Lúcas 10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil X Na mna do ċaiṫ amaóin re Criosd, 4 le cosamlaċt um an tsíoladóir, 22 agus mirḃuileaḋ Iósa Ṁic Dé. 1 Agus na ḋiaiġ so dórduiġ an Tiġearna mar an gcéadna deiṫneaḃar agus trí fiċid eile, agus do ċuir sé na ndís agus na ndís roiṁe féin iád dá gaċ uile ċaṫruiġ agus ionnad, ann a raíḃ a ṫeaċd féin. 2 Ar a naḋḃarsin a daḃairt sé ríu, Is mór an foġṁar, aċd is beag an luċd oibre: uime sin guiḋiḋ Tiġearna an ḟoġṁuir, luċd oibre do ċur amaċ ċum a ḟóġṁair. 3 Imṫiġiḋ: féuċ, ataimse dá ḃur gcur úaim mar úana a measg ṁadraḋ allta. 4 Ná hiomċruiḋ sbarán, na tiaċ loín ná bróga: agus ná beannaiġiḋ do neaċ ar biṫ sa tsliġe. 5 Agus giḋ bé tiġ iona raċtáoi a sdeaċ, abruiḋ ar tús, Go raiḃ sióṫċáin don tiġse. 6 Agus má ḃionn Mac na sióṫċána annsin, do ḋéanniḋ ḃur sióṫċáinsi coṁnuiġe air: aċd muna raiḃ, fillfiḋ sí ċugaiḃ féin a rís. 7 Agus fanaiḋ an sa tiġsin, ag iṫe agus ag ól na neiṫeann atá aca: óir is fiú an toibriġ a ṫuárasdal. Ná himiġiḋ ó ṫiġ go tiġ. 8 Agus giḋ bé caṫair ann a raċtáoi a sdeaċ, agus go ngéuḃaid siád siḃ, iṫiḋ na neiṫe ċuirid siád ann ḃur ḃfiaḋuisi: 9 Agus slánaġaiḋ na heaslaín ḃias innte, agus abruiḋ riú, Do ḋruid rioġaċd Dé riḃ. 10 Agus giḃ bé caṫair ann a raċtáoi a sdeaċ, agus naċ géuḃuid siád siḃ, ar nimṫeaċd dáoiḃ amaċ ar na sraídiḃ, abruiḋ, 11 Craiṫmíd ḋínn ḃur naġaiḋ, go fiú an luaiṫriḋ do lean dínn, as ḃur gcaṫruiġ: aċd ċeana bíoḋ a ḟios so aguiḃ, gur ḋruid rioġaċd Dé riḃ. 12 Agus a deirím ḃur riḃ, Go maḋ socaṁluiġe do na Sodomaċaiḃ an lá úd, ná don ċaṫraiġsin. 13 Is anáoiḃinn duit, a Ċorásin! as anáoiḃinn duit, a Ḃetsáida! oir dá maḋ a Dtírus agus a Sídon, do ḋéantáoi na miorḃuile do rinneaḋ ionnaiḃsi, is fada ó da ḋéanaidís aiṫriġe, na suiḋe a néadaċ roín agus a luaiṫreaġ. 14 Ar a naḋḃarsin buḋ socaṁluiġe do Ṫírus agus do Ṡídon ann sa ḃreiṫeaṁnus, na ḋáoiḃsi. 15 Agus tusa, a Ċapernáum, atá ar do ṫógḃáil súas go neaṁ, teilgfiḋṫear siós go hifearnn ṫú. 16 Giḃ bé éisdeas riḃsi is riomso éisdeas sé; agus giḃ bé ḃeir neiṁċion oruiḃsi, is oramsa do ḃeir sé neiṁċion; agus giḃ bé ḃeir neiṁċion oramsa is ar an té do ċuir úaḋ mé do ḃeir sé neiṁċion. 17 Agus do ḟilleadar an deiṫneaḃar agus trí fiċid maille lé gáirdeaċas, ag ráḋ, A Ṫiġearna, ataíd na deaṁuin féin fá smaċd aguinne tréd ainmsi. 18 Agus a duḃairt sesion ríu, Do ċonnairc mé Sátan marr ṫeinnteaċ ag tuitim ó neaṁ. 19 Féuċ do ḃeirim ḋíḃ cuṁaċda saltairt air na haiṫreaċaiḃ niṁe agus ar na scorpiónuiḃ, agus ar uile neart naṁad: agus ní ġoirteoċaid éin ní siḃ. 20 Aċd ċeana na bíoḋ gáirdeaċas oraiḃ, ar son go ḃfuilid na spioraidiḋe fá ḃur smaċd; aċd go maḋ mó ḃiás gairdeaċas oruiḃ fá go ḃfuilid ḃur nanmanna sgríoḃṫa ar neaṁ. 21 Ar a núairsion do ġaḃ gáirdeaċas iona spioraid Iósa, agus a duḃairt sé, Do ḃeirim buiḋeaċas duit a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, trí gur ḟoluiġ tú na neiṫesi ó ḋáoniḃ eagnuiḋe agus glioca, agus gur noċd tú iad do naoiḋeanánuiḃ: a seaḋ, a Aṫair; tré gur ab mar sin do buḋ toil leaċd féin é. 22 Atáid na huile neiṫe ar na dtaḃairt ḋanhsa óm Aṫair: agus ní ḃfuil a ḟios ag éinneaċ ciá hé an Mac, aċd ag a Naṫair; agus ciá hé an Taṫair, aċd ag an Mac, agus an té dá dtiúḃraḋ an Mac a noċduġaḋ. 23 Agus ar ḃfilleaḋ ċum a ḋeiscíobal, a duḃairt sé fá leiṫ riú, is beannaiġṫe na súile do ċí na neiṫe do ċiṫísi: 24 Oír a deirim riḃ, Gur ab iomḋa fáiġe agus riġṫe lér ṁián na neiṫe do ċiṫisi dfaicsin, agus ní ḟacadar: agus na neiṫe do ċluintí do ċluinsin, agus ní ċúaladar. 25 Agus féuċ, déiriġ fear dliġe áiriġe na ṡeasaṁ, ag cur ċaṫaiġṫe airsion, agus ag ráḋ, A Ṁaiġhisdir, créd do ḋéana mé ionnus go ḃfuiġinn an ḃeaṫa ṁarṫannaċ doiġreaċd? 26 Aċd a duḃairt seision ris, Créd a tá sgríoḃṫa ann sa dliġeaḋ? Cionnas léaġas tú? 27 Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé, Gráiḋeoċuiḋ tú do Ṫiġearna Dia as do ċroiḋe uile, agus as tanam uile, agus as do ḃríoġuiḃ uile, agus as da smúaintiġṫiḃ uile; agus do coṁarsa mar ṫu féin. 28 Agus a duḃairt seision ris, As díreaċ do ḟreagair tú: déanasa so, agus maírfiḋ tú. 29 Aċd ar mbeiṫ ḋósan, funnṁar ó a ḟiréantaċd féin da ṫaisbéanaḋ, a duḃairt sé re Híosa, Maseaḋ ciá hé mo ċoṁarsa? 30 Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé, Do ċúaiḋ duine áiriġe siós ó lérusalem go Iérico, agus tárla a measg ḃioṫaṁnaċ é, do ṡlad e, agus do loit é, agus do imṫiġ rompa, ar na ḟagḃáil leaṫṁarḃ. 31 Agus tárla tré ċinneaṁain gur ġaḃ sagart áiriġe síos sa tsliġe sin: agus ar na ḟaicsinsion dó, do ġaḃ sé ṫairis don táoḃ eile don tsliġe. 32 Agus mar an gcéadna Leḃita, a teaċd ċum a nionaid sin, ar na ḟaicsin dó, do ġáḃ sé ṫáiris don táoḃ eile. 33 Agus ar mbeiṫ ag gaḃáil na sliġeaḋ, do Ṡamaritánaċ áiriġe, ṫáinic sé mar a raiḃ seision: agus ar na ḟaicsin, do ġaḃ truáiġe ġér ḋó é 34 Agus ar ndrud ris, do ċeangail sé a ċneaḋa, ag dortaḋ ola agus fióna ionnta, agus ar na ċuir air a ainṁiḋe féin dó, rug sé leis go tiġ ósda é, agus do ġaḃ sé cúram na ṫimċeall. 35 Agus ag imṫeaċd dó lá ar na ṁáraċ, do ḃean sé ḋá ṗiġinn amaċ agus tug sé don ósdóir iád, agus a duḃairt sé ris, Bíoḋ cúram agad fan ḟearso; agus giḃ bé ċaiṫfeas tú as a ċionn so, an tráṫ ḟillfeadsa, do ḃéara me ḋuit é. 36 A nois cía don triúrsa, ḃreaṫnaiġeas tusa, do ḃeiṫ na ċoṁarsain ag an tí úd ṫárla a measg na mbioṫaṁnaċ? 37 Agus a duḃairt seísion, An tí ud do rinne trocaire air, Ar a naḋḃasin a duḃairt Iósa ris, Imṫiġsi agus déana mar an gcéadna. 38 Agus tárla, ag imṫeaċd dóiḃ, go ndeaċaiḋ seision go baile áiriġe: agus go rug bean áiriġe dar ḃaimn Martá dá tiġ fein é. 39 Agus do ḃí deirḃṡiúr aicesi dá ngoirṫí Muire, agus ar suiḋe ḋi ag cosaiḃ Iosa, do ḃí si ag éisdeaċd lé na ḃríaṫraiḃ. 40 Agus do ḃí Martá lán do ċúram lé hiomad frioṫoluiṁ, agus a duḃairt sí, A Ṫiġearna, an é naċ meisde leaċd mar dfág mo ḋeirḃṡiúr misi am áonar ag frioṫolaṁ ar a naḋḃarsin abair riá cungnaṁ riom. 41 Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé ría, A Ṁartá, a Ṁartá, atá tú ro ċúramaċ agus buaiḋriḋ tú ṫú féin fá ṁóran do neiṫiḃ: 42 Aċd ċeana ein ní a ṁaín atá riaċdanaċ: rug Muire an ċuid ṁaiṫ do roġain, naċ béarṫar uáiṫe. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society