Lúcas 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VII Sáruiġṫe an caiptin pagnnaċ na Hiuduiġe a ccreideaṁ. 36 Bí Criosd na ċaraid don ṗeacṫaċ úirisil. 1 Agus an tráṫ do ċríoċnuiġ sé a ḃríaṫra uile a néisdeaċd an ṗobail, do ċúaiḋ sé a sdeaċ go Capernáum. 2 Agus do ḃí óglaċ caiptin áiriġe, go bréoite, a rioċd ḃáis, air a raiḃ cion mór aige. 3 Agus an tan do ċúaluiḋ sé tuarasgḃáil Iósa, do ċuir sé sinnsir na Níuduiġe ċuge, ag íarruiḋ air teaċd agus a ṡearḃḟoġantuiḋe ṡlánuġaḋ 4 Agus an tan ṫangadar so ċum Iósa, díarradar air go díṫċeallaċ, ag ráḋ, Gur ḃfíu é so do ṫaḃuirt dó: 5 Oír atá gráḋ áige dar gcineaḋne, agus do ṫóg sé sionagóg ḋúinne. 6 Agus do ċuaiḋ Iósa léo. Agus an tan do ḃí sé a ngar don tiġ, do ċuir an caiptín a ċáirde ċuige, ag ráḋ ris, A Ṫiġearna, Ná cuir búaiḋreaḋ ort féin: óir ní fíu misi go raċfá a sdeaċ fá ċléiṫ mo ṫiġe: 7 Ar a naḋḃarsin níor ṁeas mé gur ḃfíu mé féin dul ad ionnsuiġe: aċd aḃuir a ḃfocal, agus bíaiḋ móglaċ slán. 8 Oír as duine misi féin atá faoi ċuṁaċdiaḃ. Aga ḃfuilid saiġdíuiriġ fum, agus a deirim ris an ḃfearso, Imṫiġ, agus imṫiġe sé; agus ré fear eíle, Tárr, agus ṫiġ sé; 9 Agus ar ná gcloisdin so Díosa, do ḃí iongnaḋ aige ann, agus ar ḃfilleaḋ ḋó, a duḃairt sé ris a tslúaġ do lean é, A deirim riḃ, Naċ ḃfuair mé a Nisrael féin, a ċoṁmór se do ċreideaṁ. 10 Agus ar ḃfilleaḋ a steaċ, do na teaċduiriḃ do cuireaḋ ċuige, fúaradar an searċḟoġantaiḋ do ḃí tinn slán. 11 Agus tárla an lá na ḋiáiġ sin, go ndeaċaiḋ sé don ċaṫruiġ dá ngoirṫear Náin; agus do ċúadar mórán dá ḋeisciobluiḃ leis, agus buiḋean ṁór. 12 Agus an tan ṫáinig sé a ngar do ḋoras na caiṫreaċ, féuċ, do ḃí duine marḃ agá ḃreiṫ amaċ, do ḃí na áon ṁac agá ṁáṫair, agus í na baintreaḃaiġ; agus do ḃí coiṁṫionól mór ón ċaṫruiġ na foċair. 13 Agus ar na faicsin don Tiġearna, do ġaḃ trúaiġe ṁór ḋi é, agus a duḃairt sé ría, Na guil. 14 Agus táinic sé agus do ḃean sé ris an gcoṁraiḋ: (agus do ṡeasadar an luċd do ḃí agá iomċar) agus a duḃairt sé; A ógánaiġ, a deirim riot, éiriġ. 15 Agus déiriġ an duine marḃ na ṡuiḋe, agus do ṫionnsgain sé laḃairt. Agus tug sé ḋá ṁáṫair féin é. 16 Agus do ġaḃ eagla íad uile: agus tugadar glóir do Ḋía, ag ráḋ, Déirġe fáiḋ mór an ar measg; agus, Dféuċ Día ar a ṗobal féin. 17 Agus do ċúaiḋ an túarasgḃáil so amaċ air féaḋ ṫíre Iúdaiġe uile, agus air feaḋ gaċ éintíre timċeall. 18 Agus dinnseadar a ḋeisciobail na neiṫe so uile Déoin. 19 Agus are ngairm Deóin deisi áiriġe dá ḋeisciobluiḃ ċuige do ċuir sé dionsuiġe Iósa íad, ag ráḋ, An tusa an té do ḃí ċum teaċda? nó an ḃfuilmid ag feaṫaṁ ré neaċ eile? 20 Agus an tan ṫangadar na firsi ṡuigesean, a duḃradar, Do ċuir Eóin Baisde sinne ċugad, ag ráḋ, An tusa an té do ḃí ċum teaċda? nó an ḃfuilmid ag feaṫaṁ ré neaċ eile? 21 Agus ar an uár sin fein do ċlánuiġ seisean mórán dáoine ó easláintiḃ agus ó ṗláiġiḃ, agus ó ḋroċ spioraduiḃ; agus ṫug sé á raḋarc do ṁórán dall. 22 Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé ríu, Ar nimṫeaċd díḃ, innisiḋ Deóin na neiṫe do ċonncaḃair agus do ċúalaḃair; go ḃfaicid na daill, go siuḃlaíd na bacuiḋ, go nglantar na loḃair, go gċimid na boḋair, go néirġid na mairḃ, go ḃfuil an soisgéul dá ṡeanmóir do na boċdaiḃ. 23 Agus as beannaiġṫe an té, naċ ḃfuiġe oilḃéim ionnumsa. 24 Agus an tráṫ do imṫiġeadar teaċdairiġe Eóin, do ṫionnsgoin seison a ráḋ ris an bpobal a dtimċeall Eóin, Créud é an ní agá ndeaċaḃair ḋá ḟéuċain amaċ ar an ḃfásaċ? An giolcaċ ar na ḃogaḋ ag an ngaoiṫ? 25 Aċd créud é an ní agá ndeaċaḃair amaċ dá Ċéuċuin? Duine atá ar na éuduġaḋ a néuduiġiḃ mine? Féuċ, an luċd ḃíos a néudaiġiḃ onóraċa, agus a saiṁe, is a bpálásuiḃ na ríoġ ḃíd síad. 26 Aċd créd é an ní agá ndeaċuḃair amaċ ḋá ḟéuċuin? Fáiḋ? A deirim riḃ go firinneaċ, agus ní as mó ná faiḋ. 27 Ag so an te, ar a ḃfuil sgríoḃṫa, Féuċ, cuirim mo ṫeaċdaire roṁad, oillṁéoċus do ṡliġe roṁad. 28 Oir a deirim riḃ, Naċ ḃfuil éidir ċlannuiḃ na mban faiḋ as mó ná Eóin Baisde: Aċd ċeana an té as luġa a rioġaċd Dé as mó é na eisean. 29 Agus ar na gcloisdin so, do ṁoladar an pobal uile, agus na puibliocáin, Día, do ḃí ar na ṁaisdeaḋ ré baisdeaḋ Eóin. 30 Aċd ṫugadar na Ṗairsíniġ agus an luċd dliġe tarcuisne ar ċoṁairle Dé na naġuíḋ féin, gan a ḃeiṫ ar na ṁaisdeaġ úaḋsan. 31 Agus a duḃairt an Tiġearna, Cía ré saiṁéola mé daóine an ċiniḋ so? agus cía ré ar comṡuil íad? 32 As cosṁul íad re leanbuiḃ na suiḋe ar áit an ṁarguiḋ, agus éiġṁeas ar á ċéile, agus a deir: Dó rinneamair píobaireaċd ḋaóiḃ, agus ní ḋearnaḃair daṁsa; do rinneamair caoí ḋaóiḃ, agus ní ḋearnaḃair gul. 33 Oír ṫáinig Eóin Baisde ní ag iṫe aráin ná ag ol fíona; agus a deirṫísi, Atá deaṁan ann. 34 Ṫáinic Mac an duine ag iṫe agus ag ól; agus a deirṫí, Feuċ an duine cráosaċ, fioníoḃaiġe cara na bpuibliocán agus na bpeaċṫaċ! 35 Aċd atá an eagna ar na sáoraḋ ó na cloinn féin uile. 36 Agus do íarr duine áiriġe do na ṗairisíneaċaiḃ air, bíaḋ iṫe na ḟoċair. Agus ar ndul a sdeaċ go tiġ an ṗairisíniġ ḋó, do ṡuiḋ sé sios ċum bíḋ. 37 Agus, féuċ, an tráṫ fúair bean don ċatbraiġ, do ḃí na peaċṫaċ, a ḟios go raiḃ sé na ṡuiḋe ag bíaḋ a dtíġ an ṗairisiniġ, tug si bocsa ola lé, 38 Agus ar seasaṁ agá ċosuiḃ don táoḃ ṡiar ḋe ag gul, do ṫionnsgain sí a ċosa dionnlaḋ lé na déuruiḃ, agus a dtiurmuġaḋ lé gruáig a cinn, agus do ṗóg sí a ċosa, agus do ong sí leis an ola íad. 39 Agus an tan do ċonnaire an ṗairisineaċ tug an cuirteaḋ ḋósan sin, smuáin sé na inntinn, ag ráḋ, Dá maḋ fáiḋ an fearso, daiṫnéoċaḋ sé cía agus gá bionnus an ḃeanso ḃeanus ris, óir as peacṫaċ í. 40 Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé rís, A Ṡiomóin, atá ní agam ré ráḋ riot. Agus a duḃairt seision, A Ṁaiġisdir, abuir roṁad. 41 Do ḃádar días dfeiṫeaṁnuiḃ ag fear áirligṫe: do ḋliġ sé cúig ċéad piġinn dfior aca, agus cáogad don dara fear. 42 Agus an tráṫ naċ raiḃ díolaiġeaċd ag ceaċdar díoḃ ré na ṫaḃairt dó, do ṁaiṫ sé ḋóiḃ aráon. Uime sin ínnis daṁsa, cia aca léir ab annsa é? 43 Agus ar ḃfreagra do Ṡímón a duḃairt sé, Measuim gur leis an té, dár ṁaiṫ sé an tsuim as mó Agus a duḃairt seision is, As maiṫ an ḃreaṫ rug tú. 44 Agus ar ḃfilleaḋ ḋó ċum na mná, a duḃairt sé ré Síomón, An ḃfaicean tú an ḃean so? ṫáinic misi a sdeaċ dod ṫiġsi agus ní ṫug tú uisgi ċum mo ċos díonlaḋ: aċd do niġ an ḃean so mo ċosa le na déuruiḃ, agus dé ṫiormuiġ sí íad le grúaig a cinn. 45 Ní ṫug tusa póg ḋaṁ: aċd ó ṫáinig mé a sdeaċ níor ċoisg sisi do ṗógaḋ mo ċos. 46 Níor ong tú mo ċeann lé hola: aċd do ong an ḃean so mo ċosa ré huinnement. 47 Ar a naḋḃarsin a deirim riot, Go ḃfuilid a hiomad peacaiḋ, ar na maiṫeaṁ ḋi; air sin as mór a gráḋeas sí. Aċd giḋ bé dá maiṫtear beagan as beag gráḋuiġeas sé. 48 Agus a duḃairt sé ría, Atáid do ṗeacuiḋ ar na maiṫeaṁ ḋuit. 49 Agus do ṫionnsgnadar an lion do ḃí na suiḋe na ḟoċair air an mbórd, a ráḋ ionnta féin, Cía an fear so ṁaiṫeas na peacuiḋ mar an gceadna? 50 Agus a duḃairt sé ris an mnáoi, Do ṡlánuiġ do ċréideaṁ ṫú; imṫiġ a síoṫċáin. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society