Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XII Gur fear trócaire no ioḋbairt, 22 gur ċuir Críosd naġaiḋ na ndeaṁan, mar ḟúaṫ riu, 31 agus gur ro ḃáoġlaċ ḃiṫ tarcuisneaċ ar an Spiorad Naoiṁ.

1 Do ċúaiḋ Iósa fá námsin an sá tsáoire ṫird na gortaiḃ; agus do ḃí ocras air a ḋeisgiobluiḃ, agus do ṫionnsgnadar déasaċ do ḃúain, agus a niṫe.

2 Agus an tan do ċoncadar na Ṗáirisiniġ so, a duḃradar risean, Féuċ, do ní do ḋeisgiobail ní naċ coir do ḋéanaṁ ann sá tsáoire.

3 Agus a duḃairt seision ríu, A né nár léaġaḃair créd do rinne Dáiḃi, an tan do ḃí ocras air féin, agus ar an ṁuinntir do ḃí ná ḟarraḋ;

4 Ciondas do ċúaiḋ sé a sdeaċ go tiġ Dé, agus do iṫ sé aráin ná híoḋbarṫa, nar ċeaduiġṫeaċ ḋó féin, ná don droing do ḃí na ḟoċair diṫe, aċd do na sagartaiḃ a ṁáin?

5 No a né nár léaġaḃair ann sa dliġeaḋ, go mbrisid na sagairt ann sa tteampoll an tsáoire lá na sabboíde, agus go ḃfuilid neiṁċiontaċ?

6 Aċd a deirim riḃ, Go ḃfuil neaċ is mó na an teampoll ann so.

7 Agus da mbeiṫ a ḟios agaiḃ créd is cíall dó so, Is trócaire is aill leam, agus ní híoḋbairt, ní ḋaimnéoċaḋ siḃ na daóine neiṁċiontaċa.

8 Oír a sé Mac ann duine Tiġearna na sabbóide féin.

9 Agus tar éis imṫeaċda as sin do, ṫáinic sé dá sionagóig súd.

10 Agus, féuċ, do ḃí duine an nag a raiḃ laṁ ṡeargṫuiġe. Agus do ḟiofruiġeadar ḋe, ag ráḋ, An ceaduiġṫeaċ leiġeas do ḋéanaṁ annsa tsáoire, iónus go gcuirfidis cuis air.

11 Aċd a duḃairt séisean ríu, Cía agaiḃsi duine, agá mbíaḋ áonċáora a ṁáin, agus dá dtuiteaḋ sí air an tsaoire a bpoll, naċ mbéaraḋ uirrṫe, agus naċ dtoigeaḃaḋ a niós í?

12 A né naċ mór is fear duine na cáora? Ar a naḋḃarsin is ceaduiġṫeaċ maiṫ do ḋéanaṁ air an tsáoire.

13 Ann sin a deir seisean ris an duine, Sín a maċ do láṁ. Agus do ṡin; agus do ḃí sí ar na haiseag slán, mar an láiṁ eile.

14 Agus ar ndul a maċ do na Ṗarisineaċaiḃ, do ċúadar a gcoṁairle na aġaiḋsean, do ċum go millfidís é.

15 Agus an tan do aiṫin Iósa so, do imṫiġ sé as sin: agus do lean slúaġ mór é, agus do ṡlánaiġ sé íad uile;

16 Agus do rinne sé bagar orrṫa do ċum naċ déanaidís follus é.

17 Do ċum go gcoiṁlíonfuiḋṫe an ní a duḃraḋ tré Esaías faiḋ, a deir,

18 Féuċ mo ṡéarḃḟoġantuiḋe féin, do ṫoġ mé; mo ġráḋ féin, dá ḃfuil toil ṁór ag manam: cuirfiḋ mé mo spiorad féin air, agus inneósuiḋ sé breiṫeaṁnus do na Cineaḋaċaiḃ.

19 Ní ḋéanaiḋ sé ceannairc, ní ḋéanaiḋ sé éiṁġe; agus ní ċluinfiḋ neaċ ar biṫ a ġúṫ air na sráidiḃ.

20 Ní ḃrisfiḋ sé giolcaċ brúite, agus ni ṁúċaiḋ sé lion do ní deataċ, nó go dtuguiḋ sé breiṫeaṁnus ċum búaḋa.

21 Agus is ann a ainmsean ḃiás muiniḋin ag na Cineaḋaċuiḃ.

22 Tugaḋ ċuige an tansin duine ann a raiḃ deaṁan, do ḃí dall, agus balḃ: agus do ṡlánaiġ sé é, ionnus gur laḃair an balḃán agus go ḃfacuiḋ an dall.

23 Agus do ġaḃ iongantus an pubal uile, agus a duḃradar, A né naċ é so mac Ḋáiḃi?

24 Agus an tan do ċúaladar na Ṗairisiniġ so, a duḃradar, Ni ṫeilgeann an féarso na deaṁain amaċ, aċd tré Ḃeilsebub prionnsa na ndeaṁan.

25 Aċd an tan do aiṫin Iósa a smúaintiġṫe, a duḃairt sé riu, Gaċ rioġaċd atá roinnte na haġaiḋ féin biáiḋ sí na fásaċ; agus gaċ uile ċaṫair nó teaġ a tá roinnte na aġaiḋ féin ní ṡeasfuiḋ sé:

26 Agus ma ṫeilgeann Satan, Santan a maċ, a tá sé roinnte na aġaiḋ féin; ar a naḋḃarsin cionnus anfus a ríoġaċd na seasaṁ?

27 Agus mas le cuṁaċdaiḃ Ḃeilsebub ṫeilgimsi a maċ na deaṁain, cía lé a dteilgid ḃur gclannsa a maċ úid? air a naḋḃarsin béid siadsan na mbreiṫeaṁuin oraiḃse.

28 Aċd más lé Spioruid Dé ṫeilgimsi a maċ na deaṁain, ṫáinic rioġaċd Dé ċugaiḃsi go deiṁin.

29 No cionnas is éidir lé héinneaċ dul go tiġ ḋuine láidir, agus a airnéis tiġe dfúadaċ leis, muna gceangluiḋ sé ar tús an duine láidir? agus ann sin sladfuiḋe sé a ṫiġ.

30 Gioḋ bé naċ ḃfuil leamsa a tá sé a maġaiḋ; agus gioḋ bé naċ ccruinniġeann leamsa scahuiġe sé.

31 Air a naḋḃarsin a deirim riḃ, Go maiṫfiḋṫear gaċ peacaḋ agus gaċ blasṗeíme do na dáoiniḃ: giḋeaḋ ní maiṫfiḋṫear do na dáoiniḃ, blasṗeíme a naġaiḋ an Spiorad Naóiṁ.

32 Agus gioḋ bé neaċ a déaraiḋ focal a naġaiḋ Ṁic an duine, maiṫfiḋṫear ḋó é: aċd gioḋ bé neaċ laiḃéoras a naġaiḋ an Spiorad Naóiṁ, ní maiṫfiḋṫear ḋó é, ann sa tsáoġalso, ná ann sa tsáoġal a tá a teaċd.

33 Ceaċdar do ḋa ní, déanaiḋ an crann maiṫ, agus a ṫoraḋ maiṫ; no déanaiḋ an crann loḃṫa, agus a ṫoraḋ loḃṫa: óir is as a ṫoraḋ aiṫéantar an crann.

34 An ṡlioċd na naiṫreaċ neiṁe, cionnas is éidir liḃ neiṫe maiṫe do laḃairt, ó a tá siḃ féin go holc? Óir is as anlán an ċroiḋe laḃrus an béul.

35 Do ḃeir an duine maiṫ neiṫer maiṫe as cisde maiṫ a ċroiḋe: agus do ḃeir an droċḋuine droiċneiṫe as a ḋroiċċisde.

36 Aċd a deirim riḃ, Go dtioḃraid na dáoine cúntas úaṫa lá an ḃreiṫeaṁnuis, ar son gaċ aóinḃreiṫre díoṁaóiniġe dá laiḃéoraid síad.

37 Oír is as do ḃríaṫruiḃ ṡáorfuiḋṫear ṫú, agus is as do ḃrúaṫruiḃ daiméontar ṫú.

38 Ann sin do ḟreagradar dream do na sgríobuiḋiḃ agus do na Ṗairisíneaċaiḃ, ag ráḋ, A Ṁaiġisdir, is mían linn coṁarta dfaicsin úait.

39 Aċd ar ḃreagra ḋósan, a dúḃairt sé ríu, Iarruiḋ an geinealaċ olc agus aḋaltrannaċ coṁarṫa; agus ní tioḃarṫar coṁarṫa ḋóiḃ, aċd an coṁarṫa úd Iónas an ḟaiḋ:

40 Oír mar do ḃí Ionás a mbroinn an ṁíl ṁóir trí lá agus trí oiḋċe: is mar sin ḃías Mac an duine gcrioḋe na talṁan tri lá agus trí oiḋċe.

41 Eiréoċaiḋ luċd Nineḃeh a mbréiṫeaṁnus leis an ngeinealaċso, agus daimneoċaid síad é: óir do rinneadarsan aiṫriġ ag seanmoir Iónas; agus, féuċ, a tá neaċ is mó ná Iónas ann so.

42 Eíreoċuiḋ bainríoġan an táoiḃe buḋ ḋead a mbreiṫeaṁnus leis an ngeinealaċso, agus daimnéoċuiḋ sí é: óir ṫainic sisí ó leiṫimealuiḃ na talṁan déisdeaċd re heagna Ṡolaiṁ; agus, féuċ, a tá neaċ as mó ná Solaṁ ann so.

43 Tar eís dul don spioraid neaṁġlain as an duine amaċ, síoḃluiḋ se ṫrí ionadaiḃ tíorma, ag iárraiḋ suáiṁnis, agus ní ḟaġann é.

44 A deir sé an tansin, Fillfiḋ mé do ṫiġ, as a ttainic mé; agus tar éis teaċda ḋó, do ġeiḃ sé foluṁ, sgúabṫa, deaġṁaiseaċ é.

45 Imṫiġiḋ sé an tansin, agus do ḃeir sé seaċd spioraide eile is measa ná é féin leis, agus ar ndul a sdeaċ áitriġid síad ann sin: agus is measa críoċ ḋeiġeanaċ an duine úd ná a ṫosaċ. Agus is mar sin teigeaṁas don droiċġeinealaċso.

46 Agus ar mbeiṫ ḋó fós ag laḃairt ris an bpubal, féuċ, do ṡeasadar a ṁaṫair, agus a ḋearḃraiṫreaċa a muiġ, ag íarraiḋ laḃarṫa ris.

47 Agus a duḃairt neaċ eigin ris, Féuċ, a tá do ṁaṫair agus do ḋearḃraiṫreaċa na seasaṁ a muiġ, ag íarraiḋ laḃarṫa riot.

48 Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé ris an té do innis so ḋó, Cía hí mo ṁaṫair? agus cía hiad mo ḋearḃraiṫreaċa?

49 Agus síneaḋ a láiṁe ċum a deisciobal dó, á duḃairt sé, Féuċ mo ṁaṫairsi agus mo ḋearḃraiṫreaċa!

50 Oír gioḋ be neaċ do ḋéanaiḋ toil Maṫarsa a tá air neaṁ, a sé so mo ḋearḃraṫairsi, agus mo ḋeirḃṡíur, agus mo ṁaṫair.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan