Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VIII Na mna do ċaiṫ a maóin re Criosd, 4 le cosaṁlaċt um an tsíoladoir, 22 agus mirḃuileaḋ Iósa Ṁic Dé.

1 Agus tárla na ḋiáiġ so, gur ṡioḃuil seisean tré gaċ caṫair, agus gaċ baile, ag seanmóruġaḋ, agus ag siosgéuluġaḋ ríoġaċda Dé: agus an dá ḟear ḋég na ḟoċair,

2 Agus mná áiriġe, do leiġeasaḋ ó ḋroiċspioraduiḃ agus ó easláintiḃ, Muire dá ngoirṫí Ṁagdalén, as a ndeaċadar seaċd ndeaṁain,

3 Agus Ioanna bean Ċúsa feadmannuiġ Iorúaiṫ, agus Susanna, agus mórán eile, do ċaiṫ risean dá máoin féin.

4 Agus an tan do ċruinniġ buiḋean ṁórr, agus trangadar as gaċ uile ċaṫruiġ ċuigesion, do laḃair sé a gcosaṁlaċd riú:

5 Do ċúaiḋ síoladóir áiriġe amaċ do ċur a ṡíl féin: agus ag cur an tsíl do, do ṫuit cuid de ċois na sliġeaḋ; agus ag cur an tsíl dó, do ṫuit cuid de ċois na sliġeaḋ; agus do bruġaḋ fá ċosaiḃ dáoine é, agus diṫadar énlaiṫ a naiéir é.

6 Agus do ṫuit cuid eile ar ċarraic; agus ar ḃás dó, do ṡearg sé, do ḃríġ naċ raiḃ taisleaċ aige.

7 Agus do ṫuit cuid eile a measg deilguiġ; agus ar ḃfas don deilgneaċ a náoinḟeaċd ris, do ṫaċdadar é.

8 Agus do ṫuit cuid eile a dtalaṁ ṁaiṫ, agus an tan do ḟás sé, tug sé toraḋ céadaċ úaḋ. Agus ar na ráḋ so ḋó, do éiġ sé, Giḋ be agá ḃfuilid clúasa ċum éisdeaċda, éisdeaḋ sé.

9 Agus do ḟiáfruiġeadar a ḋeisciobuil de, ag ráḋ, Créd é an ċosaṁaċdsin?

10 Agus a duḃairt seisean, Is dáoiḃsi tugaḋ rúndiaṁra rioġaċda Dé daiṫniuġaḋ: aċd do ċáċ eile a ccosaṁlaċduiḃ; ionnus ag faicsin dóiḃ naċ ḃfaicdís, agus ag cluinsin dóiḃ naċ dtuigfidís.

11 Ag so an ċosaṁlaċd: a sé an síol bríaṫar Dé.

12 Agus an dream úd ċois na sliġeaḋ a siad éisdeas; na ḋiáiġ sin tig an díaḃal, agus tógḃuiḋ sé an ḃriáṫar as a gcróiḋe, deagla go gcreidfidís agus go slánéoċṫáoi iád.

13 Agus an dream úd air an gcarruic, noċ an tan do ċluinid, gaḃuid ċuca an briaṫar maille lé gáirdeaċus; aċd ní ḃfuil fréaṁ aca so, noċ ċreideas feaḋ tamuill, agus ḟilleas ar a nais a naimsir an ċaṫaigṫe.

14 Aċd an ní úd do ṫuit a measg na ndeilbneaċ, a siad so do éisd, aċd ar nimṫeaċd dóiḃ, muċtar íad lé cúram agus lé saiḋḃreas agus lé saíṁe na beaṫa, agus ní ṫaḃruid toraḋ úaṫa.

15 Aċd an ní do ṫuit ann sa talaṁ ṁaiṫ, a síad súd éisdeas ris an mbreiṫir, agus ċungṁas é a gcroiḋe ṡocraiḋ ṁaiṫ, agus do ḃeirid toraḋ úaṫa a ḃfoiġid.

16 Aċd ní ḃfuil neaċ ar biṫ, lasas coinneall, ḟolċas fáoi ṡouiġṫeaċ í, ná ċuireas fáoi leabuiḋ í; aċd cuiriḋ sé a gcoinnleóir í, do ċum go ḃfaicḟeaḋ an luċd ṫéid a sdeaċ an solas.

17 Oír ní ḃfuil éin ní foluiġṫeaċ, naċ déuntar follas; na secréideaċ, naċ ḃfuiġṫear a ḟios agus naċ dtiocfaiḋ ċum soillsi.

18 Ar a naḋḃarsin taḃruiḋ ḃur naire riḃ cionnas éisdeas siḃ: óir giḋ be neaċ agá ḃfuil, is dó do ḃéarṫar; agus giḋ bé neaċ ag naċ ḃfuil, béarṫar úaḋ an ní fós ṡáoiltear do ḃeiṫ aige.

19 Agus tangadar a ṁaṫair agus a ḋearḃraiṫreaċa ċuige, agus níor ḃéidir leó dul a ngar ḋósan ón tslúaġ.

20 Agus so hinniseaḋ ḋó, ag ráḋ, Atá do ṁaṫair agus do ḋearḃraiṫreaċa na seasaṁ a muiġ, ag iarruiḋ tfáicsin.

21 Agus are ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé riu, a siad so mo ṁaṫairse agus mo ḋearḃráiṫreaċa noċ éisdeas bríaṫar Dé, agus do ní dá réir.

22 Agus tárla lá áiriġe, go ndeaċaiḋ seisean agus a ḋeisciobuil a luing: agus a dubḃart sé riú, Déanam ar an táoḃ úd a nunn don loċ. Agus do sdiúradar rompa.

23 Agus ag luingseóraċd dóiḃ do ṫuit a ċodlaḋ airsean: agus do éiriġ sdoirmġáoiṫe ar an loċ; agus do líonaḋ súas íad, agus do ḃádar a ngáḃaḋ.

24 Agus ar ndol cuigesean dóiḃ, do ḋúisgeadar é, ag ráḋ, A Ṁaiġisdir, a ṁaiġisdir, a támaoid ar fágḃáil. Agus ar neirġe ḋósan do ḃagair sé ar an gaoiṫ agus ar ṫonnġail a nuisge: agus do ċoisgeadar, agus tainic ciuinas ann.

25 Agus a duḃairt sé ríu, Cáit an a ḃfuil ḃar gcreideaṁ? agus ar mbeiṫ le heagla ḋóiḃsion do ġaḃ iongnaḋ íad, ag ráḋ ré ċéile, Cia be so! a deir ris na gáoṫaiḃ agus ris a nuisge fós ḃeiṫ na dtoċd, agus úṁluiġid síad dó.

26 Agus do rinneader loingscóraċd go criċ na Ngadarénaċ, atá as coṁair na Galilé a nunn.

27 Agus ar ndol a dtír ḋósan, tárla óglaċ áiriġe as an gcaṫruiġ air, ann a raḃadar deaṁuin re haimsir ḟada, agus ag naċ bíoḋ éadaċ uime, agus ní coṁnuiġeaḋ sé a dtiġ, aċd an sna tuámaiḋiḃ.

28 Agus ag faicsin Iósa ḋó, agus ag éiġṁe, do ṫeilg sé é féin siós aga ċosaiḃ, agus a duḃairt sé do ġuṫ ard, Créd é mo ċuidsi ḋiót, a Iósa, a Ṁic Dé ro áird? Iarruim ort, gan mo ṗiánaḋ.

29 Oir do aiṫin sé don spiorad neaṁġlan dol as an duine. Oír is iomḋa uáir do ḃeireaḋ sé sioṫaḋ air: agus do ċeangluiḋ le slaḃraiḋiḃ agus do coiṁéaduiḃ le géiṁleaċuiḃ é; agus ar mbriseaḋ na gcuiḃreaċ ḋósan, do ṫiománaḋ an deaṁan fá na fasaiġiḃ e.

30 Agus dfiafruiḋ Iósa ḋé, ag ráḋ, Créd is ainm ḋuit? Agus a duḃairt seision, Leiġión: do bríġ go ndeaċádar mórán deaṁan a sdeaċ ann.

31 Agus diárradar air gan a ċur dfiaċaiḃ orṫa dul ann sa duḃaigen.

32 Agus so ḃí tréd mór muc ann sin ag inġilt ar a tslíaḃ: agus diárradar air a léigean doiḃ dul ionnta. Agus dfulaing seísion sin dóiḃ.

33 Agus ar ndul do na deaṁnuiḃ as an duine, do ċúadar ann sna mucaiḃ: agus do riṫ an tréd muc ris a nail ann sa loċ, agus do múċaḋ iád.

34 Agus an traṫ do ċunncadar a háoḋairiḋe an ní do rinneaḋ an, do ṫeiṫeadar, agus ar nimṫeaċd dóiḃ dinnseador sin ann sa ċatruiġ agus ar na maċairiḃ.

35 Agus do ċúadarsan amaċ dféaċain an neiṫ do rinneaḋ; agus tangadar dionnsuiġe Iósa, agus fúaradar an duine, as a ndeaċadar na deaṁuin, a na éaduġaḋ, agus é ar deaġċeill, na ṡuiḋe ag cosaiḃ Iósa: agus go ġaḃ eagla íad.

36 Agus an dream do ḃí ḋá ḟéaċain dinnsiġeadar ḋóibsion cionnas do slánaiġeaḋ an tí iona raḃadar na deaṁuin.

37 Agus diárradar luċd ċríċe na Ngadarenaċ uile airsion imṫeaċd úaṫa; oír do ḃí eagla ro ṁór orrṫa: agus ar ndol dósan ann sa luing, dfill sé tar ais.

38 Agus díarr an fear as a ndeaċadar na deaṁuin air, é fein do ḃeiṫ na ḟoċair: aċd léig Iósa úaḋ é, ag ráḋ,

39 Fill dod ṫiġ féin, agus innis meúd na neiṫeann do rinne Día ḋuit. Agus do imṫiġ seision, ar feaḋ na caiṫreaċ uile ag innisin créd íad na neiṫe do rinne Iósa ḋó.

40 Agus tárla, an tan do ḟill Iósa tar ais gur ġaḃ an sluaġ ċuca é: óir do ḃádar uile ag feiṫeaṁ ris.

41 Agus, féuċ, táinic neaċ áiriġe dar ḃainm Iáirus, do ḃí na úaċdarán ar a tsinagóig: agus an tan do ṡléuċd sé ag cosaiḃ Iósa, diárr sé daṫċuinġiḋ air dul leis dá ṫiġ féin:

42 Do ḃríġ go raiḃ éinġein inġine aige, timċeall a dá ḃliaḋan dég, agus í faġáil ḃais. Aċd ar mbeiṫ ag imṫeaċd ḋó do ḃí an sluaġ ḋa ḃruġaḋ.

43 Agus bean do ḃí a ḃflucsa fola dá ḃliaḋuin dég, agus do ċaiṫ a raiḃ aice le leaġaiḃ, agus nar béidir le héinneaċ a leiġeas,

44 Do ċúaiḋ sí táoḃ ṡíar ḋeision, agus do ċumail sí ré himeal a ḃruit: agus do sguir a dórtaḋ fola ar an mball.

45 Agus a duḃairt Iósa, Cía so do ḃean rium? Agus ar na ṡéana do ċáċ uile, a duḃairt Peadar agus an dream do ḃí na ḟarraiḋ, A Ṁaiġisdir, atá an slúaġ ad ḃruġaḋ agus ad ṗluċaḋ, agus a nabair tú, Cía ḃean rium?

46 Agus a duḃairt Iósa, Do ḃean duine éigin riom: oír do ṁoṫuiġ mé suḃailce dul asam.

47 Agus an tráṫ do ċonnairc an ḃean gur hairiġeaḋ í, táinic si ar criṫ, agus ag sléuċdain dósan, dfoillsiġ sí ḋó a ḃriaḋnaisi an ṗobuil uíle créd é an táḋḃar far ċumail sí ris, agus cionnus do leiġeasaḋ í ar an mball.

48 Agus a duḃairt seisean ría, Bíoḋ mainiġin ṁaiṫ agad, a inġean: do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú; imṫiġ roṁad a sióṫċáin.

49 An feaḋ do ḃí seision ag laḃairt, táinic neaċ áirige ó úaċdarán na sinagóige, da ráḋ ris, Fúair binġean bás; ná cuir buaiḋreaḋ ar an Ṁaġisdir.

50 Agus ar na ċluinsin so Díosa, do ḟreagair sé é, ag ráḋ, Na bíoḋ eagla ort: créid aṁain, agus sláineóċṫar í.

51 Agus ar ndul a sdeaċ don tiġ ḋó, níor ḟuiling sé neaċ ar biṫ do ḋul a sdeaċ, aċd Peadar, agus Séumus, agus Eóin, agus aṫair agus maṫair an ċailín.

52 Agus do ḃádar cáċ uile a gul, agus dá cáoineaḋsa: aċd a duḃairt seision, Ná guiliḋ; ní ḃfuil sí marḃ, aċd na codlaḋ.

53 Agus do rinneadarsan fonoṁad faoi, tré go raiḃ a ḟios aca go raiḃ sí marḃ.

54 Agus ag cur ċáiċ uile amaċ ḋósan, agus ad breiṫ ar a láiṁ, do éiġ sé, ag ráḋ, A ċalín, éiriġ.

55 Agus táinic a spiorad a rís innte, agus déiriġ sí ar an mball: agus do aiṫin sé bíaḋ do ṫaḃairt dí.

56 Agus do ġaḃ úaṫḃás a haṫair agus a maṫair: giḋeaḋ do áiṫin seision díoḃ gan an ní do rinneaḋ dinnísin do ḋuine ar biṫ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan