Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil III Seanmoir agus teasdas Eóin um Ċriosd, 21 teasdas Dé nime: 23 agus a ṡinnsiorraċd ṫaoiḃ Ioseṗ.

1 Agus an-cuigeaḋ bliaḋan déug dimpireaċid Ṫibérius Séasar, ar mbeiṫ do Ṗonsius Ṗioláid na úaċdarán a ttir Iúdáiġe, agus Ioruáiṫ na ṫéatrarc sa Ngalilé, agus Ṗilip a ḋearḃraṫair na ṫéatrarc air Ituréa agus air ċríċ Ṫraċonítis, agus Lísánias na ṫetrarċ air Abiléne,

2 An tan do ḃí Annas agus Caiṗás na nárdṡagartuiḃ, ṫáinic bríaṫar Dé ċum Eóin ṁic Saċarías san ḃfásaċ.

3 Uime sin ṫáinic sé ar feaḋ na dúiṫċe a dtimċeall Iórdan, ag seanmóir ḃaisdiġ na haiṫriġe ċuin maiṫmbeaċuis na bpeacaḋ;

4 Mar a tá sgríoḃṫa a leaḃar coṁráiḋteaġ Esaías fáiḋ, a deir, Guṫ an té éiġṁeas ar an ḃfásaḋ, Ullṁuiġiḋ sliġe an Tiġearna, déanuiḋ a ċasáin díreaċ.

5 Líonfuiḋear gaċ uile ġleann, agus ísleoċṫar gaċ uile sliaḃ agus ċnoc; agus béid na neiṫe cama díreaċ, agus na sliġṫe garba mín;

6 Agus do ċífi gaċ uile ḟeoil slanuġaḋ Dé.

7 Uime sin a duḃairt sé rís a tslúaġ ṫáinic a maċ do ċum go mbaisdfeaḋ seisean íad: A ṡlioċd na naiṫreaċ neiṁe, cía ṫug raḃaḋ ḋaóiḃ teiṫeaḋ ón ḟeirg a tá ag teaċd?

8 Ar a naḋḃarsin taḃraiḋ tórrṫa ḃus iomċuḃaiḋ don naiṫriġe úaiḃ, agus ná tionsgnaiḋ a ráḋ ionnaiḃ féin, A tá Abraham na aṫair aguinn: oír a deirimsi riḃ, Gur ab éidir lé Dia clann do ḋúsaċd as na cloċmiḃse féin D'abraham.

9 Agus a tá an tuáiġ a nois fós ar na cur ċum fréiṁe na gcrann: ar a naḋḃarsin gaċ uile ċrann naċ dtaḃair toraḋ maiṫ gearrṫar é, agus teilgṫear sa teiniḋ é.

10 Agus do ḟíafruiġ an slúaġ nile ḋe, ag ráḋ, Ar a naḋḃarsin créud do ḋeunam?

11 Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé ríu, An té agá ḃfuil dá ċóta, roinneaḋ ris an té ag naċ ḃfuil; agus giḋ bé agá ḃfuil bíaḋ, déanaḋ sé mar an gcéudna.

12 Agus tangadar na puibliocáin mar an gcéudna ionnus go mbaisdfiḋe íad, agus a duḃradar ris, A ṁaiġisdir, créud do ḋéunáimné?

13 Agus a duḃairt seision ríu, Na déunuiḋ ní sa ṁó ná do horduiġeaḋ ḋaóiḃ.

14 Agus do ċuireadar na saiġdiúiríġ fós ceisd air, ag ráḋ, Agus créad do ḋéunuimne? agus a duḃairt seisean ríu, Ná déunaiḋ foiréigean ar ḋuine ar biṫ, agus ná hagraiḋ duine ar biṫ go heugcóraċ agus go maḋ lór liḃ ḃur dtúarasdal féin.

15 Agus ar mbeiṫ ag feiṫeaṁ don ṗobal, agus ag smúainiuġaḋ ḋóiḃ uile an a gcroiḋṫiḃ a dtimċeall Eóin, nar ḃeisean Ċríosd,

16 Do ḟeagair Eóin, ag ráḋ ríu uile, Baisdeamsa siḃ go deiṁin lé huisge; aċd a tá neaċ is nearṫṁuire ná misi ag teaċd, ag naċ fiú mé íallaċ a ḃróg do sgáoileaḋ: baisdfiḋ seision siḃ leis an Spiorad Náoṁ agus lé teiniḋ:

17 Aga ḃfuil a ċríaṫar an a láiṁ, agus glanfiḋ sé a urlár féin, agus cruinnéoċuiḋ sé an ċruiṫneaċd dá sgiobol féin; aċd loisgfiḋ sé an ċáiṫ lé teine náċ eidir a ṁúċaḋ.

18 Agus ag teagasg ṁóráin eile fós dó do ṁiniġ sé an siosgéul don ṗobal.

19 Agus ar gcur an aġaiḋ Iórúaiṫ an Téatrarca ḋó, fá Heródias bean Ṗilip a ḋearḃraṫar, agus fá gaċ uile olc dá ndearna Iorúaiṫ,

20 Do ċuir sé so leis do ḃárr ar gaċ ní, gur ḋúin sé ar Eóin a bpríosún.

21 Agus tárla, an tan do baisdeaḋ an pobal uile, agus do ḃí Iósa agá ḃalsdeaḋ, agus ag déanaṁ úrnaiġṫe, gur bosglaḋ neaṁ,

22 Agus gur ṫuirrling an Spiorad Náoṁ a ḃfioġair ċorparḋa mar ċolum air, agus do dtáinic guṫ ó neaṁ, ag ráḋ, Is tú mo Ṁac gráḋaċsa; is ionnadsa a tá mo ḋeaġṫoil.

23 Agus do ḃí Iosa féin a dtimċioll a ḋeiċmblíaḋan fiċead dáois, ar mbeiṫ (do réir ḃreaṫnuiġṫe na ndáoine) na mbac ag Ióseṗ, ṁic Héli,

24 Ṁic Matṫat, ṁic Léḃi, ṁic Melċi, ṁic Ianna, ṁic Ioseṗ,

25 Ṁic Matatías, ṁic Amos, ṁic Náum, ṁic Esli, ṁic Nagge,

26 Ṁic Máat, ṁic Matatías, ṁic Sémei, ṁic Ióseṗ, ṁic Iúda,

27 Ṁic Ioanna, ṁic Résa, ṁic Sorobábel, ṁic Salatíel, ṁic Néri,

28 Ṁic Melċí, ṁic Addi, ṁic Cósam, ṁic Elmodam, ṁic Er,

29 Ṁic Ióse, ṁic Eliéser, ṁic Iórim, ṁic Matṫat, ṁic Léḃi,

30 Ṁic Siméon, ṁic Iúda, ṁic Ióseṗ, ṁic Iónan, ṁic Eliácim,

31 Ṁic Meléa, ṁic Mainán, ṁic Matata, ṁic Nátan, ṁic Ḋáiḃi,

32 Ṁic Iessé, ṁic Ohéd, ṁic Boós, ṁic Salmon, ṁic Náasson,

33 Ṁic Aminadab, ṁic Aram, ṁic Esrom, ṁic Ṗáres, ṁic Iúdah,

34 Ṁic Iácob, ṁic Isaac, ṁic Abraham, ṁic Tará, ṁic Náċor,

35 Ṁic Sáruċ, ṁic Rágu, ṁic Ṗálec, ṁic Héber, ṁic Salá

36 Ṁic Cáinan, ṁic Arṗcsad, ṁic Sem, ṁic Noé, ṁic Lámeḋ,

37 Ṁic Matúsala, ṁic Enoċ, ṁic Iáred, ṁic Maleléel, ṁic Cáinan,

38 Ṁic Enos, ṁic Séṫ, ṁic Aḋaiṁ, ṁic Dé.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan