó? an go nuige an seaċdṁaḋ húair? 22 A deir Iósa ris, Ni abruim riot, Gus an seaċdṁaḋ húair a ṁáin: aċd, Go soiṫe seaċdṁoġad seaċd nuáire. 23 Ar a naḋḃarsin is cosṁuil ríoġaċd neiṁe ré rí aíriġṫe, lér ḃáill cúntas do ḋéanaṁ ré na ṡearḃfoġantuiḋiḃ. 24 Agus an tráṫ dó ṫíonnsgain sé cúntas do ḋéanaṁ, tugaḋ ċuige neaċ, dár ḋliġ sé deiċ mile talann. 25 Agus an tan nar ḃéidir leis na fiáċaso ióc, do aiṫin a ṫiġearna é féin agus a ḃean, agus a ċlann, agus a raiḃ aige, do reic, do ċum na ḃfíaċ do ḋíol. 26 Ar a naḋḃarsin ag déanaṁ úṁla don tsearḃḟoġantuiġe sin, do íarr sé aṫċuinġiḋ air, ag ráḋ, A ṫiġearna déana foiġid rióm, agus do ḃéara mé an tiomlán ḋuit. 27 Ann sin ar ngaḃail trúaiġe moiré tiġearna a nógláoiċ úd, do léig sé úaḋ é, agus do ṁaiṫ sé na fíaċa ḋó. 28 Agus ag dul a maċ don tsearḃḟoġantuiġ úd, fuáir sé áon dá ċoiṁṡearḃḟoġantuiḋiḃ féin, dar ḋliġ sé céd ṗiġinn: agus ar na ḟosdaḋ, rug sé ar sgórnuiġ aír, ag ráḋ, Díol rium an ni ḋliġeas tú. 29 Agus ag tuitim da ċoṁṡearḃḟoġantuiḋe agá ċosuiḃsean, do ġuiḋ sé é, ag ráḋ, Deana foiġid riom, agus do ḃéara mé an tiomlan duit. 30 Aċd nior ḃáill leisean sin: aċd ar nimṫeaċd dó do ṫeilg sé a bpriosún é, no go niocaḋ sé na fíaċa. 31 Agus an traṫ do ċonncadar a ċoiṁṡearḃḟoġantuiḋesion ne neiṫer do rinneaḋ, do ġaḃ doilġeas roṁór íad, agus ṫangadar agus do ḟoillsiġeadar dá dtiġearna gaċ ní dá ndearnaḋ ann. 32 Annsin do ċuir a ṫiġearna fios airsean, agus a deir sé ris, A ḋroiċṡearḃḟoġantuiḋ, do ṁaiṫ mé na fíaċa úd uile ḋuit, do ḃríġ gur ċuir tú impiḋe oram: 33 Agus a né nar ċoir ḋuitsi trócaire do déanaṁ ar do ċoiṁṡearḃḟoġantuiḋ féin, aṁail agus mar do rinne misi trócaire ortsa? 34 Agus ar ngaḃáil féirge a ṫiġearna, ṫug sé do na céasadóiriḃ é, no go niócaḋ sé a ḟíaċa uile ris. 35 Agus is mar sin do ḋéana Máṫair neaṁḋasa riḃsi, muna maiṫfe gaċ áonduine agaiḃ da ḋearḃraṫair ó ḃur gcroiḋṫiḃ a gcionnta. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society