Maitiú 13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIII Seanmóir um an tsioladóir, 18 ar na foillsiuġaḋ; 53 agus Iósa fa neiṁċion, aṁáin ag muinntir a ṫír féin. 1 Agus ar nimṫeaċd Díosa a maċ as an detaċ an lásin, do ṡuiġ sé láiṁ ris an ḃfairge. 2 Agus do ċruinniġeadar slúaiġte móra ċuige, ionnas ar ndul a sdeaċ a luing, gor ṡuiḋ sé; agus do ṡeas an slúaġ uile ar an dtráiġ. 3 Agus do laḃair sé móran ríu a gcosaṁlaċduiḃ, ag ráḋ, Féuċ, do ċuáiḋ síoladóir a maċ do ċur síl; 4 Agus ag cur an tsíl dó, do ṫuit cuid ḋe ċois na sliġeaḋ, agus tangadar na héanlaiṫ, agus a dúadar é: 5 Agus do ṫuit cuid eile ḋe a ḃfearan ċloċaċ, mar naċ raiḃ móran úire aige: agus do ḟás sé go lúaṫ, do ḃríġ naċ ḃfúair sé doiṁneaċd na talṁan: 6 Agus ar néirġe don ġréin, do dóiḋeaḋ é; agus ar son naċ raiḃ fréuṁaige, do ṡearg sé. 7 Agus do ṫuit cuid eile ḋe eidi ṁuineaċ; agus do éirġe an muineaċ súas, agus do ṁuċ sé é: 8 Agus do ṫuit cuid eile ḋe a dtalaṁ ṁaiṫ, agus tug sé toraḋ, cuid céudeiread, cuid trí fiċid uiread, cuid a deiċ fiċead uiread. 9 Giḋ bé agá ḃfuillid clúasa ċum éisdeaċda, éisdeaġ sé. 10 Agus tangadar a ḋeisciobuil ċuige, agus a duḃradar ris, Créd fa laḃrann tú riu a gcosaṁlaċduiḃ? 11 Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé ríu, Do ḃríġ gur ab daóiḃsi tugaḋ fios rúindíoṁra na ríoġaċda neaṁḋa, do ḃeiṫ agaiḃ, agus níor tugaḋ ḋóiḃsean é. 12 Oír gioḋ bé neaċ agá ḃfuil ní, is dó do ḃéarṫar, agus biáiḋ go léor aige: aċd gioḋ bé neaċ a tá gan ní, toígéaḃṫar úaḋ fós an ní a tá aige. 13 Air a naḋḃarsin laḃraim ríu a gcosaṁlaċdaiḃ: óir gioḋ a tá raḋarc aca ní ḟaicid síad; agus gioḋ a tá éisdeaċd aca ní ċluiníd síad, agus ní ṫuigid síad. 14 Agus cóiṁlíontar ionnta fáiġeadóireaċd Esaiás, a deír, Le héisdeaċd do ċluinfiḋe, agus ní ṫuifiḋe; agus ag aṁarc do ċífiḋe, agus ní buḋ léir ḋaóiḃ: 15 Oír a tá croiḋe an ṗubuilsi ar na reaṁruġaḋ, agus do ċúaladar go boḋar lé na gclúasaiḃ, agus do ċaoċadar a súile; deagla go ḃfaicfidis lé na súiliḃ, agus go gcluinfidis lé na gclúasaiḃ, agus go dtuigfidís le na gcroiḋe, agus go ḃillfidis, agus go leiġéosainnse íad. 16 Aċd as beannaiġṫe ḃur súilesi, do ḃríġ go ḃfaicid síad: agus ḃur gclúasa, do ḃríġ go gcluinid síad. 17 Oír a deirimsi riḃ go fírinneaċ, Gur ab iomḋa faiḋe agus firéanuiġ lé ar ṁían na neiṫesi do ċiṫisi dfaicsin, agus ní ḟacada; agus na neiṫer do ċluinti do ċloisdin agus ní ċúaladar. 18 Air a naḋḃarsin éisdiġ ré cosaṁlaċd an tsíoladóra. 19 Coiṁmionca agus éisdeas duine bríaṫar na ríoġaċda, agus naċ dtuigeann sé é, tig an droiċspiorad, agus fúaduiġe se an ní do cuireaḋ ann a ċroiḋe. Ag so an duine úd ann ar cuireaḋ an siol ċois na slíġeaḋ. 20 Agus an té úd ann ar cuireaḋ an síol a ḃfearann ċloċaċ, a sé sud an té do ċluin an ḃríaṫar, agus ġaḃas ċuige é do láṫair maille re gáirdeaċas; 21 Aċd ní ḃfuil fréaṁ aige ann féin, aċd fanuiḋ sé ar feaḋ tamaill: agus an tan ṫig trioblóid nó búaiḋreaḋ ar son na bréiṫre, air ball do ġeiḃ sé oilḃéim. 22 Agus an neaċ úd ann ar cuireaḋ an síol a measg an ṁuiniġ ag so an té do ċluin an ḃríaṫar; agus múċaiḋ róċuram an tsaoġailsi, agus mealltóireaċd an tsaiḋḃris an ḃríaṫar, agus bí sé gan toraḋ. 23 Agus an té úd ann ar cuireaḋ an síol a ḃfearann maiṫ a sé so an té do ċluin, agus ṫuigeas an ḃríaṫar; agus iomċras toraḋ, agus do ḃeir, cuid céud uiread, cuid trí fiċid, agus cuid eile a deiċ fiċead. 24 Do ċuir sé cosaṁlaċd eile ċuca, ag ráḋ, Is cosṁail ríoġaċd neiṁe ré duine do ċur síol maiṫ ann a ḟearann: 25 Agus an tan do ḃádar dáoine na gcodlaḋ, ṫáinic a náṁaid agus do ċuir sé cogal ṫird an gcruiṫneaċd, agus do imṫiġ sé roiṁe. 26 Agus an tan do ḟás an geaṁar agus tug sé a ṫoraḋ, ann sin do ḟoillsiġ an cogal é féin. 27 Aċd ar dteaċd do ṡearḃḟóġantaóiḃ ḟir an tiġe, a duḃradar ris, A ṫiġearna, a né naċ síol maiṫ do ċuir tú ann tfearann? Air a naḋḃarsin cáit as a ḃfaġann sé an cogal? 28 Agus a duḃairt seision ríu, Easgcara éigin do rinne so. Agus a duḃradar na searḃḟoġantuiḋe ris, A nail leaċd air a naḋḃarsin go ndeaċmáoisne agus gi gcruinneoċamaois a ḃfoċair a ċéile íad? 29 Agus a duḃairt seisean ríu, Ní háill; air eagla ag cruinneaġaḋ an ċogail daóiḃ, go mbeanfeaċd siḃ an ċruiṫneaċd as a fréuṁaiḃ a naóinḟeaċd ris. 30 Fuilngiḋ ḋóiḃ aráon fás no go dtí an foġṁar: agus a naimsir a nfóġṁair déara misi rém luċd búana, Cruinniġiḋ ar tús an cogal, agus ceangluiḋ é ua ṗunnannaiḃ do ċum a loisgṫe, agus cruinniġiḋ an ċruiṫneaċd dom sgioból. 31 Do ċuir sé cosaṁlaċd eile ċuca, ag ráḋ, Is cosṁuil ríoġaċd neiṁe ré gráinne síol musdaird, do ġaḃ neaċ ċuige, agus do ċuir sé ann a ḟearann: 32 A sé go deiṁin as lúġa do na huile ṡíoltuiḃ: giḋeaḋ an tan ḟásas sé, a sé is mó do na luiḃeannaiḃ, agus do niṫear crann de, ionnas go ttigid éanlaiṫ a naiéir agus go ndéanaid a nid ann a ġéagaiḃ. 33 Do laḃair sé cosamlaċd eile ríu; as cosṁail rioġaċd ueiṁe ré laiḃín do ġlac bean, agus do ḟolaiġ sí a dtrí ṗeice mine, nó gur ġaḃ an tiomlán laiḃín. 34 Do laḃair Iósa na neiṫesi uile ris an bpubal a gcosaṁlaċdaiḃ; agus níor laḃair sé ríu aċd a gcosaṁlaċdaiḃ: 35 Do ċum go gcoiṁlíonfuiḋṫe an ní a duḃraḋ leis an ḃfáiḋ, a deir, Oisgéoluiḋ mé mo ḃéul tré ċosaṁlaċdaiḃ; noċdfuiḋ me neiṫer a tá foluiġṫe ó ṫosaċ an doṁain. 36 Air léigean an tsuáiġ úaḋ an tansin, ṫáinic Iósa a sdeaċ a dtiġ: agus tangadar a ḋeisciobail ċuige, ag ráḋ, Míniġ ḋúinne cosaṁlaċd ċogail an ḟearainn. 37 Agus air ḃreagra ḋósan a duḃairt sé ríu, An té ċuireas an síol maiṫ a sé Mac an duine é; 38 Agus a sé an fearann an doṁan; agus a sé an síol maiṫ, clan na rioġaċda; agus a sé an cogal clan an droiċspioraid; 39 Agus an náṁaid do ċuir é a sé an díaḃal é; agus a sé an fóġṁar deireaḋ an tsáoġail; agus a síad na búanuiḋe na haingil. 40 Agus aṁail mar ċruinniġṫear an cogal, agus loisgṫear é lé teiniḋe; is mar sin ḃías a ndeireaḋ an tsoaġailsi. 41 Cuirfiḋ Mac an duine a aingil féin, agus cruinneoċuid síad as a rioġaċd gaċ uile scannail, agus an dream do ní éagcóir; 42 Agus teilfid íad a núaṁain air dearglasaḋ: mar a mbía gul agus gíosgán fiácal. 43 Soillséoċaid na fíreanaiġ an tansin mar an ngréin a rioċaċd a Naṫar féin. Gioḋ bé agá ḃfuilid clúasa ċum eisdeaċda, éisdeaġ sé. 44 Mar an gcéudna, is cosṁail rioġaċd neiṁe lé cisde ar na ḟolaċ a ḃfearann; noċ tar éis a ḟaġála, do ḟoluiġ duine, agus tríd an ngáirdeaċus do ḃí air ar a ṡon imṫiġiḋ sé agus reacaiḋ sé a ḃfuil aige uile, agus ceannuiḋe sé an fearannsin. 45 A rís, is cosṁail ríoġaċd neiṁe le ceannuiġe áiriġṫe, iárras cloċa úaisle: 46 Agus ar ḃfaġáil áonneaṁ ṁórlúaiġe ḋó, do imṫiġ sé agus do reac so a raiḃ aige uile, agus do ċeannaiġ se í. 47 A ris, is cosṁail ríoġaċd neiṁe ré lion, ar na ṫeilgean ann sa ḃfairge, agus ċruínniġeas da gaċ uile ṡort éisg: 48 Noċ, an tan do líonaḋ, do ṫairrngeadár na híasgairiġe ċum na tráġa, agus ar suiḋe ḋóiḃ, do ċruinniġeadar nu héisg ṁaiṫe a soiṫiġiḃ, aċd do ṫeilgeadar na droiċéisg amaċ. 49 Is mar sin ḃías a ndeireaḋ an tsáoġail: raċaid na haingil a maċ, agus dealóċuid na droċḋáoine as lár na ḃfíréanaċ, 50 Agus teilgfid íad a núaṁáin ṫéilneaḋ: mar a mbiá gul agus gíosgán fiácal. 51 A deir Iósa ríu, Nar ṫuigeaḃáir na neíṫese uile? A deiridsion ris, Do ṫuigeamar, a Ṫiġearna. 52 Agus a duḃairt seisean ríu, Ar a naḋḃarsin gaċ uile sgrioba atá foġlomṫa ċum ná ríoċaċda neṁḋa is cosṁáil é ré fear tiġe, do ḃeir as a ċisde neiṫer núaḋa agus sean. 53 Agus an tan do ċríoċnáiġ Iósa na cosaṁlaċdasa, tárla ḋó, gur ḟág sé a náitsin. 54 Agus an tan ṫáinic sé dá ḋuṫuiḋ féin, do ṫeagaisg sé íad ann a sionagóig, ionnas gur ġaḃ iongnaḋ mór íad, agus go nduḃradar, Cáit a bḟúair anfearso a neagnaso, agus ná suḃáilce? 55 A né naċ é so mac an tsáoir? a ne naċ dá ṁaṫair ġoirṫear Múire? a né naċ íad a ḋearḃraiṫreaċa, Seúmas, agus Ióses, agus Símon, agus Iúdas? 56 Agus a né naċ ḃfuilid a ḋeirḃṡeaṫraċa uile éadruinne? Air a naḋḃarsin cáit ann a ḃfúair sé íad so uile? 57 Agus fúarardar óilḃéim annsan. Aċd a duḃairt Iósa ríu, Ní ḃfuil faiḋ fá neiṁċion, aċd ann a ḋuṫaiḋ féin, agus ann ṫiġ féin. 58 Agus ní ḋearnuiḋ sé mórán miorḃuileaḋ ann sin air son a míċreidiṁ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society