Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil II Beirṫear Críosd, 13 molaḋ na naingil, 28 agus Sinmeon, 36 ré fáiġeadoireaċt Anna.

1 Agus tárla ann sna láeṫiḃ sin, go ndeaċuiḋ áiṫne ó Ṡéasar Augustus, an doṁan uile do ṁeas,

2 (Ag so an céudṁeas do rinneaḋ an tan do ḃi Sirénius na úaċdarán ar Ṡíria.)

3 Agus do ċúadar eile ḋá meas, gaċ áon fá leiṫ ḋá ċaṫruiġ féin,

4 Agus do ċúaiḋ Ióseṗ mar an gcéudna súas ón Ġalilé, as an gcaṫraiġ Nasarét, go tír Iúdaiġe, go caṫruiġ Ḋaiḃi, dá ngoirṫear Bétleem; do ḃríġ go raiḃ sé do ṫiġ agus do ṡlioċd Ḋáiḃí:

5 Ionnus go measfuiġ é maille ré Muire do ḃi ar na ceangal ris mar ṁnáoi, ar mbeiṫ ḋi torraċ.

6 Agns tárla, ar mbeiṫ ḋóiḃ ann sin, go dtangadar laéṫe a hionḃuiḋsean.

7 Agus rug sí mac a céudduine cloinne, agus do ċuir sí giobuil ċeangail na ṫimċeall, agus do ċuir sí na luiġe a mainséur é; do ḃríġ naċ raiḃ ait aca sa tiġ ósda.

8 Agus do ḃádar áoḋairiḋe sa dúiṫċe sin na gcoṁnuiḋe a muiġ, agus ag déanaṁ faire oiḋċe ar a dtréd.

9 Agus, féuċ, do ṡeas aingeal an Tiġearna láiṁ léo, agus do ṡoillsiġ ġlóir an Tiġearna na dtimċeall: agus do ġaḃ eagla ṁór íad.

10 Agus a duḃairt an taingeal riú, Na bíoḋ eagla oruiḃ: óir, feuċ, a táim ag soisgéuluġaḋ ḋíḃ gáirdeaċus mór, noċ ḃías do gaċ uile ṗobal.

11 Oír rugaḋ an Slánuiġṫeoir ḋáoiḃ a niu, (éaḋon Críosd an Tiġearna,) a gcaṫruiġ Ḋáiḃí.

12 Agus ag so coṁarṫa ḋíḃ; Do ġéuḃṫáoi an leanaḃ ceanguilte a ngiobluiḃ, na luiġe a mainnséur.

13 Agus do ḃí go hobann cuideaċda ṁór do ṡlúaġ neaṁḋa a ḃfoċair an aingil ag molaḋ Dé, agus ag ráḋ,

14 Glóir do Ḋía ann sna hárduiḃ, agus síoḋċáin ar an dtalaṁ, deaġṫoil do na dáoiniḃ.

15 Agus tárla, mar do imṫiġeadar na haingil úaṫa ar neaṁ, go nduḃradar na háoḋairiḋe ré ċéile, Imṫiġeam anois don Ḃetléem, agus féuċam an ní so do rinneaḋ, noċ do ḟoillsiġ an Tiġearna ḋúinn.

16 Agus tangadar go deiṫneasaċ, agus fuaradar Muire agus Ióseṗ, agus an náoiḋe na luiġe a mainnséur.

17 Agus an tráṫ do ċonncadar sin, do aiṫriseadar an ní a duḃraḋ riú a dtimċeall an leiniḃsin.

18 Agus na huile ḋáoine da gcúaliḋ so do ġaḃ iongantus íad fá na neiṫeiḃ a duḃradar na háoḋairiḋe ríu.

19 Aċd do ṫaisgiḋ Muire na bríaṫrasa uile, dá mbreaṫnuġaḋ ann a croiḋe.

20 Agus do ḟilleadar na háoḋairiḋe, ag taḃairt glóire agus ag molaḋ Dé tré gaċ ní da gcúaladar agus da ḃfacadar, mar a duḃraḋ riú.

21 Agus an tan do coiṁlíonaḋ oċd lá ċum an leiniḃ do ṫimċeallġerraḋ, tugaḋ IOSA mar ainm air, éaḋon an tainm do ġoir an taingeal de suil do ġeineaḋ a mbroinn é.

22 Agus an tan do coiṁlíonaḋ laéṫe glanta Ṁuire do réir reaċda Ṁáoisi, rugadar léo go Hiarusaléim é, da ṫaisbéanaḋ don Tiġearna;

23 (Mar a tá scrioḃṫa a reaċd an Tiġearna, Gaċ céudġein ṁic ṫuismeas brú bíaiḋ sé náoṁṫa don Tiġearna;)

24 Agus do ṫaḃairt ofrála, do réir mar a dearṫar a reaċd an Tiġearna, Cúpla turtair, nó ḋa ġeirrceaċ coluim.

25 Agus, féuċ, do ḃí duine a Níarusaléim, dár ḃainm Símeon; agus do ḃí an fearso coṁṫrom diaḋa, agus a ṡúil ré coṁḟurtaċd Israel: agus do ḃí an Spíorad Náoṁ ann,

26 Agus do ḟoillsiġ an Spiorad Náoṁ ḋó, naċ ḃfaicfeaḋ sé bás, nó go ḃḟaicfeaḋ sé Criosd an Tiġearna,

27 Agus táinic sé maille ré tréoir na Spioraide don teampoll: agus an tan ṫug a aṫair agus a ṁáṫair an leanaḃ Iósa, do ċum go ndéanaídis ar a ṡon do réir gnáṫuiġṫe an dliġe,

28 Ann sin do ġaḃ seision ċuige ann a uċd é, agus do ṁol sé Día, agus a duḃairt sé,

29 A Ṫiġearna, a nois leigeas tú dod ṡearḃḟoġantuiḋe imṫeaċd a síoḋċain, do réir tḟocailféin:

30 Oir do ċonncadar mo ṡúile do ṡlánuġaḋsá,

31 Noċ do ullṁuiġ tú a ḃfíaḋnuisi na nuile ṗobal.

32 Solus do ḋéunaḋ soillsi do na Cineaḋaċuiḃ, agus glóir do ṗobail féin Israél.

33 Agus do ġaḃ iongantus Ióseṗ agus a ṁáṫairsion fá na neiṫiḃ a duḃhraḋ na ṫimċeall.

34 Agus do ḃeannuiġ Símeon íad, agus a duḃairt sé ré Muire a ṁaṫairsion, Féuċ, a tá sé so ar na órduġaḋ do ċum tuitme agus eiséirġe ṁóráin a Nisraél; agus na ċoṁarṫa agá gcuirfiṫear na aġaiḋ;

35 (Agus fós, raċaiḋ cloiḋ éaṁ tré ṫanamsa mar an gcéudna,) do ċum go noċdfuiḋe smúaintiġṫe as mórán do ċroiḋiḃ.

36 Agus fós do ḃí Anna, banḟáiḋ, inġean Ṗánuel, do ṫreiḃ Aser: do ḃi aois ṁór aiceso, tár éis seaċd mblíaḋna do ċaiṫeaṁ ḋi ag fear a ndiáiġ a maiġdeannis;

37 Agus ar mbeiṫ na baintreaḃuiġ a dtiniċeall ċeiṫre mblíaḋan agus ċeiṫre tiċid ḋi, níor ḟág sí an teampoll, aċd ag déunaṁ seirḃísí do Ḋía do ló agus doiḋċe le trosgaḋ agus lé húrnuiġṫe.

38 Agus táinic so do láṫair ar an úair gcéudna agus dadṁuiġ sí na ṫimċeall ré gaċ áon agá raiḃ súil ré fúasglaḋ an Iarusaléim.

39 Agus mar do ċríoċnuiġeadar gaċ uile ni do réir reaċda an Ṫiġearna, do ḟilleadar don Ġalilé, da gcaṫruiġ féin Násarét.

40 Agus do ḟás an macaoṁ, agus do neartuiġeaḋ é a spioraid, agus do ḃí sé lán deagna: agus do ḃí grása Dé maille ris.

41 Agus do ġnáṫuiġeaġ a aṫair agus a ṁáṫair dul gaċ a blíaḋna go Híarusaléim a sollamuin na cásg.

42 Agus ar mbeiṫ ḋá ḃliaḋan déug ḋo, do ċuadar suas go Híarusaléim, do réir ġnáṫuiġṫe na sollamna.

43 Agus ar geríoċnuġaḋ na, láeṫeaḋ sin, an tan do ḟilleadarsan, dfan anleanaḃ Iósa a Níarusaléim; gan ḟios do Ióseṗ ná ḋá ṁáṫair.

44 Agus, an tan do ṡaóileadar go raiḃ sé na gcuideaċda, do ṡioḃladar asdar laoi; agus diarradar é a measg a ndaoine gaoil agus aiṫeanta.

45 Agus an tan naċ ḃfúaradar é, do ḟilleadar arís go Híarusaléim, ḋá iarruiġ.

46 Agus tárla, trí lá dá éis sin, go ḃfúaradar é ann sa teampoll, na ṡuiḋe a measg na ndoctúireaḋ, ag éisdeaċd ríú, agus ag cur ċeasd orṫa.

47 Agus do ġaḃ iongnaḋ gaċ uile ḋuine dá gcúalaiḋ é fá na ṫuigsin agus fá na ḟreagarṫaiḃ.

48 Agus ar na ḟaicsin dóiḃ, do ġaḃ úaṫḃás iad: agus a duḃairt a ṁáṫair ris, A ṁic, créd fá ndearna tú mar so rinn? Féuċ, do ḃí misi agus daṫair lán do ḋoḃron dod lordaireaċd.

49 Agus a duḃairt seision ríu, Créd fá raḃaḃair dom lorgaireaċdsa? An né naċ raiḃ a ḟios agaiḃ gur ḃéigin daṁsa ḃeiṫ ag déanaṁ ġnóḋaiġṫe Maṫar?

50 Aċd níor ṫuigeadarsan na briaṫra do laḃair se ríu.

51 Agus do ċuáiḋ sé léo síos, agus táinic sé go Násaret, agus do ḃí sé uṁal dóiḃ: agus do ṫaisgiḋ a ṁáṫair na briaṫra so uile an a croiḋe.

52 Agus dó ḃí Iósa ag fás an eagna, agus a naóis, agus a ngean ag Día agus ag daóiniḃ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan