Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XV Gur bé peacaḋ do ṡalaċas duine, 21 agus gu bfuáir greim ḋaingion ċreidiṁ na mná ó Ċanaan, a hiarratus di.

1 Ann sin tigid sgríobuiġe agus Ṗairisíniġ ó Ierusalem, go Hiósa, ag raḋ,

2 Créd fá a sáruiġid do ḋeisciobailsi gnáṫuġaḋ na sinnsear? Oír ní ionnluid síad a láṁa a núair iṫid arán.

3 Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé ríu, Créd fá sáruiġeann siḃsi leis aiṫne Dé lé ḃur ngnáṫuġaḋ féin?

4 Oír tug Día áiṫne, ag raḋ, Onóruiġ haṫair agus do ṁaṫair: agus, Gioḋ bé ṁalluiġeas a aṫair nó a ṁaṫair, cuirṫear ċum báis é.

5 Aċd a ḋearṫáoisi, Gioḋ bé neaċ a déara re na aṫair nó ré na maṫair, Gaċ taḃartus dá dtuguimsi uaim, raċaiḋ sé a dtarḃa ḋuitsi;

6 Agus ni onórfuiḋ sé a aṫair nó a ṁaiṫair. Agus mar sin do ċuireaḃair a neiṁḃriġ aiṫne Dé tré ḃur ngnáṫuġaḋ féin.

7 A luċd an ḟúarċráḃaiḋ, is maiṫ do rinne Esaías fáiġeadóireaċd ḃur dtimċeall, ag ráḋ,

8 Druidiḋ an pubalsa leamsa lé na mbéul, agus onóruiġid me lé na bpusuiḃ; aċd ċeana is fada úaim atá a gcroiḋe.

9 Aċd is a ndíoṁáineas onóruiġid síad misi, ag teagasg aiṫeanta na ndáoine mar ṫeagasg.

10 Agus ar ngairm an tslóiġ, a duḃairt sé ríu, Eisdiġ, agus tuigiḋ:

11 Ní hé an ní ṫéid a sdeaċ ann sa mbéul ṡaluiġeas an duine; aċd an ní ṫig as an mbeul, a sé so ṡaluiġeas an duine.

12 Ann sin ṫangadar a ḋeisciobuil, agus a duḃadar ris, A né naċ dtuigeann tú go ḃfúaradar na Ṗarisíniġ do ċúala an glórsa, oilḃéim ann?

13 Agus ar ḃfreagra ḋósan, a duḃairt sé, Gaċ uile ṗlanda, naċ ar ċuir Maṫair neaṁḋasa, beanfuiġṫear as a ḟréaṁaċ é.

14 Léigiḋ ḋóiḃ féin: is éoluiġṫe dalla a gcionn dall íad. Agus ma ṫréoruiġeann dall dall éile, tuitfid a raon sa díg.

15 Agus ar ḃfreagra do Ṗeadar a duḃairt sé ris, Míniġ ḋúinne an ċosaṁlaċdsin.

16 Agus a duḃairt Iósa, An ḃfuiltísi leis fós ainḃfeasaċ?

17 A ne naċ dtuigṫísi fósm gioḋ bé ní ṫeid a sdeaċ ann sa mbéul, go dtéid se sa mbolg, agus go dteilgṫear as sin don ċamra é?

18 Aċd na neiṫer ṫeid a maċ as an mbéal is as an gcroiḋe ṫigid siad; agus is siad sin ṡaluiġeas an duine.

19 Oír as an gcroiḋe ṫigid na droċsmuaintiġṫe, dúnmarḃaḋ, aḋaltrannas, stríopaċas, gaduiḋeaċd fíaġnuisiġe bréige, blaisṗemiġe:

20 Is íadso na neiṫer ṡalċas an duine: aċd bíaḋ diṫe lé láṁuiḃ gan ionnlaḋ ní ṡaluiġeann sé an duine.

21 Agus ar ndul Diósa as sin, do ċúaiḋ sé go leiṫimliḃ Ṫírus agus Ṡídon.

22 Agus, féuċ, ṫáinic bean do Ċánaan ó na crióċaiḃ sin, agus do éiġ si, ag ráḋ ris, Déana trócaire oram, a Ṫiġearna, a ṁic Daiḃí; a tá ṁinġean ar na búaiḋreaḋ go mór ó ḋeaṁan.

23 Aċd ní ṫug seisean freagra ar biṫ uirṫe. Agus tangadar a ḋeisciobail ċuige agus do iárradar air, ag ráḋ, Cuir úainn í; oír a tá sí ag eíġṁe ar ndíaiġ.

24 Agus ar ḃfreagra ḋósan, a duḃairt sé, Niór cureaḋ misi aċd do ċum cáoraċ ṫiġe Israel do ċúaiḋ ar seaċrán.

25 Giḋeaḋ ṫáinic sisi agus do rinne sí sléaċdain dó, ag ráḋ, A Ṫiġearna, foir orum.

26 Agus ar ḃfreagra ḋósan, a duḃairt sé, Ní coir arán na cloinne do ġlacaḋ, agus do ṫeilgean ċum na ngáḋar.

27 Aċd a duḃairt sisi, Is fíor sin, a Ṫiġearna: giḋeaḋ fós iṫid no coilén cuid don ṡrúiġleaċ ṫuiteas ó ḃórd a dtíġearnaḋ féin.

28 Ar ḃfreagra Diósa an tansin, a duḃairt sé ría, O a ḃean, is mór do ċreideaṁ: teagṁaḋ ḋuit mar is toil leaċd. Agus do ḃí a hinġean slán ó a núairsin a maċ.

29 Agus ar nimṫeaċd Diósa as sin ṫáinic sé láiṁ ré fairrge na Gaililee; agus an tan do ċúaiḋ sé súas ar ṡliaḃ, do ṡuiḋ sé ann.

30 Agus do ċúadar slúaiġte móra ċuige, agá ráḃadar bacuiġ, doill, balḃáin, dáoine ciorṫuimeaċa, agus móran eile, agus do ṫellgeadar fá ċosaiḃ Iósa íad; agus do ṡlánaiġ sé íad:

31 Ionnas gur ġaḃ iongantus an slúaġ, an tan do ċonncadar na balḃáin ag laḃairt, agus na dáoine ciorṫuimeaċa slán, na bacaiġ ag sioḃal, agus a raḋarc ag na dallaiḃ: agus tugadar gloír do Ḋía Israel.

32 Agus ar ngairm a ḋeisciobal ċuige Diósa, a duḃairt sé, A tá trúaiġe agam don tslúaġ, oir do ḟanadar a nois ré trí lá am ḟocair, agus ni ḃfuil ní acá do iósaidis: agus ni hail leam a leígean úaim na dtrosgaḋ, deagla go raċáidis a nanḃfainne ar a tsliġe.

33 Agus a deirid a ḋeisciobail ris, Cía a naít as a ḃfuiġeamáois ar an ḃfasaċ a noireadsin darán, lé a saíseóċamáois a ċoṁmór do ṡlúaġ?

34 Agus a deir Iósa ríusan, Gá ṁéad arán a tá agaiḃ? Agus a duḃradarsan, A seaċd, agus beagan diásgaiḃ beaga.

35 Agus do aiṫin seisean do tslúaġ suiḋe siós ar an dtalaṁ.

36 Agus ar nglacaḋ na seaċd narán agus na níasgsin dó, ag taḃairt buiḋeaċais, do ḃris sé íad, agus ṫug sé ḋá ḋeisciobluiḃ, agus tugadar na deisciobail don tslúaġ íad.

37 Agus do iṫeadar uile ní, agus do sasuiġeaḋ iád: agus do ṫógḃadar lán seaċd gclíaḃ dfuiġeall do ḃiáḋ ḃrisde.

38 Agus do ḃádar an luċd a dúaiḋ é ceiṫre ṁíle fear, leiṫ a muiġ do ṁnáiḃ agus do leanbaiḃ.

39 Agus ar léigean an tslúaiġ úaḋ, do ċúaiḋ sé a luing, agus taínic sé go leiṫimliḃ Ṁagdala.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan