Lúcas 24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXIV Soisgeul suḃaċ na naingeal do na mnáiḃ, um eiseirġe Ċriosd, 36 Noċ do ṫaisbein é féin dá Absduluiḃ, 51 agus ċúaiḋ súas ar neaṁ. 1 Agus an céadlá don tseaċdṁuin, tangadar go roṁoċ ar maidin, ċum an túama, ag taḃairt léo na neiṫeaḋ deaġḃaluiḋ dullṁuiġeadar, agus mná áiriġe eile maille ríu. 2 Agus fúaradar an ċloċ ar na hiomlat ón túama. 3 Agus ar ndul a sdeaċ ḋóiḃ, ní ḟúaradar corp an Tiġearna Iósa. 4 Agus tárla, gur ġaḃ úaṫḃás íad fán ní sin, agus féuċ, do ṡeasadar días fear na naice a néaduiġiḃ dealruiġṫeaċa: 5 Agus ar na ngaḃáil eagla dóibsion, agus ar gcromaḋ a naiġṫe ċum na talṁan, a duḃradarsan ríu, Créud fa níarṫáoi eidir na marḃuiḃ an lé atá beo? 6 Ní ḃfuil sé ann so, aċd déiriġ sé: cuiṁniġiḋ mar a duḃairt sé féin riḃ an feaḋ do ḃí sé fós ann sa Ġalilé 7 Ag ráḋ, Is éigin Mac an duine do ṫaḃairt a láṁuiḃ ḋáoine peacṫaċ, agus a ċroċaḋ, agus a eiséirġe an treas lá. 8 Agus do ċuiṁniġeadarsan ar a ḃriaṫraiḃsion, 9 Agus ar ḃfilleaḋ ón túama, dfoillsiġeadar na neiṫesi uile don éineasbal dég, agus do caċ eile uile. 10 Aċd a si Muire Ṁaġalén, agus Iónna, afus Muire maṫair Ṡéumais, agus na mná eile do ḃí maille ríu, dinnis na neiṫesi do na heasbuil. 11 Agus do ċeasadarsan a mbríaṫra mar éadruime ċeille, agus nior ċreideadar ḋóiḃ. 12 Agus ar néirġe do Ṗeadar, do rioṫ sé ċum an túama; agus an tan a dféuċ sé a sdeaċ, do ċunnairc sé an linéadaċ na luiġe leis féin, agus dimṫiġ sé, ag déanaṁ iongantais leis féin fán ngíoṁsa. 13 Agus, féuċ, do ċúadar días dioḃsan an lásin féin go baile atá trí fiṫċid sdáide ó Iérusalém, dar ab ainm Emmáus. 14 Agus do ḃádar ag laḃairt eatarra féin ar na neiṫiḃsi uile tarla ann. 15 Agus tárla, ar mbeiṫ ag coṁráḋ ḋóiḃ agus ag ceasdúġaḋ ré ċéile, go dtáinic Iósa féin, agus gur ṡiuḃáil sé léo. 16 Aċd do cungṁaḋ a súilesion, ionnus naċ aiṫeonċaidís é. 17 Agus a duḃairt sé ríu, Créd íad na coṁraitesi air a ḃfuiltí ag teaċd cadruiḃ féin, ag sioḃal diḃ, agus siḃ go bronaċ? 18 Agus ar ḃfeagra do neaċ díoḃ, dar ḃainm Cléoṗas, a duḃairt sé ris, An ḃfuil tusa ad áonar ad ċoigcriġeaċ a Niarusalém, agus gan fios na neiṫeann do rinneaḋ innte ann sna láeṫiḃsi agad? 19 Agus a duḃairt seision ríu, Créd iad na neiṫe? Agus a duḃradarsan ris, Na neiṫer ṫáoḃ Iósa Nasarḋa, do ḃí na ḟaiġ ċuṁaċdaċ a ngnióṁ agus a mbreiṫir a bfiaḋnuisi Dé, agus an ṗobuil uile: 20 Cionnas tugadar na hárdsagairt, agus ar núaċdarainne é ċum breiṫe ḃáis do ḃreiṫ air, agus do ċroċadar é. 21 Aċd do ḃí ar súilne gur ḃeision an té dfuaisgéolaḋ Isráel: agus leiṫ amuiċ ḋíoḃ so uile, a sé níu an treas lá ó rinneaḋ na neiṫesi. 22 Agus mar an gcéadna, mná áiriġe ḋínn féin ṫáinic go moċ ċum a túama, do ċuireadar úaṫḃás oruinn; 23 Agus mar naċ ḃfuaradar a ċorpsan, tangadar, ag ráḋ, go ḃfacadar féin fós taiḋḃsi aingeal, a deir go ḃfuil sé na ḃeaṫaiġ. 24 Agus do ċuadar dream áiriġe ḋá raḃ maille rinne ċum an túama, agus fuaradar mar a duḃradar na mná: aċd ní ḟacadar eision. 25 Agus a duḃairt seision riu, O a ḋaoine amadánaċ agus mallċroiḋṫeaċ ċum creidṁe dá gaċ éinni dar laḃradar na fáiġe! 26 A né nar ḃéigin do Ċríosd na neiṫesi dfulang, agus dul a sdeaċ ann a ġlóir féin? 27 Agus ar dtionnsgnaḋ ó Ṁáoisi agus ó na faiġiḃ uile, do eidirṁíniġ sé ḋoiḃ ann sna huile sgriopturaiḃ na neiṫer ḃi ḋá ṫáoḃ féin. 28 Agus do ḋruideadar ris an mbaile, ann a raḃadar ag dul: agus do léig seision air go raċaḋ sé ní is faide. 29 Aċd do ċoiṁéigniġeadarsan é, ag ráḋ, Fan aguinne, óir atá sé na ṫraṫ nona, agus is deireaḋ láoi atá ann. Agus do ċúaiḋ se a sdeaċ dfuireaċ aca. 30 Agus tárla, an tan do ċuiḋ sé ċum bí na ḃfoċair, ar mbreiṫ ar a narán; go rug sé buiḋeaċas, agus ar na ḃriseaḋ, tug sé ḋóiḃsion é. 31 Agus so hosglaḋ a súilesion, agus daiṫniḋeadar eision; agus do tóġbaḋ as a naṁarc é. 32 Agus a duḃradarsan eatarra féin, A né naċ raḃadar ar gcroiḋṫe ar lasaḋ ionnuinn, an feaḋ do ḃí sé ag laḃairt rinn ar a tsliġe, agus an tan do osguil sé ḋuinn na sgrioptúiriḋ? 33 Agus ar néirġe ḋoiḃ ar a núairsin féin, dfilleadar go Híarusalém, agus fúaradar an téinḟear deúg cruinn a ḃfoċair a ċéile, agus an dream do ḃí maille ríu, 34 Ag ráḋ, Déiriġ an Tiġearna go firinneaċ, agus taisbéanaḋ do Ṡíomón é. 35 Agus dinnisiodarsan na neiṫer do rinneaḋ ar a tsliġe, agus mar do aiṫniḋeadar é a mbriseaḋ a naráin. 36 Agus agá laḃairt so ḋóiḃsion, do ṡeas Iósa féin ann a lár, agus a duḃairt sé ríu, Sioċáin maille riḃ. 37 Aċd ar mbeiṫ ḋóiḃsion ar criṫ agus lán deagla, do ṡáoileadar gur spiorad do ċunncadar. 38 Agus a duḃairt seision ríu; Créd fá ḃduilti ar ḃar mbúaiḋreaḋ, agus créd fá a néirġid smúaintiġe ann ḃar gcroiḋṫiḃ? 39 Feuċaiḋ mó láṁa agus mó ċosa, óir is misi féin atá ann: glacaiḋ, agus féuċaiḋ mé; oír ní ḃfuil féoil na cnáṁa ag spioruid, mar do ċiṫi agamsa. 40 Agus an tan a duḃairt sé na neiṫesi do ṫaisbéin sé ḋóiḃ a láṁa agus a ċosa. 41 Aċd ar mbeiṫ míċreidṁeaċ ḋóiḃsion fós tré ġáirdeaċas, agus ag déanaṁ iongantais, a duḃairt seision ríu, An ḃfuil bíaḋ ar biṫ agaiḃ ann so? 42 Agus tugadarsan do cuid díasg rósduiġe, agus cuid do ċír ṁeala. 43 Agus ar na nglacaḋ ḋósan, dúaiḋ sé na ḃfiaḟnuisision íad. 44 Agus a duḃairt sé ríu, Ag so na briaṫar do laḃair mé riḃ, a núair do ḃí mé fós ḃar ḃfoċair, gur ab éigin na huile neiṫe atá sgríoḃṫa a reaċd Ṁáoisi, agus ann sna fáiġiḃ, agus ann sna salmuiḃ, am ṫimċeallsa do ċoiṁlíonaḋ. 45 Ann sin dosguil sé a ttuisge, ionnus go dtuigfidís na sgrioptúir, 46 Agus a duḃairt sé ríu, Gur mar so do ḃi sé sgríoḃṫa, agus gur mar so dob éigin do Ċríosd fulang, agus éiseirġe ó ṁarḃuiḃ an treas lá: 47 Agus aiṫriġe agus maiṫeaṁnas na bpeacaḋ do ḋeanmóir an ainm do na huile ċiniḋeaċuiḃ, ag tionnsguaḋ ó Iérusalém. 48 Agus is siḃsi fiaḋnuiseaḋa na neiṫeannsa. 49 Agus, féuċ, cuirfiḋ misi gallaṁun Maṫar féin ċugaiḃ: aċd fanoiḋ a gcaṫair Iárusalém, no go gcuirṫear cuṁaċda a núas umuiḃ. 50 Agus rug sé amaċ go soiṫe Betánia íad, agus ar dtóġḃáil a láṁ, do ḃeannuiġ sé íad. 51 Agus tárla, ar mbeiṫ dá mbeannuġaḋ ḋo, gur sgaraḋ ríu é, agus gur tóġaḋ súas ar neaṁ é. 52 Agus ar na onóruiġaḋ ḋóiḃsean, dfilleadar go Híarusalém maille le gáirdeaċus mór: 53 Agus do ḃídis do ġnáṫ ann sa teampoll, ag molaḋ agus ag beanuġaḋ Dé. Amen. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society