Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil I Sinsiorraċd, 18 geineaṁuin, 21 agus miniuġadṫ ainm Ċriosd.

1 Leaḃar ġeinealuiġ Iósa Críosd, ṁic Ḋaiḃi, ṁic Abraham.

2 Do ġein Abraham Isaac; agus do ġein Isaac Iacob; agus do ġein Iacob Iúdas agus a ḋearḃráiṫre;

3 Agus do ġein Iúdas Ṗáres agus Sára ó Ṫamar; agus do ġein Ṗáres Esrom; agus do ġein Esrom Aram;

4 Agus do ġein Aram Aminadab; agus do ġein Aminadab Náason; agus do ġein Náason Salmon;

5 Agus do ġein Salmon Boos ó Raċab; agus do ġein Boos Obed ó Rút; agus do ġein Obed Iesse;

6 Agus do ġein Iesse Dáiḃi an rí; agus do ġein Dáiḃi an ri Solomon on mnáoi do ḃi ag Urías;

7 Agus do ġein Solomon Robóam; agus do ġein Robóam Abía; agus do ġein Abía Asa;

8 Agus do ġein Asa Iósaṗat; agus do ġein Iósaṗat Ióram; agus do ġein Ióram Osías

9 Agus do ġein Osías Ióatam; agus do ġein Ióatam Aċas; agus do ġein Aċas Eseċias

10 Agus do ġein Eseċías Manasses; agus do ġein Manasses Amon; agus do ġein Amon Iosías;

11 Agus do ġein Iosías Ieċonías agus a ḋearḃráiṫre, ag bruid na Babilóine.

12 Agus tar éis bruide na Babilóne, do ġein Ieċonias Salatiel; agus do ġein Salatiel Sorobabel

13 Agus do ġein Sorobabel Abiúd, agus do ġein Abiúd Eliaċim; agus do ġein Eliáċim Asor;

14 Agus do ġei Asor Sádoc; agus do ġein Sádoc Aċim; agus do ġein Aċim Eliúd;

15 Agus do ġein Eliúd Eleasar; agus do ġein Eleasar Mátan; agus do ġein Mátan Iácob;

16 Agus do ġein Iácob Ióseṗ fear Ṁuire, as ar geineaḋ Iósa, da ngoirṫear Críosd.

17 Uime sin a nuile ġeinealaċ ó Abraham go Dáiḃi is ceiṫre ġeinealaċ dég iad; agus ó Ḋáiḃi go bruid na Babilóne ceiṫre glúine dég; agus ó ḃruide na Babilóne go Ċríosd ceiṫre glúine dég.

18 Agus is mar so do ḃí geineaṁuin Iosa Ċríosd: Oir tar éis daingin do ṫaḃairt eidir a ṁaṫair Muire agus Ioséṗ, ní is táosga na ṫangadar a ngar dá ċeile fríoṫ torraċ í ón Spiorad Náoṁ.

19 Aċd ar mbeiṫ do Ióseṗ a fear, na ḋuine coṁṫrum, agus nár ḃáill leis isiompláir do ḋéanaṁ ḋi, bá mían ris a cur úaḋ ós íseall

20 Agus ag smúaineaḋ na neiṫise ḋó féuċ, do ḟoillsiġ aingeall an Tiġearna e féin dó a naisling, ag ráḋ, A Ióseṗ, ṁic Ḋáiḃi, na bíoḋ eagla ort do ḃean fein Muire do ġaḃáil ċugad; oir an ni atá ar na ġeineaṁuin innte is ón Spiorad Náoṁ é.

21 Agus béaruiḋ sí mac, agus do ḃéaruiḋ tú Iosa dainm air: óir sláineoċaḋ sé a ṗubal féin ó na bpeacuiġiḃ.

22 Agus do rinneaḋ so uile, do ċum go gcoiṁlíonfuiġṫe an ní a duḃairt an Tiġearna tres an ḃfaiḋ, ag ráḋ,

23 Taḃair dod aire, bíaiḋ maiġdean tórraċ, agus bearuiḋ sí mac, agus do ḃéaruiḋ tú Emmanuel dainm air, noċ ar na ṁiniuġaḋ, iseaḋ, Día maille rinn.

24 Agus ar músglaḋ do Ióseṗ as a ċodlaḋ do rinne sé mar do aiṫin aingeal an Tiġearna ḋe, agus do ġaḃ sé ċuide a ḃean:

25 Agus nior aiṫin sé í no go rug sí a céudṁac: agus tug sé Iosa dainm air.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan