Maitiú 11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XI Teaċdaireaċt Eoin go Hiosa, 20 agus searmoin ṡearḃ do ḋaoiniḃ doiṫeagaisc, 28 aċd muirneaċ, do nuirisiol, uṁal. 1 Agus tárla, a núair da ċrioċnuiġ Iósa aiṫeanta do ṫaḃairt dá ḋá ḋeisgiobal déug, gur imṫiġ sé as sin do ṡeanmóir agus do ṫeagasg ann a gcaiṫreaċuiḃ súd. 2 Anois an tan do ċúalaiġ Eóin ann sa ṗriósún gníoṁarṫa Ċríosd, ar gcur deisi dá ḋeisgiobluiḃ úaḋ, 3 A duḃair sé ris, An tusa an té ús do ḃí réd aṫarraċ? 4 Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé ríu, Imṫiġiḋ agus innisiġ Déoin na neiṫe do ċluinntí agus ċiṫí: 5 Do ġeiḃid na doill a raḋarc, agus sioḃluid na bacaiġ, glantar na loḃair, agus do ċluinid na boḋair, dúisgṫear na máirḃ, agus a tá an soisgéul da ṡeanmóir do na boċdaiḃ. 6 Agus is beannuiġṫe an té, naċ ḃfuiġe scannail ionnamsa. 7 Agus air nimṫeaċd dóiḃsion, do ṫionnsgain Iósa teaċd ṫar Eóin ris ata gcoiṁṫionól, ag ráḋ, Créd é an ní agá ndeaċaḃair a maċ fan ḟásaċ dá ḟéaċain? An giolcaċ dá ḃogaḋ ag an ngáoiṫ? 8 Aċd créd é an ní agá ndeaċaḃair a maċ dá ḟéuċuin? Duine a tá ar na éaduġaḋ re héaduiġiḃ mine? féuċ, an ṁuinntir ċuireas éaduiġe mine iompa is a dtiġṫiḃ na rioġeaḋ ḃíd síad. 9 Aċd créd é an ní ag a ndeaċaḃair a maċ da ḟéuċain? Fáiḋ? a deirim riḃ go deiṁin, an ní as mó ná fáiḋ. 10 Oir a sé so an té, air a sgrioḃṫar, Féuċ, cuirimsi mo ṫeaċdaire roṁad, neaċ uillṁéoċas do ṡliġe roṁad. 11 A deirim riḃ go fírinneaċ, Naċ ar eirġiḋ eidir ċlannaiḃ na mban neaċ is mó ná Eoin Baisde: aċ ċeana gioḋ bé is luġa ann sa rioġaċd neaṁḋa is mo é ná eisean. 12 Agus ó láeṫiḃ Eóin Baisde gus a nois a tá foiréigean dá ḋéanaṁ ar an rioġaċd neaṁḋa, agus fúaduiġid luċd ḟoiréigin í. 13 Oír do rinneadar na fáiġe uile agus an dliġeaḋ fáiġeadóireaċd go Héoin. 14 Agus mas toil liḃ a ġaḃáil, sé so Elias, do ḃí ċum teaċda. 15 Gioḋ bé agá ḃfuil clúasa ċum éisdeaċda, eisdeaḋ sé. 16 Aċd cía lé a saṁleóċuiḋ mé an geinealaċso? Is cosṁáil é ré garlaċuiḃ ṡuiġeas ar na marguiḋiḃ, agus eiṁġeas ar a gcompánaċuiḃ, 17 Agus a deir, Do rinneamar céol ḋáoiḃ, agus ní ḋearnáḃair dáṁsa; do ċáoineamar ḋáoiḃ, agus ní ḋearnáḃair gul. 18 Oír ṫáinic Eóin ní ag iṫe ná ag ól, agus a deirid síad, A tá deaṁan ann. 19 Ṫáinic Mac an duine ag iṫe agus ag ól, agus a deirid, Féuċ an duine cráosaċ, agus pótaire fíona, cara na bpuibliocánaċ agus na bpeacṫaċ. Giḋeaḋ a tá an ġliocas ar na sáoraḋ ó na cloinn féin. 20 Do ṫionnsgain sé an tansin milleán do ṫaḃairt do na caṫraċaiḃ ann ar foillsiġeaḋ mórán dá ṡuḃailciḋiḃ, ar son naċ dearnadar aiṫríġe: 21 Is anáoiḃinn ḋuit, a Ċorasin! Is anáoiḃinn duit, a Ḃetsáida! Óir da maḋ a Ttírus agus a Sídon, do ḋéantuiḋe na miorḃuile, do rinneaḋ ionnaiḃsi, is fada ó ṡoin do ḋéindís aiṫriġe a néadaċ róin agus a lúaiṫ. 22 Aċd ċeana a deirimsi riḃ, Go maḋ socaṁluiġe do Ṫírus agus do Ṡídon a ló an ḃreiṫeaṁnus, na ḋáoiḃsi. 23 Agus tusa, a Ċapernáum, a tá ar do ṫógḃáil súas go neaṁ, téilgfiḋṫear síos go hifrionn ṫú: óir dá maḋ a measg luċd Ṡodoim do ḋéantuiḋe na míorḃuile, do rinneaḋ ionnadsa, do anfaidis gan sgrios gus a níu. 24 Aċd ċeana a deirimsi riḃ, Go maḋ socaṁluiġe do ḋúṫaiḋ luċd Ṡodoim a ló a ḃreiṫeaṁnuis, ná ḋuitsi. 25 Do ḟreagair Iósa a nuáirsin agus a duḃairt sé, Do ḃeirim buiḋeaċas ḋuit, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, ar son gur ḟoluiġ tú ná neiṫese ó ḋáoniḃ eagnuiḋe agus tuigseanaċa, agus gur noċt tú íad do leanbaiḃ. 26 A seaḋ, Aṫair: do ḃríġ gur ab mar sin do ḃí do ḋeaġṫoilse. 27 A tá gaċ uile ní ar na ṫaḃairt ḋaṁsa ó Máṫair: agus ní háiṫniḋ déinneaċ an Mac, aċd do Náṫair; agus ní báiṫniḋ deinneaċ an Taṫair, aċd don Ṁac, agus dá gaċ áon dár ab áill leis an Mac a ḟoillsiuġaḋ. 28 Tigiḋ ċugamsa, uile a ḃfuiltí tuirseaċ agus fá anúalaċ trom, agus do ḃéaraiḋ mé fúaraḋ ḋáoiḃ. 29 Tógḃuiḋ mo ċuingsi oraiḃ, agus foġlamuiġ úaim; óir a táim ceannsaiġe agus úṁal a gcroiḋe: agus do ġeaḃṫáoi súaiṁneas dá ḃur nanmaiḃ. 30 Oir a tá mo ċuingsi sóiomċuir, agus a tá múalaċ éadtrom. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society