Lúcas 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil V Déis mirḃuilte an taċtair éisc, 10 do lean Siomon, Séumas agus Eóin, Criosd. 1 Agus tárla, an tau do ling an pobal air déisfeaċ ré bréiṫir Dé, gur ṡeas seision láiṁ ré loċ Ġenesaret, 2 Agus do ċonnairc sé ḋá luing do ḃí ar an loċ aċd do imṫiġeadar na híasgaireaḋa asda, agus do ḃíadar ag niġe a líontaḋ. 3 Agus ar ndul dósan a loing ḋíoḃ, do buḋ lé Símón, do íarr sé air dul beagán ón tír. Agus ar suiḋe ḋó do ṫeagaisg sé an pobal as an luing. 4 Agus mar do sguir sé do laḃairt, a duḃairt sé ré Símón, Déunuiġ roṁaiḃ ar an nduḃaigéun, agus leigiḋ sios ḃir líontaġ ċum gaḃála. 5 Agus ar ḃfreagra do Ṡímon a duḃairt sé ris, A Ṁaiġisdir, do ṫuirrsiġeamar sinn féin feaḋ na hoiḋċe uile, agus níor ġaḃamair éin ní: aċd ċeana ar do ḃreiṫir se cuirfe mé síos an líon. 6 Agus an tan do rinneadar so, do íaḋadar ar iomarċuiġ éisg: ionnus gur briseaḋ a líon. 7 Agus do sméideadar ar a gcompánaċuiḃ, do ḃí ann sa luing eile, do ċum go dtiocfaidis ċuca do ṫaḃairt ċunġnaṁ, ḋóiḃ. Agus ṫangadarsan, agus do líonadar an dá luing, ionnus go raḃadar a niunṁe a mbáiḋte. 8 Agus an tan do ċonnairc Símon Peadar so, do ṡléuċd sé ag giúiniḃ Iósa, ag ráḋ, Imṫiġ úaim a Ṫiġearna; óir is duine peacṫaċ mé. 9 Óir do ġaḃ eagla é féin, agus a raiḃ na ḟoċair uile, ar son na gaḃála éisg do ġaḃadar: 10 Agus mar an gcéadna Séumas, agus Eóin, clan Ṡebedei, do ḃí na gcompánaċuiḃ ag Simon. Agus a duḃairt Iósa ré Símon, Na bíoḋ eagla ort; as so a maċ bíaiḋ tú iasgaire ar ḋáoiniḃ. 11 Agus an tan tugadarsan a ienga ċum tire, ar ḃfagḃáil an uile neiṫer ḋóiḃ, do leanadar eisean. 12 Agus tárla, an tan do ḃí sé a ccaṫruiġ áiriġe, féuċ óglaċ lán do luḃra: agus ar ḃfaicsin Iósa ḋó do leig sé é féin síos ar aġaiḋ, agus do ġuiḋ sé é, a ráḋ, A Ṫiġearna, más toil leaċd é, is éidir leaċd misi do ġlanaḋ 13 Agus ar sineaḋ a láiṁe, do ḃean sé ris, ag raḋ, As toil: bí glan. Agus dfag an luḃra é ar an mball. 14 Agus do aiṫin sé ḋe gan a innisin do ḋuine ar biṫ: aċd imṫiġ, taisbéin ṫú féin don tsagart, agus íoḋbair ar son do ġlanta, mar do aiṫin Máoisi, mar ḟíaġnaisi ḋóiḃ. 15 Aċd is móide do leaṫnuiġe a ṫúarasġḃáil sin: agus do ċruinniġ slúaġ mór déisdeaċd ris, agus dfaġáil fóiríġne a dteinneas úaḋ. 16 Aċd do ċúaiḋ seisean fá leiṫ ar an ḃfasaċ, agus do rinne sé urnuiġe. 17 Agus tárla go raiḃ sé lá áiriġe, ag teagasg, agus go raḃadar na Ṗairisíniġ agus doctúirí an dliġe na suiḋe a láṫair, noċ ṫáinic as gaċ uile ḃaile don Ġalilé, agus do ṫir Iúdaiġe, agus ó Jerusaléim: agus do ḃí cuṁaċda an Tiġearna ċum a slánuiġṫe. 18 Agus, féuċ, do íomċradar dáoine a leabuiḋ oglaċ do ḃí a bpairilis: agus do íarradar a ṫaḃairt a sdeaċ, agus a ċur na ḟíaḋnuisisean. 19 Agus an tráṫ naċ ḃfuaradar cáoi ar a ṫaḃairt a sdeaċ tré ṁéud ná cuideaċda, do ċúadar súas ar a tiġ, agus do léigeadar é féin, agus a leabuiḋ sios tríd an slinnteaċ ar lár, a ḃfíaġnuisi Iósa. 20 Agus ar ḃfaicsin a gcreidiṁ ḋósan, a duḃairt sé ris, A ḋuine, a táid do ṗeacuiḋ ar na maiṫleaṁ ḋuit. 21 Agus ṫionnsgnadar na sgríobuiḋe agus na Ṗairisiniġ diosbóireaċd do ḋéanaṁ, ag ráḋ, Créd é an fearsa laḃras blaisṗéimiġe? Cía ḟeúdus peacuiġ do ṁaiṫeaṁ, aċd Día ná áonar? 22 Aċd ar naiṫne a smúaintiġe Díosa, do ḟreagair sé, agus a duḃairt sé ríu; Créd é an ní so smuaintiġṫísi an ḃur gcroiḋṫiḃ? 23 Cia is usa, a ráḋ, A táid do ṗeacuiḋ ar na maiṫeaṁ ḋuit; ná a ráḋ, Eiriġ agus sioḃail? 24 Aċd do ċum go mbeiṫ a ḟíos agaiḃ go ḃfuil cuṁaċda ag Mac an duine, peacuiḋ do ṁaiṫeaṁ ar an dtalaṁ, (a duḃairt sé ré fear na pairilisi,) A deirimsi riot, Eiriġ, tóg do leabuiḋ, agus imṫiġ dod ṫiġ. 25 Agus ar néirġe ḋósan ar an mball an a ḃfiaḋnuisi, do ṫóg an leabuiḋ an raiḃ sé na luiġe, agus do ċuaiḋ sé ḋá ṫiġ fein, ag moláḋ Dé. 26 Agus do ġaḃ úaṫḃás cáċ uile, agus do ṁoladar Día, agus do líonaḋ deagla íad, ag ráḋ, Do ċoncamair neiṫe doiċreidte a niuġ. 27 Agus tar éisi so do ċúaiḋ Iósa a maċ, agus do ċonnairc sé puibliocán, dár ḃáinm Léḃi, na ṡuiḋe ag bord an ċusduim: agus a duḃarit séris, Lean misi. 28 Agus ar ḃfágḃáil gaċ éin neiṫe ḋósan, déiriġ sé, agus do lean sé eisean. 29 Agus do rinne Léḃi féusda mór ḋó an a ṫiġ féin: agus do ḃí cuideaċda ṁór ṗuibliocán agus dáoine eile do ṡuiḋ na ḃfoċair. 30 Agus do rinne cuid díoḃ do ḃi na sgríobuiḋiḃ agus na Ḃṗairisíneaċuiḃ monaḃar a naġaiḋ a ḋeisciobalsan, ag ráḋ, Creud fá niṫṫísi agus fá niḃṫí a ḃfoċair na bpuibliocán agus na bpeacṫaċ? 31 Agus ag freagra a duḃairt Iósa ríu, Ní ḃfuil ríaċdanus leáġa ar na dáoiniḃ slána; aċd ar na dáoiniḃ tinne. 32 Ní ṫáinic misi do ġairm na ḃfiréunaċ, aċd na bpeacṫaċ ċum aiṫriġe. 33 Aċd a duḃradarsan ris, Créud fá dtroisgid deisciobail Eóin go minic, agus créd fá ndéunuid síad urrnaiġe, agus mar an gcéudna deisciobail na Ḃṗairisíneaċ; aċd iṫid agus iḃid do ḋeisciobailsi? 34 Agus a duḃairt seision ríu, An ḃféadtáoisi a ṫaḃairt air ċloinn tséomra an ḟir núa ṗósda trosgaḋ do ḋéunaṁ, an feaḋ ḃías sé féin na ḃfoċair? 35 Aċd tiocfaid na láeṫe an tan ḃéurṫar an fear núa ṗósda úaṫa, ann sna láeṫiḃ sin do ḋéunuid síad trosgaḋ. 36 Agus a duḃairt sé fós tré ċosaṁlaċd ríu; Ní ċuireann neaċ ar biṫ preabán éuduiġ núa air ṡeanċulaiḋ, nó, brisiḋ an téudaċ núa é, agus ní ṫig an preabán núaéuduiġ leis a tseinéudaċ? 37 Agus ní ċuireann duine ar biṫ fíon núa a seanḃuidéuluiḃ; nó brisfiḋ an fíon núa na buidéil, agus dóirtfiḋear an fíon agus raċuid na buidéil a múgba. 38 Aċd fíon núa is cóir do ċur a mbuidéuluiḃ núaḋa; agus béid síad aráon slán. 39 Agus ní ḃfuil duine ar biṫ iḃeas seinḟíon lér ab áill fíon núa ar ball: óir a deir sé, Is é seinḟíon is folláine. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society