Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXI Mile ċlúṫaċ na baintreaḃaiġ, 6 Sgrios Ierusalem, 25 agus deireaḋ an Domahin.

1 Agus ag féuċain dó, do ċunnairc sé na dáoine saiḋḃre ag cur a dtioḋreaḋ a náit coiṁéuda an ċisde.

2 Agus do ċunnairc sé fós baintreaḃ boċd áiriġe ag cur ḋá leiṫ ḟeóir ann.

3 Agus a duḃairt sé, A deirim riḃ go firinneaċ, gur ab mó do ċuir an ḃainiḃaċ ḃoċdsa ann cáċ uile:

4 Oir is do niomarcuiḋ atá aca, ṫuġeadar so uile tioḋlaice do Ḋía: aċd do ċuir sisi da boċdaċd féin a beaṫa uile ann.

5 Agus a duḃairt sé ré druing áiriġ, do ḃi ag laḃairt ar an dteampall, tré go raiḃ sé ar na ḋeaġṁaisiuġaḋ do ċloċaiḃ áille agus do ṫioḋluicṫiḃ,

6 Iádson do ċíṫise, tiocfuid láeṫe ann, náċ ḃfuigfiġṫear cloċ air ċloiċ ḋíoḃ, naċ sgáoilfiġṫear ó ċéile,

7 Agus dfíafruiġeadar ḋe, ag ráḋ, A Ṁaiġisdir, cía a núair ḃéid na neiṫesi? agus créd é an coṁṫarṫa ḃías ann an tan do ḋéantar íad so?

8 Aċd a dúḃairt seision, Féaċaiḋ naċ meallfuiġṫear siḃ: óir tiocfuid mórán am ainmsi, ag ráḋ, Is misi é; agus do ḋruid a naimsir linn: ar a naḋḃarsin ná leanuiḋ íad.

9 Agus an tan do ċluinfiḋe cogṫa agus búaiḋearṫa, ná bíoḋ eagla oruiḃ: óir is éigin íad so do ṫeaċd air tús; aċd ní deireaḋ é fós.

10 A duḃairt sé ríu an tansin, Eireoċaiḋ cineaḋ a naġuiḋ ciniḋ, agus rioġaċd a naġaiḋ rioġaċda:

11 Agus béid creaṫa móra talṁan a mórán dáitiḃ, agus gorta, agus pláġa; agus neiṫe uaṫḃásaċa agus coṁarṫuiġe móra ó neaṁ.

12 Aċd rompa so uile, cuirfid síad láṁa ionnuiḃsi, agus gérleanfaid siḃ, dá ḃar dtaḃairt do na coiṁṫionolaiḃ, agus do na príosúnuiḃ, da ḃur mbreiṫ ċum riġṫe agus ċum úaċdarán ar son manmasa.

13 Aċd teigeaṁuiḋ so ḋáoiḃse mar ḟíaḋnuisi.

14 Ar a naḋḃarsin daingniḋiḋ ann ḃar gcroiḋṫiḃ, gan a smúaintiuġaḋ roiṁe láiṁ cionnas do ḟreagóraḋ siḃ an ḃar son fein:

15 Oír do ḃeara misi béul dáoiḃ agus eagna, naċ buḋ héidir lé ḃur neasgcáirdiḋ uile laḃairt ná cur na haġuiḋ.

16 Agus braiṫfiḋṫear siḃ fós ó ḃar naiṫreaċaiḃ agus ó ḃar maiṫreaċaiḃ, agus ó ḃar ndearḃráiṫreaċaiḃ, agus ó ḃar ngáoltuiḃ, agus ó ḃar gcáirdiḃ; agus do ḃéaruid fá deara cuiḋ ḋiḃ do ċur ċum báis.

17 Agus biaíḋ fuáṫ ag gaċ uile ḋuine ḋáoiḃ ar son manmasa.

18 Aċd ni raċa rúainne do ġruaig ḃar gcinn a múġa.

19 Sealḃuiġiḋ ḃar nanmanna féin lé ḃar ḃfoiġid.

20 Agus an tan do ċífí Iérusalem ar na timċeallaḋ ó ṡlúaġuiḃ, bíoḋ a ḟios aguiḃ an tansin gur ab fogas a fásuġaḋ.

21 An sin an dream ḃías a ttír Iúdáiġe teiṫeaḋ síad fá na sléiḃtiḃ; agus an luċd ḃías ann a lar, imṫiġeaḋ síad aisde; agus an dream ḃías ar na maċairiḋiḃ ná héirġeaḋ síad a sdeaċ innte.

22 Oír a síad so láeiṫe an dioġaltuis, ionnus go gcoiṁlionfuiḋṫe na huile neiṫe atá sgríoḃṫa.

23 Agus buḋ trúaġ do ná mnáiḃ ḃías torraċ, agus ag oileaṁuinn ann sna láeṫiḃ úd! oír bíaiḋ riaċdanas roṁór ann sa dúiṫċe, agus fearg ris an bpobalsa.

24 Agus tuitfid lé faoḃar an ċloiḋiṁ, agus béarṫar a mbraiġdeanas íad ċum na nuile ċiniḋeaċ: agus ḃíaḋ Iarúsalém ar na saltairt fáoi a Cineaḋaċaiḃ, nó go gcoiṁlíontar aimsearaċa na Geiniḋeaċ.

25 Agus béid coṁarṫuiġe ann sa ngréin, agus ann sa ngealuiġ, agus ann sna réultannuiḃ: agus combrúġaḋ na gciniḋeaċ ar an dtalaṁ, tré úaṫḃás; ag buirfiġ don ḟairge agus do na tonnuiḃ;

26 Agus raċa a nanam as na dáoiniḃ tré eagla, agus tré ḃeiṫ ag feiṫeaṁ ris na neiṫiḃ ṫiocfas ar an doṁan: oír croiṫaṫear cuṁaċda neiṁe.

27 Agus ann sin do ċifid Mac an duine ag teaċd a néull maille lé cuṁaċda agus lé glóir ṁóir.

28 Agus an tan ṫionnsgóntar na neiṫesi do ḋéanaṁ, féaċuiḋ súas, agus togḃaiḋ ḃár gcinn; óir is fogus dáoiḃ ḃar ḃfúasglaḋ.

29 Agus a duḃairt sé an ċosaṁlaċdsa ríu; Féaċaiġ an crann fige, agus na huile ċrann;

30 An tan sgeiṫid a nduilleaḃar, air na ḟaicsin dáoiḃsi aiṫeantáoi úaiḃ féin gur fogus an saṁraḋ ann sin.

31 Is mar sin dáoiḃsi, an tan do ċífí na neiṫesi déanta, bíoḋ a ḟíos aguiḃ gur ab fogus atá rioġaċd Dé.

32 A deirim riḃ go fírinneaċ, Naċ raċa an dínisi ṫort, nó go ndéantar na neiṫesi uile.

33 Raċaiḋ neaṁ agus talaṁ ṫort: aċd ní raċaid mó ḃriaṫrasa ṫort go bráṫ.

34 Aċd taḃruiḋ ḃur naire ḋíḃ féin, deagla go mbíaḋ siḃ tromċroiḋ ṫeaċ úair ar biṫ í ċráos, agus ó ṁeisge, agus ó roċúramuiḃ na beaṫasa, agus go dtioċfaḋ an lá úd go hobann oraiḃ.

35 Oir tiocfa sé mar ḋul ar na huile ḋáoine dá náitriġeann ar úaċdar na talṁan uile.

36 Ar a naḋḃarsin déanuiḋ faire, ag guiḋo gaċ uile uair, ionnus go rucasfuiġ gur fiú siḃ dul as ó na neiṫiḃsi uile atá ċum teaċda, agus go seasṁóċaḋ siḃ a ḃfiaḋnuisi Ṁic an duine.

37 Agus do ḃíoḋ sé teagasg sa ló ann sa teampeall; aċd ann san noiḋċe ar nimṫeaċd dó amaċ, do ċoṁnuiġeaḋ sé ar a tslíaḃ dá ngoirṫear slíaḃ na Noluiḋeaḋ.

38 Agus do ṫigeaḋ an pobal uile ċuige go moċ air maidin, déisdeaċd ris ann sa teampall.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan