Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXIII Criosd, 11 ar na ṫaircaisniuġaḋ re Iorúaiḋ, 24 agus ar na ċéasaḋ lé Piolit, 34 do ġuiḋ sé arson maiṫeaṁnas dá naiṁdiḃ.

1 Agus ar néirġe dá ccoiṁṫional uile, rugadar ċum Pioláid é.

2 Agus do ṫionnsgnadar cúis do ċuir air, ag raḋ, Fúramar an fearsa ag iompóḋ ar gciniḋ, agus ag toirmeasg cíosa do ṫaḃairt do Ṡéasar, ag ráḋ gur ab é féin Críosd an Rí.

3 Agus a dfíafruiḋ Pioláid ḋe, ag ráḋ, An tusa Rí na Níudaiġe? Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé ris, A deir tusa sin.

4 Agus a duḃairt Píoláid ris na hárdsagartuiḃ agus ris an tslúaġ, Ní ḟaġaimsi cúis ar biṫ air a ḃfearso.

5 Aċd do ṫeannadarsan orrṫam ag ráḋ, Buáiḋriḋ sé an pobal, ag teagasg ar feaḋ ṫíre Iúdaiġe uile, ag teasgasg ar feaḋ ṫíre Iúdaiġe uile, ag tosuġaḋ ón Ġalilé go soiṫe so.

6 Agus mar do ċúaluiḋ Píoláit teaċd ṫar an Ngalilé, dfiarfruiḋ sé ḋe nar Ġaliléeaċ é.

7 Agus an tan daiṫin sé gur ab fá ṫuṁaċduiḃ Iornáṫ do ḃí sé, do ċuir sé ar ais é ċum Iorúaiḋ, do ḃí Níarusalém ann sna láeṫiḃ sin.

8 Agus ar ḃfaicsin Iósa Díoruáiḋ, do ġaḃ lúaṫġáire ṁór é: óir do ḃí fonn air ré fada eision dfaicsin, do ḃriġ go gcúaluiḋ sé mórán air; agus do ḃí dóċas aige go ḃfaicfeaḋ sé coṁṫarra éigin ar na ḋéanaṁ leis.

9 Agus dfíafruiḋ sé mórán do ċeasdannuiḃ ḋe; aċd ní ṫug seision freagra ar biṫ air.

10 Agus do ṡeasadar na hárdsagairt agus na sgrióbuiḋe ag déanaṁ casáoide air go diṫċiollaċ.

11 Aċd tug Ioruáiḋ maille ré na luċd coguiḋ tarcuisne air, agus do rinneadar fonóṁad fáoi ċúireadar ċum Píoláid a rís é.

12 Agus an lásin féin, do rinneaḋ Ioruaiṫ agus Píoláid na gcáirdiḃ ḋá ċeile: óir do ḃádar na naiṁdiḃ agá ċéile roiṁe sin.

13 Agus ar ngairm na nárdsagart agus núaċdarán, agus an ṗobuil do Ṗioláid,

14 A duḃairt sé riu, Tugaḃair ċugamsa an duinesi, mar neaċ iompóiḋeas an pobal: agus, féuċ, ar gceasduġaḋ ris damṡa ann ḃar ḃfiaḋnuisi féin, ní ḟúair me coir ar biṫ ar an duine do na neiṫiḃ agá ndéantáoisi casáoid air:

15 Agus fós, ní ḟúair, Ioruáiḋ: óir do ċuir mé ċuige siḃ; agus, féuċ, ní ḋearnuiḋ níar biṫ leis do ṫuillfeaḋ bás.

16 Ar a naḋḃarsin ar na smaċduġaḋ, léiġfiḋ mé uáim é.

17 Oír dob éigean dí neaċ éigin do léigean amaċ ḋóiḃ ann sa ḃféasda.

18 Aċd do éiġ an ċoimṫionol uile, ag ráḋ, Beir uáinn an fearsa, agus sgáoil dúinne Barabbas:

19 Do ḃí ar na ċur a bpriosún tré ċeannairc áiriġe, agus trí ṁarḃaḋ, do rinneaḋ ann sa ċaṫraiġ.

20 Ar a naḋḃarsin, do laḃair Píoláid rín a rís, ar mbeiṫ fonnṁar ḋó ar Iósa léigean úaḋ.

21 Aċd do éiṁġeadarsan, ag ráḋ, Croċ é, croċ é.

22 Agus a duḃairt sé rín an treas uáir, Aċd, créud é an tolc do rinne sé? ní ḟuair mísi cúis ḃais ar biṫ air: ar a naḋḃarsin ar na smaċduġaḋ, leigfiḋ mé amaċ é.

23 Aċd do ṡeasadarsan go cruáiḋ ná aġuiḋ lé goṫannuiḃ móra, ag íarruiḋ eisiondo ċroċaḋ. Agus do ḃuaiḋeadar a ngóṫasan agus góṫa úaċdarán na sagart.

24 Agus rug Píoláid do ḃreiṫ an ní díarradarsan do ḋéanaṁ.

25 Agus do léig sé amaċ ċuca an té do teilgeaḋ a bpriosún ar son ċeannairce agus marḃṫa, noċ do íarradar; agus tug sé Iósa ḋá dtoilsion.

26 Agus an tan do rugadar léo é, ar mbreiṫ ar Ṡiréanaċ áiriġe, dar ḃainm Simon, do ḃí ag teaċd ón túaiṫ, do ċuireadar an ċroċ air, dá hiomċara ndíaiġ Iósa.

27 Agus do lean cuideaċda ṁór don ṗobal, agus do na mnáiḃ é, do ḃí fós ag gul agus dá ċáoineaḋsan.

28 Agus ar ḃfilleaḋ ċuca a duḃairt Iósa, A inġeana Ierusaléim, ná guiliḋ ar mo ṡonsa, aċd guiliḋ ar ḃar son féin, agus ar son ḃar gcloinne.

29 Oír, féuċ, tioċfuid na láeṫe, iona naibéoruid síad, Is beannuiġṫe na mná seasga, agus na bronna naċ ar ṫuismiḋ, agus na cíoċa naċ dtug bainne úaṫa.

30 Ann sin ṫionnsganaid a ráḋ ris na sléiḃtiḃ, Tuitiġ oruinn; agus ris na cnocaiḃ, Folniġe sinn.

31 Oír má níd síad na neiṫesi ris an crann úr, créd do ḋéantar ris an ccríon?

32 Agus fós tugaḋ días eile meirleaċ da ccur ċum báis na ḟoċairsion.

33 Agus an tan tanagadar do nionad dá ngoirṫear Ait na cloigne, do ċroċadar ann sin é féin, agus na meirliġ, fear air a ḋeis, agus fear eile air a láiṁ ċlé.

34 Agus a duḃairt Iósa, A Aṫair, maiṫ ḋóiḃ; óir ní ḃfuil a ḟios aca créd do nid síad. Agus an roinn a éaduiġsion, do ṫeilgeadar crannċar orṫu.

35 Agus do ṡeas an pobal ag ḟéaċain air. Agus do rinneadar na húaċdaráin leis fonóṁad fáoi maille ríusán, ag ráḋ, Dfóir sé ar ḋáoiniḃ eile; foireaḋ sé air féin, mas é so Criosd, do ṫoġ Día.

36 Agus fós do rinneadar na saiġdiuiriġ fonóṁad fáoi, ag drud ris, agus ag tairgsin ḃinéigre ḋó,

37 Agus ag ráḋ, Mas tusa rí na Níuduiġeaḋ, fóir ort féin.

38 Agus fós do ḃí sgríḃneóireaċd sgríoḃṫa ós a ċionn do litreaċaḃ Gréigis, agus Laidní, agus Eaḃrias, A SE SO RI NA NIUDUIĠEAḊ.

39 Aċd do ḃí áon do na meirleaċaiḃ do croċaḋ dá ṁasluġaḋ, ag ráḋ, Mas tú Críosd, fóir ort féin agus oruinne.

40 Agus ar ḃfreagra don ḟear eile, do spreag sé é, ag ráḋ, A né naċ ḃfuil eagla Dé ort, agus tú fa áonḋamnaḋ ris?

41 Aċd sinne go deiṁin go ceart; (óir fúaramar na neiṫe do ṫuilleadar ar ngníoṁarṫa): aċd ní ḋearna an tési olc ar biṫ.

42 Agus a duḃairt sé ré Híosa, A Ṫiġearna, cuiṁniġ oransa an tan ṫioċas tú ad rioġaċd féin.

43 Agus a duḃairt Iósa ris, A deirim riot go firinneaċ, Go mbia tú am ḟoċair a niu a bpárrṫas.

44 Agus do ḃí sé a dtimċeall an seiseaḋ húair, agus do rinneaḋ dorċadas ar an dtalaṁ uile gus a náoṁeaḋ húair.

45 Agus do ḋorċuiġeaḋ an ġrían agus do briseaḋ brat roinnte an teampuill ann a lár.

46 Agus ar néiġeaṁ Díosa do ġúṫ ṁór, a duḃairt sé, A Aṫair, táoḃam mo spiorad ann do laṁaiḃsi: agus an tan a duḃarit sé na neiṫesi, do ċúaiḋ a spiorad ás.

47 Agus an tráṫ do ċunnaire an caiptíu an ni do rinneaḋ, tug sé glóir do Ḋía, ag ráḋ, Go firinneaċ buḋ firéan an duinesi.

48 Agus an pobal uile ṫáinic a náoinḟeaċd dá ḟéaċainsion, a núair do ċunncadar na neiṫe do rinneaḋ ann, ag búalaḋ a noċda, do ḟilleadar air a nais.

49 Agus do ṡeasadar a ḋáoine aiṫeanta, a ḃfád úaḋ, agus na mná do lean é ón Ġalilé, ag féaċain ar na neiṫiḃsi.

50 Agus, féuċ, ṫáinic fear dar ḃainm Ióseṗ; do ḃí na ċoṁairleaċ, na ḋuine ṁaiṫ, agus na ḟírean:

51 Naċ a áontaiġ ḋá gcoṁairle ná dá ngníoṁ súd; ó Arimatéa caṫair do ṫír Iúduiġe: agá raiḃ suil fós ré rioġaċd Dé.

52 Ar ndul dó so ċum Pioláid, díarr sé corp Iósa.

53 Agus ar na ḃúain a núas dó, do ċuir sé linéadaċ na ṫimċeall, agus do ċuir sé a dtúama do ḃí ar na ṫoċailt a gcarraic é, ann naċ ar cuireaḋ áonduine roiṁesion a ríaṁ.

54 Agus do bé sin lá a nullṁuiġṫe, agus do ḃí an tsabbóid ag druid ríu.

55 Agus fós na mná, do lean é, agus ṫáinic leis ón Ġalilé, do ċunncadar an túama, agus cionnas do ḃí a ċórpsan ar na ċur.

56 Agus ar ḃfilleaḋ ḋóiḃ dullṁuiġeadar spíosruiḋe deaġḃaluiḋ agus uinnímentiġe; agus do ċoṁuuiḋeadar lá na sáḃoide do réir na háiṫne.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan