Lúcas 17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVII Naċ ḃfuil Dia na ḟéiċeaṁ ag aón dúine, 22 agus go tiocfaiḋ Críosd a nam naċ saóilṫeor. 1 Agus a duḃairt sé ris na deisciobluiḃ, Ní héidir naċ dtíocfuid sgannalaċa!: aċd is trúaġ don tí, tré a dtigid síad! 2 Do bfearr ḋó cloċ ṁuilinn do ċur fá na ṁuinéul, agus a ṫeilgean ann sa ḃfairrge, ná áon don ṁuinntir ḃigsi sgannlaċaḋ. 3 Taḃraiḋ ḃur naire ḋíḃ féin: Má ṗeacaiġeann do ḋearḃraṫair ad aġaiḋ, imḋearg é; agus má ní sé aiṫriġe, taḃair maiṫeaṁnus dó. 4 Agus má ṗeacaiġeann sé ad aġaiḋ seaċd nuáire sa ló, agus go ḃfillfe sé ċugad seaċd nuáire sa ló, ag ráḋ, Atá aiṫreaċas oram; taḃair maiṫeaṁnus dó. 5 Agus a duḃradar na heasbuil ris, A Ṫiġearna, méuduiġ ar gcreideaṁ. 6 Agus a duḃairt an Tiġearna, Dá mbeiṫ oiread ġráinne musdaird do ċreideaṁ aguiḃ, déaraḋ siḃ ris a gcrann sicaminso, Eiriġ as do ḟréaṁaċ, agus curṫar an sa ḃfairge ṫú; agus do uṁloċaḋ sé ḋaóiḃ. 7 Agus cía aguiḃ, agá ḃfuil searḃḟoġantuiḋe a treaḃaḋ no a coiṁéd treada, lé a naibéoraḋ sé ar an mball, an tan do ṫiocfaḋ sé ón ḃfearann, Imṫiġ agus suiḋ sios ar an bord? 8 Aċd a né naċ aibéora sé ris, Ullṁuiġ an ní íosas mé ar mo ṡuiper, agus cuir do ċrios ṫort, agus friṫeóil daṁsa, no go niṫe mé agus go niḃe mé; agus tar éisi sin iṫsi agus iḃ? 9 An mbía buiḋeaċas aige ar a tsearḃḟoġantuiḋe úd do ḃriġ go ndearna sé na neiṫe do haiṫneaḋ ḋe? Ní ṡaóilim gormbía. 10 Augs is mar sin dáoiḃsi, an tan do ḋéantaói gaċ uile ní dár haiṫniuġaḋ ḋíḃ, abruiḋ, Is searḃḟoġantuiḋe neaṁṫarḃaċa sinn: óir do rinneamar an ni do ḃi dfíaċaiḃ oruinn do ḋéanaṁ. 11 Agus tárla, ag dul súas dó go Hierúsalém, gur ġaḃ sé tré lár na Samária agus na Galilé. 12 Agus an tráṫ do ċuáiḋ sé a sdeaċ go baile áiriġe, tárladar deiṫneaḃar fir lóḃar air, do ṡeas a ḃfad úaḋ: 13 Agus do árduiġeadar a nguṫ, ag ráḋ, A Iósa, a Ṁaiġisdir, déana trócaire oruinn. 14 Agus an tan do ċunnairc sé íad, a duḃairt sé riu, Imṫiġiḋ foillsiġiḋ siḃ féin do na sagartuiḃ. Agus tárla, ag imṫeaċd doiḃsion, gur glanaḋ íad. 15 Aċd fear aca, mar do ċuinnairc sé é féin ar na ṡlánuġaḋ, dfill sé air, ag molaḋ Dé do ġuṫ ṁór, 16 Agus do ṫuit sé ar a aġuiḋ agá ċosaiḃsean, ag breiṫ ḃuiḋeaċais ris: agus buḋ Samaritánaċ an fearso. 17 Agus ar ḃfreagra Diósa a duḃairt sé, A né naċ ḃfuilid deiṫneaḃar ar na nglanaḋ? agus a náonḃar cáit a ḃfuilid? 18 Níor friṫ ag filleaḋ do ṫaḃairt gloíre do Ḋía, aċd an coigcriġeaċso. 19 Agus a duḃairt sé ris, Eiriġ, imṫiġ roṁad: do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú. 20 Agus an tan dfiafruiġ na Ṗairisiniġ ḋe, Cía an tráṫ ṫiocfaḋ rioġáċd Dé, do ḟreagair sé iád agus a duḃairt sé, Ní ṫiocfa rioġaċd Dé récoiṁéd. 21 Agus ní aiḃeóruid síad, Féuċ ann so! nó, féuċ ann súd! oír, féuċ, atá ríoġaċd Dé aguiḃ an ḃur measg. 22 Agus a duḃairt sé ré na ḋeisciobluiḃ, Tiocfuiḋ a naimsir, an a mbia míangus oruiḃ áon do laéṫiḃ Ṁic an duine dfaicsin, agus ní ḟaicfiṫí. 23 Agus a déarúid síad riḃ, Féuċ ann so; nó, féuċ ann so: aċd ná himṫiġ, agus na leanuiḋ iád. 24 Oír aṁuil agus mar ḋeallruiġeas an tinnteaċ, ṡoillsiġeas ó náird go ċéile fáoi neaṁ, is mar sín ḃiás Mac an duine mart an gcéndna ann a lá féin. 25 Aċd is éigin dó ar tús mórán dfulang, agus a ḋiultaḋ ón ċineaḋsa. 26 Agus mar do ṫarla a laéṫiḃ Náoi, is mar sin fós ḃiás a laéṫiḃ Ṁic an duine. 27 Do ḃádar ag iṫe, ag iḃe, ag posaḋ, agus ag taḃairt ċum posda, gus an lá ann a ndeaċaiḋ Náoi do náirc, agus táinic an dile, agus do sgris sí iád uile. 28 Agus ar a nós gcéadna mar ṫarla a laéṫiḃ Lot; do ḃádar ag iṫe, ag iḃe, ag ceannaċ, ag reic, ag plantuġeaḋ, ag tógḃail tiġṫe; 29 Aċd an lá ann a ndeaċaiḋ Lot amaċ as Sodom do fearaḋ teine agus ruiḃ ó neaṁ, agus do sgrios sé iúd uile. 30 Is da réir so ḃias ar an lá ann a ḃfoillseoċṫar Mac an duine. 31 Ann sa lá sin, an té ḃiás a tiġ, agus a ṁáoin ann sa tiġsin, ná tuirlingeaḋ sé ċum a dtógḃála: agus an tí atá ar an maċaire, na casaḋ sé tar a ais mar an gcéadna. 32 Cuiṁniġe ar ṁnáoi Lot. 33 Giḋ bé neaċ iárrfas a anam féin do ṡaḃáil caillfiḋ sé é; agus giḋ bé ċaillfeasa anam beoḋfuiḋ sé é. 34 A deirim riḃ, béid diás a náoinleabaiġ ann sa noiḋċe úd; geuḃṫar lé háon aca, agus fúiġfiġṫear an fear eile. 35 Beid diás ban ag bróinteóraċd a náoinḟeaċd; géuḃṫar lé mnáoi aca, agus fuigfiġṫear an dara ḃean. 36 Beid diás fear ar an maċaire; géuḃṫar lé háon aca, agus fuigfiġṫear an fear eile. 37 Agus ar ḃfreaga ḋóiḃsion a deirid ris, Gá háit, a Ṫiġearna? Agus a duḃairt seision riú, Giḋ bé ball a mbíu an corp, is ann sin fós ċruinneoċṫar na hiolair. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society