Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XX Attimċeall áġdarras Ċriosd, 9 an ḟineaṁain, 27 agus án Eiseirġe.

1 Agus tárla, áon do na láeṫiḃ sin, an tan do ṫeagaisg séision an pubal ann sa teampall, agus do ṡeanmoir sé an soisgéul, go dtangadar úaċdaráin na sagart agus na sgríobuiḋe maille ris na sinnsearuiḃ ċuige.

2 Agus do laḃradar ris, ag ráḋ, Innis dúinne, cia an tuġdarrás as a ndéanann tú na neiṫesi? Nó cia ṫug an tuġdarrás so ḋuit?

3 Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé ríu, Fiafroċaiḋ misi fós aonḟocal aṁáin diḃse; agus taḃruiḋ freagra oram:

4 Baisdeaḋ Eóin, ann ó neaṁ do ḃi se, nó ó ḋáoiniḃ?

5 Agus do ḃádarsan ag tagra eatarra féin, ag ráḋ, Má dermíd, O neaṁ; déara seisean, Créd fá nar ċreideaḃairsi ḋó?

6 Aċd má deirmid, O ḋáoiniḃ; géuḃuiḋ an pobal uile do ċloċaiḃ orainn: oír is deiṁin léo gur fáiġ Eóin.

7 Agus do ḟreagradar, naċ raiḃ a ḟios aca féiu gá hás dó.

8 Agus a duḃairt Iósa ríu, Ní mó innéosas misi ḋíḃsi cía an túġdarrás as a ndéunuim na neiṫesi.

9 Agus do ṫionnsgain sé an ċosaṁlaċdsa do ráḋ ris an bpobal; Do ċuir duine áiriġe fíneaṁuin, agus tug sé amaċ do sgológuiḃ í, agus do ḃi sé féin a gcoigcríċ air feaḋ aimsire faide.

10 Agus na am féin do ċuir sé a ṡearḃḟoġantuiġe ċum na sgológ, ionnus go dtioḃraidis ní do ṫoraḋ na fíneaṁna ḋó: aċd do ġaḃadar na sgológa air, agus do ċuireadar folaṁ uáṫa é.

11 Agus do ċuir sé searḃḟoġantuiġe eile úaḋ a rís: aċd ar ngaḃáil air sin leis, agus ar dtaḃairt easonóra ḋó, do ċureadar folaṁ uáṫa é.

12 Agus na ċeann sin do ċuir sé an treas úaḋ: aċd do ċuireadarsan amaċ an tésin leis, ar na lot.

13 Aċd a duḃairt tiġearna na fíneaṁna, Cred do ḋéana mé? cuirfiḋ mé mó ṁac gráḋaċ féin ċuca: do béidir an tan do ċifid é go dtioḃraidís onóir ḋó.

14 Agus ar na ḟaicsin do na sgológuiḃ, do laḃradar eatarra féin, ag ráḋ, A sé so an toiġre, tigiḋ, marḃam é, ionnus go mbíaḋ a noiġreaċd aguinn féin.

15 Agus ar na ṫeilgean don táoḃ amaċ don ḟíneaṁain, do ṁarḃadar é. Ar a naḋḃarsin créd do ḋéanas tlġearna na fíneaṁna riú súd?

16 Tiocfuiḋ sé agus sgriosfuiḋ sé na sgológa úd, agus do ḃéura sé an ḟíneaṁuin do ḋáoiniḃ eile. Agus an tan do ċúaladarsan so, a duḃradar, Nár liege Día sin.

17 Aċd ar ḃféaċain dósan órrṫa, a duḃairt sé: Máseaḋ créd é an ní so atá sgrioḃṫa, An ċloċ do ḋiultadar na sáoir is di so do rinneaḋ ceann an ċuáinne?

18 Giḋ bé duine ṫuitfeas ar an gcloiċ úd, do ḋéantar greamanna ḋe; agus giḋ bé duine ar a dtuitfiḋ sí, do ḋéana sí luaiṫreaḋ ḋe.

19 Agus díarradar úaċdaráin na sagart agus na sgriobuiḋe láṁa do ċur annsan air a núair sin féin; aċd do ḃi eagla an ṗobuil orrṫa: óir do aiṫneadar gur ab na naġuiḋ fein a duḃairt sé an ċosamblaċdso.

20 Agus ag taḃairt aire ris, do ċuireadar luċd braṫa, do léigfeaḋ orrṫa féin a ḃeiṫ na ḃfiréin, ionnus go ngreameóċaidis air a ċoṁráḋ, do ċum a ṫaḃarṫa do ċuṁaċd agus duġdarrás a nuáċdaráin.

21 Agus dfíafraiġeadar ḋe, ag ráḋ, á Ṁaiġisdir, atá a ḟios againne gur ceart laḃras tú agus ṫeagaisgeas tú, agus naċ ḃfuil cion agad ar ṗearsain áonduine, aċd go dteagasgann tú sliġe Dé do réir na fírinne:

22 An ceaduiġṫeaċ ḋúinne cíos do ṫáḃairt do Ṡéasar, nó gan a ṫaḃairt?

23 Aċd tug seisean a meaḃail dá aire, agus a duḃairt sé riú, Créd fá gcurṫáoi caṫuġaḋ oram?

24 Taisbéanaiġ ḋaṁ piġinn. Cia ar leis a níoṁáiġ agus an sgríḃinn atá uirṫe? Agus ar ḃfreagra ḋoiḃsion a duḃradar, Lé Séasar,

25 Aċd a duḃairt seision riu, Ar a naḋḃarsin taḃruiḋ do Ṡéasar na neiṫe is lé Séasar, agus na neiṫe is lé Día do Ḋía.

26 Agus níor ḟéadadar greamuġaḋ air a ḃriaṫra a ḃfíaḋnuisi an ṗobuil: agus ag déanaṁ iongantais ann a ḟreagarṫuiḃsion, do ṫoċdadar.

27 Agus ar dteaċd do ḋruing do na Saduceaċiaḃ ċuige, (noċ ṡéanas a neiséirġe do ḃeiṫ ann;) dfíafruiġeadar ḋe,

28 Ag ráḋ, A Ṁaiġisdir, do sgríoḃ Máoisi ḋúinn, Dá ḃfaġaḋ dearḃráṫar ḋúine ar biṫ bás, agá mbía bean ṗósda, agus go ḃfuiġeaḋ sé bás gan ċloinn, go ngéuḃaḋ a ḋearḃráṫair ċuige a ḃean, agus go tóigéuḃaḋ se slioċd dá ḋearḃraṫair.

29 Ar a naḋḃarsin do ḃádar móirṡeisior dearḃraṫar ann: agus ar ngaḃáil mná ċuige don ċédġear, fúair sé bás gan ċloinn.

30 Agus do ġaḃ an dara dearḃraṫair ċuige an ḃean, agus fuair seision leis bás gan ċloinn.

31 Agus do ġaḃ an treas dearḃráṫair ċuige í; agas mar an gcéadna an móirṡeisior: agus nier ḟágḃadar clann, agus fúaradar bás.

32 Agus a ndiaiġ ċáiċ aile fúair an ḃean bás mar an gcéadna.

33 Ar a naḋḃarsin an sa neiséirġe cía aca súd dá maḋ bean í? óir do ḃi si ag an ṁóirṡeisior na mnaoi.

34 Agus ag freagra a duḃairt Iósa ríu, Pósaid clann an tsáoġailsi mná, agus do ḃeirṫear dfearuiḃ íad:

35 Aċd ċeana an dream ṁeasfuiḋṫear gur fiú íad an sáoġal úd, agus eiséirġe ó na marḃuiḃ dfaġáil, ni ṗósaid mná, agus ní ṫugṫar dfearuiḃ íad:

36 Oír ní héidir léo bás dtaġáil ní sa ṁó: Oír atáid síad mar na haingle; agus na gcloinn ag Día, ar mbeiṫ na gcloinn ag a neiséirġe.

37 Aċd go néiréoċaḋ na mairḃ, dfoillsiġ Máoise lcis ag an dos, an tan do ġoireas sé don Tiġearna Día Abraham, agus Día Isaac, agus Día Iácob.

38 Oír ní hé Día na marḃ é, aċd na mbéo: óir atáid síad uile na mbeaṫaiġ ḋósan.

39 Agus ar ḃfreagra do ḋruing do na sgríobuiḋiḃ a duḃradar, A Ṁaiġisdir, is maiṫ a duḃairt tú sin.

40 Agus níor laṁadar ó sin súas ní ar biṫ ḟíafruiġe ḋe.

41 Agus a duḃairt sé ríu, Cionnas a déirid síad gur mac do Ḋáiḃi Criosd?

42 Agus a deir Dáiḃi féin a leaḃar na Salm, A duḃairt an TIĠEARNA rém Ṫiġearnasa, Suiḋ ar mo láiṁ ḋeis,

43 No go gcuire mé do náṁuid na sdól fád ċosaiḃ?

44 Ar a naḋḃarsin goiriḋ Dáiḃi Tiġearna ḋe, agus cíonnas is mac ḋó é?

45 Agus a néisdeaċd an ṗobuil nile a duḃairt sé ré na ḋeisciobluiḃ féin,

46 Taḃruiḋ aire ḋáoiḃ féin ó na sgríobuiḋiḃ, le nab aill sioḃal a róhuiḋiḃ fada, agus lé nab ionṁuin failtiġe ar na marguiḋiḃ, agus na cédionuid suiġṫe ann sna coiṁṫionóluiḃ, agus na céadċuiḃrinn ann sna féasduiḋiḃ;

47 Noċ ṡluigeas tiġṫe na mbaintreaḃaċ, agus sin fós ar sgáṫ ḃeiṫ go fada ag urnuiġe: do ġeaḃuid so an dainnaḋ is truime.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan