Lúcas 19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIX Díṫċoill Ṡaċéus ar Criosd dḟaicsin, 45 agus Críosd ag iomáin luċd an ṁio-ṁoḋ as an teampaill. 1 Agus ar ndol a sdeaċ go Iérico Diosa do ġaḃ sé ṫríṫe. 2 Agus, féuċ, do ḃí duine áiriġe ann dár ḃainm Saċéus, do ḃi na úaċdarán air na publiocáin, agus do ḃí sé saiḋḃir. 3 Agus do ḃí fonn air ḟaicsin cia hé Iósa; agus níor ḃéidir ris ón tslúaġ, tré go raiḃ sér ísiol do ṗearsainn. 4 Agus ag riṫ roiṁe ḋó, do ċuáiḋ sé súas a gcrann sicamor ionnus go ḃfaicfeaḋ sé é: óir do ḃi fáoi an tsliġsin do ġaḃáil. 5 Agus an tan ṫáinic Iósa ċum na háitesin, ar ḃféaċain súas dó, ċúnnairc sé eision, agus a duḃairt sé ris, A Ṡaċéus, tuirrling go deifreaċ; óir is ad ṫiġ is éigin daṁsa coṁnuiḋe ḋéanaṁ a niu. 6 Agus ag deifriúġaḋ ḋósan, do ṫuirrling sé, agus do ġaḃ sé ċuige é go luáṫġáireaċ. 7 Agus an tan do ċunncadar cáċ uile so, do rinniodar munḃar, ag ráḋ, Go ndeáċaiġ sé a sdeaċ air áoiḋeaċd dionnsuiġe peacṫaiċ. 8 Agus ag seasaṁ do Ṡaċéus, a duḃairt sé ris an Tiġearna; Féuċ, a Ṫiġearna, do ḃeirim leaṫ mo ṁáoine do na boċdaiḃ; agus má mbeall mé duine air biṫ a néinní, do ḃeirim ḋó a ċeiṫre oirid. 9 Agus a duḃairt Iósa ris, A niuġ ṫárla sláinte don tiġsi, do ḃríġ do ḃfuil seisean fós na ṁac ag Abraham. 10 Oír ṫáinic Mac an duine diárruiḋ agus do ṡlánuġaḋ an ní do ċúaiḋ a muġa. 11 Agus ag éisdeaċd dóiḃsean leis so, do ċuir sé leis agus a duḃairt sé cosaṁlaċd, tré go raiḃ sé láiṁ ré Hiarúsalem, agus gur ṡáoileadarsan naċ fada go ḃfoillseoċṫáoi rioġaċd Dé. 12 Ar a naḋḃarsin a duḃairt se, Do ċúaiḋ duine uasal áiriġe a régión imċían do ġaḃáil rioġaċda ḋó féin, agus dfilleaḋ air a ais. 13 Agus ar ngairm a ḋéiċneaḃar searḃḟoġantuiġe ḋó, tug sé deiċ bpunta ḋóiḃ, agus a dubahirt sé riú, Déunuiḋ gnoṫuiġ nó go dtig mé. 14 Aċd do ḃí fúaṫ ag luċd a ċaiṫreaċ ḋó, agus do ċuireadar teaċdaireaċd na ḋiáiġ, ag ráḋ, Ní hail linn é so do ríoġaḋ oruinn. 15 Agus tárla, an tan do ḟill sé, ar ngaḃáil na rioġaċda ċuige, gur niṫin sé na searḃḟoġantaiġe úd da dtug sé an tairgead, do ġairm ċuige, ionnus go mbiaḋ a ḟios aige créud do ġnoḋuiġ gáċ áon aca. 16 Agus táinic án céadduine, ag ráḋ A ṫiġearna, do ġnoḋuiġ do ṗiosa deiċ bpiosa. 17 Agus a duḃaiort seision ris, Is maiṫ sin, a ṡearḃḟoġantuiġe ṁait: óir do ḃí tú firinneaċ ar ḃeagán, bíoḋ cuṁaċda agad ar ḋeiċ gcaiṫreaċaiḃ. 18 Agus táinic an dara fear, ag ráḋ, A ṫiġearna, do rinne do ṗíosa cúig piosa. 19 Agus a duḃairt ris an tesi, Bisi mar an gcéadna ós cionn cuig gcaiṫreaċ. 20 Agus táinic fear eile ċuige, ag ráḋ, A ṫiġearna, féuċ, do ṗiosa do ḃí agamsa a ttaisgiḋ a naipcin: 21 Oír do ḃi heaglasa oram, tré gnr duine foġruáma ṫú: tógḃuiḋ tú súas an ui nár ċuir tú siós, agus beanuiḋ tí an ní nar ṡiólċuir tú. 22 A duḃairtsion ris, As do ḃéul féin do ḃeir imbreiṫ ort, a ḋrioċṡearḃḟoġantaiġ. Do ḃí a ḟios agad gur ḋuine forġrúama misi, ṫogḃus súas an ni naċ ar ċuir mé siós, agus ḃeanas an ni naċ ar ṡíoċuir me: 23 Ar a naḋḃarsin créd fá nar ċuir tusa mo ċuid airgid ann sa mbane, agus ar dteaċd daṁsa do ṫóigeuḃuinn é maille lé biseaċ? 24 Agus a duḃairt sé ris an muinntir do ḃi na seasaṁ, Tóguiḋ úaḋ an piósa, agus taḃruiḋ don té úd agá ḃfuilid na deiċ bpiósa é. 25 (Agus a duḃradarsan ris, A ṫiġearna, atáid deiċ bpiosa aige.) 26 Oír a deirin riḃ, Gur ab do gaċ áon agá ḃfuil do ḃéarṫar; agus an té ag naċ ḃfuil, beanfuiġear ḋe fós an ní atá aige. 27 Taḃruiḋ liḃ ann so, na naiṁde úd agamsa, le nar ḃáill misi do rioġaġ ós a gceann, agus marḃaiḋ am fiaḋnuisi iad. 28 Agus ar na ráḋ so, do ċúaiḋ sé rompa, ag dul súas go Hiarasaleim. 29 Agus tárla, an tan do ḋruid sé lé Betṗáge agus ré Betánia, láiṁ ris a tsliaḃ da ngoirṫear slíaḃ na Noluiḋe, gur ċuir sé dias da ḋeisciobluiḃ úaḋ, 30 Ag ráḋ, Imṫiġiḋ don ḃaile atá as ḃur gcoṁair; ar ndul a sdeaċ ann dáoiḃ do ġeaḃṫáoi searraċ ceangailte, ar na ṡuiḋ áon nduine riaṁ: sgáoiliḋ, agus taḃruiḋ liḃ é. 31 Agus dá ḃfiafruiḋe éin neaċ ḋiḃ, Créd fa sgáoiltí é? is mar so a déarṫáoi ris, Ar son go ḃfuil féiḋm ag an Tiġearna air. 32 Agus ar nimṫeaċd do na teaċairiḋiḃ, fúaradar mar a duḃairt sé riu. 33 Agus ar sgáoileaḋ an tsearraiġ ḋóiḃsion, a duḃradar a ṫiġearnuiḋe riu, Créd fá sgáoiltí an searraċ? 34 Agus a duḃradarsan, Tré go ḃfuil féiḋim ad an Tiġearna air. 35 Agus rugadar léo é ċum Iósa: agus ar dteilgean a mbrat ar a tséarraċ, do ċuireadar Iósa air. 36 Agus ag imṫeaċd dósan, do leaṫnuiġeadar a néaḋuiġe ar a tsliġe. 37 Agus an tan do ḋruid sé a ḃogus, ré casaiġ ṡléiḃe na Noluiḋeaḋ, do ṫionnsgain an ċuideaċa ḋeisciobal uile go lúaṫġáireaċ Dia do ṁolaḋ do ġuṫ ṁór ar son gaċ uile suḃailciġe dá ḃfacadur; 38 Ag ráḋ, Is beannaiġe an Rí ṫig a nainm an Tiġearna: sióṫċáin ar neaṁ, agus glóir an sna bárduiḃ. 39 Agus a duḃradar Ṗairisiniġ áiriġe do tslúaġ ris, A Maiġisdir, taḃuir aċṁusán dod ḋéiscioblaiḃ. 40 Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé riu, A deirim riḃ, má ṫoċduid so, go néiġfid na cloċa féin. 41 Agus mar do ḋruid sé a raḋarc na caiṫreaċ, do ġuil se air a son, 42 Ag ráḋ, O dá naiṫeantá, ann sa lá agad féin fós, na neiṫe ḃeanas réd ṡioṫċáin! aċd atáid síad a nois foluiġṫe ód ṡúiliḃ. 43 Oír tiocfuid láeṫe ort, ann a dteilgfid do naiṁde diog ad ṫimċeall, agus iona dtimċiollfaid, agus iona gcuiḃreoċaid ṫú gaċ éantáoḃ. 44 Agus do ḋéanuid coṁċoṫrom ris an dtalaṁ ṫú, agus do ċlann ionnad a stiġ; agus ní ḟúigfid cloċ ar miuin cloiċe ionnad; tré nar aiṫin tú aimsear ṫfiosruiġṫe. 45 Agus ar ndol a sdeaċ don teampall ḋó, do ṫionnsgain sé an dream do ḃi ag reic, do ṫionnsgain cé an dream do ḃi ag reic agus ag ceannaċ ann, do ċur amaċ; 46 Ag ráḋ ríu, Atá sgrioḃṫa, Mo ṫiġse is tiġ urnuiġe é; aċd ċeana do rinneaḃairsi tuimiġṫe ḃioṫaṁnaċ ḋe. 47 Agus do ḃíoḋ sé teagasg gaċ lá ann sa teampall. Agus díarradar úaċdaráin na sagart agus na sgríobuiḋe agus cinn an ṗobuil eisíon do ṁarḃaḋ, 48 Giḋeaḋ ni raiḃ a ḟios aca créd do ḋéunaidis: óir do ḃi an pobal uile ro-aireaċ air éisdeaċd risean. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society