Maitiú 14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIV Baraṁail Iorúaiṫ ar Iósa, 3 diċeannaḋ Eoin Ḃaisde arson a ċeartṫeagasc, 15 agus tuille miorḃuilte Ċríosd. 1 Fa a námsin do ċúalaiḋ Iórúaiṫ an Téatrarca clú Iósa, 2 Agus a dúḃairt sé ré na ṡearḃḟóġantuiḋiḃ, A sé so Eóin Baisde; déiriġ sé ó ṁarḃaiḃ; agus is dá ḃríġ sin a táid suḃáilciġe ag oibreaġaḋ ann. 3 Oír do ġlac Iorúaiṫ Eóin, agus do ċeangáil sé é, agus do ṫéilg sé a bpríosún é ar son Heródias, mna Ṗilib a ḋearbráṫar féin. 4 Oír a duḃair Eóin ris. Ní dliġṫeaċ ḋúít a beiṫ agad. 5 Agus an tan do buḋ ṁían leis a ċur ċum báis, do ḃí eagla an ṗubal air, óir do ḃí meas fáiḋe aca air Eóin. 6 Agus an tan do ḃí sóllamain an láoi ann a ruġaiḋ Iorúaiṫ dá ḋéanaṁ, do rinne ínġean Heródias daṁsa na ḟíaḋnuisi, agus do ṫaitin sí ré Hiorúaiṫ: 7 Ionnas gur ġeall sé maille lé mionaíḃ go dtioḃraḋ sé ḋí gioḋ be ar ḃiṫ ní do íarrfaḋ sí. 8 Agus air ḃfaġáil teagaísg ó ná maṫair ḋisi, a duḃairt sí, Taḃair ḋaṁ ann so ceann Eóin Baisde air ṁéis. 9 Agus do ġaḃ doilġeas an rí: aċd ar son a ṁionna, agus ná muinntire do ḃí na suiḋe ná ċuiḃreann, do áiṫin sé a ṫaḃairt di. 10 Agus ar gcur ḟir díċeanta úaḋ, do ḃean sé a ċeann Déoin ann sa ṗríosún. 11 Agus tugaḋ a ċeann air ṁeis, agus tugaḋ do ċailín é: agus tug sisi dá maṫair é. 12 Agus tangadar a ḋeisciobáil an tansin, agus rugadar ċorp léo, agus do aḋlacadar é, agus tangadar agus do mniseadar sin Díosa. 13 Agus an tan do ċúlaiḋ Iósa so, do ċúaiḋ sé as sin a luing a nionad ḟásaṁail air leiṫ: agus an tan do ċúalaiḋ an pubal sin, do leanadar dá gcois é ó na caiṫreaċaiḃ 14 Agus ar ndul a maċ Diosa, do ċonnairc sé coiṁṫionól mór, agus do gaḃ trúaiġe ṁór ḋóiḃ é, agus do ṡlánaiġ sé na dáoine easlána. 15 Agus an tan ṫáinic deireaḋ an láoi tangadar a ḋeisciobuil ċuige, ag ráḋ, Ait ḟásaṁail so, agus do ċuáiḋ a naimsear ṫearainn ċeana; léig úait an slúaġ, do ċum go niméoċaidís do na bailtiḃ, agus go gceannoċaidis bíaḋ ḋóiḃ féin. 16 Aċd a duḃairt Iósa ríu, Ní riġid síad a leas imṫeaċd; taḃruiḋsi ḋóiḃ ní lé na iṫe. 17 Agus a duḃradarsan ris, Ní ḃfuil again ann so aċd cúig aráin, agus dá íasg. 18 Aċd a duḃairt seisean ríu, Taḃraiḋ ċugamsa íad ann so. 19 Agus ar na áiṫne don ṗubal suiḋe air an ḃféur, agus ar nglacaḋ ná gcúig narán, agus an dá íasg, ag féaċain súas air neaṁ, do ḃeannaiġ sé, agus ar ná mbriseaḋ, tug sé ná harain do ná deiscioblaiḃ, agus tugadar ná deisciobail don tslúaġ íad. 20 Agus a diṫadar uile ní, agus do sásuiġeaḋ íad: agus do ṫogḃadar lán ḋá ċlíaḃḋéag do ḃíaḋ ḃrisde do ḃí dfoiġeall aca. 21 Agus an ṁuinntir do ḃí ag iṫe do ḃádar a dtimċeall ċúig ṁíle fear, leiṫ a muiġ do ṁnáiḃ agus do leanbaiḃ. 22 Agus air ball do ċuir Iósa dḟiaċaiḃ ar a ḋeisciobluiḃ dul a luing, agus dul roiṁe féin don táoiḃ oile, no go léigeaḋ sé an pubal úaḋ. 23 Agus an tan do léig sé an pubal úaḋ, do ċúaiḋ sé súas air ṡlíaḃ ná áonar do ḋéanaṁ urnuiġṫe: agus an tan do ḃí deireaḋ an láoi ann, do ḃí se an sin ná áonar. 24 Agus do ḃí an long fá a námsin a meaḋón ná fairge, dá tteilgean a nunn agus a nall ag na tonnaiḃ: óir do ḃí an ġáoṫ na naġaiḋ. 25 Agus a gcionn an ceaṫraṁaḋ faire do noiḋċe do ċúaiḋ Iósa na nionnsaid, ag sioḃal air an ḃfáirge. 26 Agus an tan do ċunnacadar a ḋeisciobail é ag sioḃal air an ḃfairge, do ḃádár air na mbuaiḋreaḋ, ag ráḋ, Is gósda é; agus do éiṁġeadar lé heagle. 27 Agus do laḃair Iósa ríu air an mball ag ráḋ, Bióḋ meisneaċ maiṫ agaiḃ; is Misi a tá ann; ná bíoḋ eagla oraiḃ. 28 Agus tug Peadar freagra air agus a duḃairt sé, A Tiġearna, más tu atá ann, aiṫin díomsa dul ad ċoinne air na huisgiḋiḃ. 29 Agus a duḃairt seisean, Tárr. Agus an tan do ċúaiḋ Peadar sios as an luing do ṡioḃail se ar na huisgiḋiḃ, do ċum teaċd go Hiósa. 30 Aċd an tan do ċonnairc sé an ġáoṫ laidir, do ġaḃ eagla é; agus a núair do ṫionnsgain sé dul a níoċdar, do sgread se, ag ráḋ, A Ṫiġearna, fóir orum. 31 Agus ar síneaḋ a láiṁe ar an mball Diósa, rug sé air, agus a deir sé ris, A ḟir an ċreidiṁ ḃig, créd far ġaḃ cuntaḃairt ṫú? 32 Agus an tan do ċúadar a sdeaċ ann sa luing, do ċoisg an ġáoṫ. 33 Agus tangadar an luċd do ḃí sa luing, agus donórioġeadar é, ag ráḋ, Go firinneaċ is tusa Mac Dé. 34 Agus an tan do ċúadar tar úisge, tangadar go talaṁ Genesaret. 35 Agus an tan do aiṫniḋeadar luċd na háitesin é, do ċuireadar fios air feaḋ na tíresin uile ar gaċ táoḃ ḋíoḃ, agus tugadar gaċ a raiḃ easlán ċuige; 36 Agus do ċuireadar impiḋe air go mbáinfidís lé himeal a éaduiġ aṁáin: agus an ṁéid díoḃ do ḃean do slánaiġeaḋ íad. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society