Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXII Ċaiṫ an deaṁan ar Iudas ċum failliuġaḋ ar Ċriosd. 54 Do ṡéan Peadar é. 66 Aċd dadaiṁ sé féin gur ab Mac Dé é.

1 Agus do ḋruid féasda a naráin gan laiḃín riu, dá ngoirṫear an Ċáisg:

2 Agus do ḃí úaċdarain na sagart agus na sgríobuiḋe ag íarruiḋ cionnus do ṁuirfidís eision; oir do ḃí eagla an ṗobuil orrṫa.

3 Aċd do ċúaiḋ Satan a Níudas dar ċoṁainm Iscáiriot, do ḃí no nuiḃir an dá ḟear ḋéag.

4 Agus ar nimṫeaċd amaċ ḋé, do laḃair sé ris na hárdsagartaiḃ agus ris na húaċdaranuiḃ, cionnas do ḃraiṫfeaḋ sé eision ḋóiḃ.

5 Agus do gaḃ lúaṫġáire íadsan, agus do rinneadar cunnraḋ ris airgead do ṫaḃairt dó.

6 Agus do ġeall seision sin, agus díarr sé faill ar eision do ḃraṫ ḋóiḃ ab tan naċ mbíaḋ an pobal a láṫair.

7 Aċd táinic lá a naráin gan laíḃín, ann ar ḃéigin an tuan cásg do ṁarḃaḋ.

8 Agus do ċuir Iósa Peadar and Eóin úaḋ, ag raḋ, Imṫiġ, agus ullṁuiġiḋ ḋuinn an túan cásg, do ċum go níosamáois é.

9 Aċd a duḃradarsin ris, Cía a náit ann ar toil leaċd sinn dá ullṁuġaḋ?

10 Agus a duḃairt sé ríu, Féuċ, tar éis dul a sdeaċ sa ċaṫraiġ ḋáoiḃ, teigeaṁuiḋ duine áirġe oruiḃ, ag iomċar ṡoiġṫiġ uisge; leanaiḋ é don tiġ iona raċa sé a sdeaċ.

11 Agus abruiḋ ré fear an tiġe, A deir an Maiġisdir riot, Cáit a ḃfuil an Ióisdín, iona níosa mé an ċáisg maille rem ḋeiscioḃluiḃ?

12 Agus taisbéanuiġ seision dáoiḃ séomra mór uaċtraċ deaġṁaisioċ: ullṁuiġiḋ ann sin é.

13 Agus ar nimṫeaċd dóiḃsion, fuaradar mar a duḃairt seision riu: agus dullṁuiġeadar an ċáisg.

14 Agus an tráṫ ṫáinic an tam, do ṡuiḋ sé síos, agus a ḋá ḋeisciobal deg maille ris.

15 Agus a duḃairt sé ríu, Do ḃí fonn roṁór oram an ċáisgse do ċaiṫeaṁ maille riḃsi suil ḟuileongas mé:

16 Oír a deirim riḃ, Naċ íosa mé ḋe ní as mó, nó go gcoiṁlíontar é a ríoġaċd Dé.

17 Agus ar ngaḃáil an ċupáin ċuige, ar mbreiṫ buiḋeaċais dó, a duḃairt sé, Glacaiḋ so, agus roinniḋ eadruiḃ féin é.

18 Oír a deirim riḃ, Naċ ioḃta mé do ṫoraḋ na fineaṁna, no go dtíg rioġaċd Dé.

19 Agus ar ngaḃáil a nárain ċuíge, ar mbreiṫ huiḋeaċais dó, do ḃris, agus tug sé ḋóiḃsean é, ag ráḋ, A sé so mo ċorpsa do ḃearṫar áir ḃur sonsa: déanuiḋ so mar ċuiṁne oramsa.

20 Agus mar an gcéadna an cupán fós tar éis suipéir, ag ráḋ, A sé an cupánsa an tiomna núa ann mḟuilsi, ḋóirtear ar ḃar sonsa.

21 Aċd, féuċ, láṁ an té ḃraiṫeas misi am ḟoċair ar an mbórd.

22 Agus imṫigiḋ Mac an duine go deiṁin, do réir mar do hórduiġeaḋ: giḋeaḋ is mairg don duine úd lé mbraiṫtear é!

23 Agus do ṫionnsgnadarsan a ḟíafruiġ eatarra féin, cía aca ḃíaḋ ar tí so ḋeanaṁ.

24 Agus fós déirġiḋ imreasain eatarra, cía aca measfuiġṫe ḃeiṫ ní as mó.

25 Aċd a duḃairt seision ríu, Atá tíġearnas ag riġṫiḃ seision ríu, Atá tíġearnas ag riġṫiḃ na Geiniḋeaċ orrṫa; agus an dream agá ḃfuil cuṁaċda orrṫa goirṫear dáoine flaiṫeaṁla ḋíoḃ.

26 Aċd ní mar sin dáoiḃse: aċd an té as mó eadruiḃ, ḃíoḋ sé mar an té is luġa; agus an té is áired eadruiḃ, mar an té do ní miniosdralaċd.

27 Oír cía aca is mó, an té ṡuiġeas ar an mbórd, nó an tí frioṫólaṁ? a né naċ é an té ṡuiġeas ag biḋ? aċd atáimsi eadruiḃse mar an té do ní frioṫolaṁ.

28 Agus is siḃsi dfan am ḟoċairsi ann mo ċaṫuiġṫiḃ.

29 Ar a naḋḃarsín órduiġim ḋáoiḃsi rioġaċd, mar do órduiġ Máṫair féin daṁsa;

30 Ionnus go níosdáoi agus go níoḃṫáoi ar mó ḃórdsa ann mo rioġaċd féin, agus go suiġfí ar ċaiṫíreaċaiḃ ag breiṫ ḃreiṫe ar ḋá ṫreiḃ ḋéug Isráel.

31 Agus a duḃairt an Tiġearna, A Ṡímóin, a Síomóin, féuċ, díarr Sátan siḃsi, le ḃar gcáṫaḋ mar ċruiṫneaċd:

32 Agus do ġuiḋ misi air do ṡonsa, ionnus naċ dtráoiṫfeaḋ do ċreideaṁ: agus air ḃfilleaḋ duitse, neartuiġ do ḋearḃraiṫreaċa.

33 Agus a duḃairt seision ris; A Ṫiġearna atáim ullaṁ air ḃul leaċdsa, ċum príosúin, agus ċum báis leis.

34 Aċd a duḃairt séision, A deirim riot, a Ṗeadair, naċ goirfe an coileaċ a níu, nó go séanna tú trí húaire go ḃfuil aiṫne agad oramsa.

35 Agus a duḃairt sé ríu, An tan do ċuir mé úaim siḃ fan sparán, ná mála, ná bróga, an raiḃ uireasḃuiġ éin neiṫe oruiḃ? Agus a duḃrádarsan, Ní raiḃ.

36 Ar a naḋḃarsin a duḃairt sé ríu, Aċd a nois, giḋ bé agá ḃfuil sparán tógḃaḋ sé é, agus a ṁála mar an gcéadna: agus giḋ bé ag naċ ḃfuil, reacaḋ sé a ḃrat, agus ceannċaḋ sé cloiḋeaṁ.

37 Oir a deirim riḃ, Gur ab éigin fós an ní atá sgrioḃṫa do ċoiṁlíonaḋ ionnamsa, Agus atá sé ar na ċoṁáireaṁ a measg na ndáoine coirṫéaċ: óir na neiṫe úd atá am ṫaoiḃse atá deireaḋ aca:

38 Aċd a duḃradarsan, A Ṫiġearna, féuċ, ḋá ċloiḋeaṁ ann so. Aċd a duḃaier seision ríu, Is lór sin.

39 Agus ar nimṫeaċd amaċ ḋó, do ċúaiḋ sé, do réir a ġnáṫuiġṫe, go slíaḃ na Noluiḋeaḋ; agus fós do leanadar a ḋeisciobuil é.

40 Agus an tán ṫáinic sé ċum na háite, a duḃairt sé ríu, Déanuniḋ urnuiġe ionnus naċ dteigeaṁaḋ siḃ a ccáṫuġaḋ.

41 Agus do tairrngeaḋ eision úaṫa a dtimċeall urċair cloiċe, agus agá léigean air a ġlúiniḃ, do rinne sé urnuiġe,

42 Ag ráḋ, A Aṫair, mas toil leaċd, cuir an cupánsa ṫoram: aċ ċeana nar ab í mo ṫoilsi, aċd do ṫoilsi, do ḋéantar.

43 Aċd do taisbéanaḋ ḋó aingeal ó neaṁ dá ċoṁḟurtaċd.

44 Agus ar mbeiṫ a nanḃuain ṁóir ḋósan do rinne sé urnuiġe ní as díṫċiolluiġe: agus do ḃí a allas mar ḃráona mora fola ag tuitim ar talaṁ.

45 Agus an tan déiriġ sé ó umuiġe, ṫáinic sé ċum a ḋeisciobal, agus fuair sé na gcodlaḋ íad tré ṫuirsi,

46 Agus a duḃairt sé rú, Créd fá gcodaltáoi? éirġiḋ agus déanuiḋ urnuiġe, do ċum naċ dtuitfeaḋ siḃ a gcaṫuġaḋ.

47 Agus ag laḃairt dó fós, féuċ an slúaġ, agus an té dá ngoirṫí Iúdas, áon don dá ḟear déag, ag gaḃáil rompa, agus do ḋruid sé ré Hiosa do ṫaḃairt póige ḋó.

48 Agus a duḃairt Iósa ris, A Iúdais, an lé poig ḃraiṫbeas tú Mac an duine?

49 Agus an tan do ċunncadar an dream do ḃí ná ṫimċeallsan an ní do ḃí ag teaċ, a duḃradar ris, A Ṫiġcarna, an mbuáilfeam lé cloiḋeaṁ?

50 Agus do ḃuáil fear ḋíoḃ searḃḟoġantuiḋe a nárdṡagairt, agus do ḃean sé a ċlúas ḋeas de.

51 Aċd do ḟreagair Iósa agus a duḃairt, Fuilngiḋ go soiṫe so. Agus ar mbuáin ré na ċluáis súd, do ṡlánuiġ sé é.

52 Agus a duḃairt Iósa ris na hardsagartaiḃ, agus úaċdaráuiḃ an teampuill, agus na seinnsearaiḃ, ṫáinic ċuige, An dtangaḃair amaċ, le cloiḋiṁṫiḃ agus le batuiḋiḃ, aṁuil ċum ḃioṫaṁnuiġ?

53 An tan do ḃí me gaċ lá agaiḃ sa teampall, níor ṡineaḃair láṁa ḋaṁ: aċd a sí so ḃar nuáirsi, agus cuṁaċda an dorċaduis.

54 Aċd ar mbreiṫ airsion, rugadar léo é, go tiġ an ardṡagairt. Agus do lean Peadar a ḃfad úaḋ é.

55 Agus an tráṫ do lasadar teine ar lár na halla, agus so ṡuiġeadar na timċioll a ḃfoċair a ċéile, do ṡuiḋ Peadar catarra.

56 Agus an tan do ċunnairc cailín áiriġe é na ṡuiḋe ag an teiniḋ, ar ḃfeaċain go gér ḋí air, a duaḃaiet sí, Do ḃi an fearso fós na ḟoċair súd.

57 Agus do ṡéan seision é, ag ráḋ, A ḃean, níor ḃaiṫniḋ daṁ é.

58 Agus beagán na ḋiáiġ sin ar na ḟaicsin do neaċ eile, a duḃairt sé, Agus is díoḃ súd ṫusa fós. Aċd a duḃairt Peadar, A ḋuine, ní díoḃ misi.

59 Agus a dtimċeall áonuáire aṁáin na ḋiáiġ sin, do ḋearḃuiġ neaċ áiriġe ele, ag ráḋ, Go firinneaċ do ḃí an tési leis na ḟoċair súd: óir is Galiléeaċ é.

60 Aċd a duḃairt Peadar, A ḋaine, ní ḃfuil a ḟios agam créd a deir tú. Agus ar an mball, an feaḋ do ḃí sé ag laḃairt, do ġoir an coileaċ.

61 Agus ar gcasaḋ don Tiġearna, dféuċ sé ar Ṗeadar. Agus do ċuṁniġ Peadar ar ċomráḋ an Tiġearna, cionnas a duḃairt sé ris, Suil ġoirfeas an coileaċ, séanfuiḋ tú mé trí huáire.

62 Agus ar ndol amaċ do Ṗeadar, do ġuil sé go gér.

63 Agus na dáoine do ċuinniġ Iósa do rinneadar fonóṁad fáoi, dá ḃúalaḋ;

64 Agus an tan do ḟoluiġeadar é, do ḃuáileadar a aġuiḋ, agus dfiafruiḋeadar ḋe, ag ráḋ, Déana fáiġeadóireaċd, cía ḃúail ṫú?

65 Agus a duḃradar mórán do neiṫiḃ eile na aġaiḋ ḋá ṁasluġaḋ.

66 Agus mar déiriġ an lá, do ċrinniġeadar sinnsir an ṗobuil, agus na hárdsagairt, agus na sgríobuiḋe a ḃfoċair a ċéile, agus tugadar eision ċum a gcoṁairle féin,

67 Ag ráḋ, An tusa Críosd? innis dúinne. Agus a duḃairt seision riu, Má innisim ḋáoiḃ, ní ċreidfiḋe mé:

68 Agus fós ma ḟiafruiġim í ḋíḃ, ní ṫioḃarṫáoi freagra oram, agus ní léiġfi uáiḃ mé.

69 Sam aimsir aig teaċd biáiḋ Mac an duine na ṡuiġe ar deis ċuṁaċd Dé.

70 Agus a duḃradar uile ris, mar sin an túsa Mac Dé? Agus a duḃairt seision riú, A deirṫisi gur ab mé.

71 Aċd a duḃradarsan, Créd é an riaċdanus fiaḋnuisi atá oruinn feasda? óir do ċúalamar féin as a ḃéul féin é.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan