Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil I Geinéaḋ Eóin Ḃaisde, 39 le fáiġeadoireaċt Elisabet, 46 Ṁuire, 67 agus Saċarias.

1 Do ḃríġ gur ġaḃadar mórán do láiṁ sdair do sgríoḃaḋ air na neiṫiḃ agá ḃfuil a sáirḟios aguinne,

2 Do réir mar ṫugadar na dáoine do ċonnairc lé na súiliḃ rein ó ṫús, agus do ḃí ag miniosdrálaċd na bréiṫre, ḋúinne íad;

3 Do ċonncas daṁsa mar an gcéudna, a Ṫeoṗilus ro oirḋeirc, ar ḃfaġáil feasa iomlan gaċ uile neiṫe ó na ḃfíorṫosaċ ḋaṁ, a sgríoḃaḋ ċugadsa a nórduġaḋ,

4 Do ċum go mbía deiṁin na mbriaṫar, do múineaḋ ḋuit agad.

5 Re linn Iorúaiṫ, rí ṫire Iúdaiġe, do ḃí sagart airiġe dár ḃainm Saċarías, do ṡeal Abía: agus a ḃean dinġeanuiḃ Aaróin, agus, Elísabet do baimn ḋi.

6 Agus do ḃádar a ráon na ndáoiniḃ fíreanta a ḃfíaḋnuisi Dé, ag sioḃal go neiṁċiontaċ ann uile aiṫeantuiḃ agus órduiġṫiḃ an Tiġearna.

7 Agus ní raíḃ, slioċd orrṫa, do ḃríġ go raiḃ Elisábet aimrid agus go raiḃ áois ṁór aca ar áon.

8 Agus tárla, an tan do ḃí sé ag déanaṁ oifige an tsagairt a ḃfiaḋnuisi Dé ann a ṡeal féin,

9 Do réir ġnáṫuiġṫe oifige an tsagairt, go ráinic ḋó an túis do losgaḋ tar éis dul a sdeaċ go teampoll an Tiġearna ḋó.

10 Agus do ḃí coiṁṫionól an ṗubail uile ag déanaṁ úrnuiġe a muiġ a naimsir na túise.

11 Agus do taiḋḃreaḋ ḋó aingeal an Tiġearna na ṡeasaṁ ar an dtáoiḃ ndeas daltóir na túise.

12 Agus ar na ḟaicsin do Ṡaċarías, do ḃí sé ar na ḃúaiḋreaḋ, agus do ġlac eagla é.

13 Aċd a duḃairt an taingeal ris, Ná bíoḋ eagla ort, a Ṡaċarías: óir do héisdeaḋ húrnuiġe; agus béaruiḋ do ḃean Elisábet mac ḋuit, agus do ḃéara tú Eóin mar ainm air.

14 Agus buḋ gáirdeaċus agus lúaṫġáire ḋuit é; agus biaiḋ lúaṫġaire ar ṁóran fa na ḃreiṫ.

15 Oir bíaiḋ sé na ḋuine ṁór a ḃfíaḋnuisi an Tiġearna, agus ni íoḃa sé fíon na deoċ láidir; agus fós bíaiḋ sé lan don Spiorad Náoṁ, ó ḃroinn a ṁáṫar.

16 Agus fillfiḋ sé mórán do ċlannuiḃ Israél ċum an Tiġearna a Ndía féin.

17 Oir géuḃaiḋ seisean roiṁesan a spioraid agus a ṡuḃáilce Elías, dfilleaḋ ċroiḋeaḋ na naiṫreaċ ċum na cloinne, agus na neasuṁal ċum gliocuis na dáoine gcoṁṫrom; agus dullṁuġaḋ ṗobuil ḋiongṁálta don Tiġearna.

18 Agus a duḃairt Saċarías ris an aingeal, Cionnas ḃías a ḟios so agamsa? óir a táim um ḋuine arsuiḋ, agus a tá áois ṁór ag am ṁnáoi.

19 Agus ar ḃfreagra don aingeal a duḃairt sé ris, Is misi Gabríel, ṡeasas a ḃfíaḋnuisi Dé; agus do cuireaḋ mé do laḃairt riotsa, agus dinnsin na núaiḋeaċd maiṫ so ḋuit.

20 Agus, féuċ, bíaiḋ tú gan úrlaḃra, agus ní bá héidir leaċd laḃairt, go soiṫe an lá an a dtiocfaid na neiṫe so ċum críċe, do ḃríġ nár ċréid tu dom ḃríaṫraiḃsi, noċ coiṁlíonfuiġear na nam féin.

21 Agus do ḃí an pobal ag fuireaċ ré Saċarías, agus do biongnaḋ léo an fad do ḟan sé sa teampoll.

22 Agus ar ndul a maċ ḋó, nír ḃéidir leis laḃairt ríu: agus do aiṫniġeadar go ḃfacaiḋ sé taiḋḃsi sa teampoll: óir do sméid sé orrṫa, agus do ḟan sé balḃ.

23 Agus tárla ḋó, an tan do coiṁlionaḋ laéṫe a ṁiniosdrálaċda, go ndeaċaiḋ sé ḋá ṫiġ féin.

24 Agus tar éis na laeṫesi, do toirrċeaḋ Elísabet a ḃeansan, agus do ḟolaiġ si í féin ar feaḋ ċuig mios, ag ráḋ,

25 Oír is mar so do rinne an Tiġearna rium ann sna laeṫiḃ an ar ḟéuċ sé oram, do ṫógḃáil mo neiṁċeana ḋiom a measg na ndáoine.

26 Agus an sa seisioḋ mí, do cuireaḋ an taingeall Gabríel ó Ḋía go caṫruiġ don Ġalilé, dár bainm Násaret,

27 Dionnsuiġe óiġe ar a raiḃ ceart ag fear do ṫiġ Ḋáiḃí, dár aínm Ióseṗ; agus do bé do bainm do nóiġ, Muire.

28 Agus ar ndul a sdeaċ dá hionnsuiġe do naingeal, a duḃairt se, Dia do ḃeaṫa a óġ roġrásaṁuil: a tá an Tiġearna maille riot: is beannuiġe ṫú eidir na mnáiḃ.

29 Agus an tan do ċonnairc sí é, do ḃí sí ar na búaiḋreaḋ fá na ḃriaṫraiḃ, agus do ḃí sí ag smúaineaḋ créd an ġné ḃeannuġṫeaso.

30 Agus a duḃairt an taineal ría, Ná bíoḋ eagla ort, a Ṁuire: óir fúair tú grása ó Ḋía.

31 Agus, féuċ, bíaiḋ tú torraċ ad ḃruinn, agus béaraiḋ tú mac, agus do ḃéara tú IOSA dainm air.

32 Bíaiḋ se mór, agus goirfiḋear Mac an té is Airde ḋe: agus do ḃéura an Tiġearna Día caiṫír Ḋáiḃí, aṫar féin ḋó.

33 Agus bíaiḋ sé na riġ ar ṫiġ Iácob go bráṫ; agus ní ḃía deireaḋ ar a ríoġaċd.

34 Agus a duḃairt Muire ris a naingeal, Cionnas ḃías so, óir ní ḃfuil fios fir agamsa?

35 Agus ar ḃfreagra do naingeal a duḃairt se ría, Tuirléonguiḋ an Spiorad Náoṁ ort, agus foiléoċaiḋ cuṁaċda an té as Airde ṫú: uime sin an ní náoṁṫa ḃéaras tú goirfiġear Mac Dé ḋe.

36 Agus, féuċ, Elisabet do ṡiur, a tá sisi leis torraċ air ṁac ann a hárrsuiġeaċd: agus is sé so an seisioḋ mí don ṁnáoi úd, dá ngoirṫear bean aimrid.

37 Oír ní ḃía ní ar biṫ doiḋéunta do Ḋia.

38 Agus a duḃairt Muire, Féuċ, banóglaċ an Tiġearna; teagṁaḋ ḋaṁsa do réir do ḃréiṫrisi. Agus do imṫiġ an taingeal úaiṫe.

39 Agus an tan do éiriġ Muire ann sna laéṫiḃ sin, do ċúaiḋ sí go ḋeíṫneasaċ ċois sléiḃe, go caṫraiġ Iúda;

40 Agus do ċúaiḋ sí a steaċ go tiġ Ṡaċarías, agus do ḃeannaiġ si Délisabet.

41 Agus tarla, mar do ċúalaiḋ Elisabet beannuġaḋ Ṁuire, gur ḃíog an náoiḋeanán ann a broinn; agus do ḃí Elisábet air na líonaḋ don Spiorad Naoṁ.

42 Agus do éiġ sí do ġuṫ ṁór, agus a duḃairt si, Is beannaiġṫe ṫú eidir na mnáiḃ, agus is beannaiġṫe toraḋ do ḃronn,

43 Agus cionnus do éiriġ so ḋamsa, go dtiocfaḋ maṫáir mo Ṫiġearna féin ċugam?

44 Oir, féuċ, coṁlúaṫ is ṫáinic fúaim do ḃeannaiġṫe am ċlúasaiḃ, do ḃíog an náoiḋeanán lé gáirdeaċus ann mo ḃroinn.

45 Agus is beannaiġṫe an ḃean do ċreid: óir coiṁlionfuiḋear na neiṫe do ġeall an Tiġearna ḋi.

46 Agus a duḃairt Muire, Aḋmolaiḋ manam an Tiġearna,

47 Agus do ní mo spiorad gáirdeaċus a Ndía mó Ṡlánuiġṫeóir.

48 Do ḃríġ gur ḟéuċ sé ar úṁla a ḃanóglaiġe f éin: oír, féuċ, ó so súas goirfid na huile ċine beannuiġṫe ḋíom.

49 Oir do rinne an té a tá cuṁaċdaċ neiṫe móra ḋaṁsa, agos is náoṁṫa a ainm.

50 Agus a tá a ṫrócaire ó ḋíne go díne don dréim ar a ḃfuil a eagla.

51 Do rinne sé gníoṁ láidir lé na láiṁ; do spréiġ sé na dáoine úraiḃreaċa a smúaintiġe a gcroiḋeaḋ féin.

52 Do ṫarruing sé na dáoine cuṁaċdaċa as a gcaiṫiriḃ, agus do árduiġ sé na dáoine uṁla.

53 Do líon sé na dáoine ocraċa lé, neiṫiḃ maiṫe; agus do ċuir sé úaḋ na dáoine saiḋḃre foluṁ.

54 Do ṫóg sé súas Israél a ṡearḃḟoġantuiḋe féin, do ċuiṁniuġaḋ ar a ṫrócaire;

55 (Mar do laḃair sé ré ar naiṫ-reaċuiḃ, Abraham, agus ré na ṡíol go bráṫ.)

56 Agus do ḟan Muire na foċair timċeall ṫrí míos, agus do ḟill sí ḋá tiġ féin.

57 Agus táinic ionḃuiḋ Elísabet ion ar ṁíḋid ḋiġ breaṫ; agus rug sí mac.

58 Agus do ċúaladar a coṁarsain agus a dáoine gáoil, gur ḟoillsiġ an Tiġearna a ṫrócaire ṁór féin di; agus do rinneadar gáirdeaċus má ráon ria.

59 Agus tárrla, go dtangadar air a noċdṁaḋ lá do ċum go ndéanaídís an náoiḋe do ṫimċeallġearráḋ; agus do ġoireadar Saċarias de, do reir anma a aṫair.

60 Aċd ar ḃfreagra ḋá ṁáṫair a duḃairt sí, Ni háṁluiḋ ḃías; aċd Eóin goirfiḋear ḋe.

61 Agus a duḃradar ría, Ní ḃfuil éannduine dod ċineaḋ dá ngoirṫear an tainmsi.

62 Agus do rinneadar coṁarṫa ḋá aṫair, créd an tainm bá mían leis do ṫaḃairt air.

63 Agus ar níarruiḋ cláir sgrioḃṫa ḋosan, do sgríoḃ sé, ag ráḋ, Is Eóin is ainm ḋó. Agus do ġaḃ iongantus íad uile.

64 Agus ar an mball do hosglaḋ a ḃéulsan, agus a ṫeanga, agus do laḃair sé, ag molaḋ Dé.

65 Agus do ġaḃ eagla a gcoṁarsuin uile: agus do haiṫriseaḋ na neiṫe so uile ċois tsléiḃe ṫíre Iúdaiġe uile.

66 Agus gaċ uile ḋuine ḋá gcúalaiḋ sin, do ċuireadar a dtaisgiḋ an a gcroiḋṫiḃ féin iad, ag ráḋ, Créd é an sórt leiniḃ ḃias so! Agus do ḃí láṁ an Tiġearna maille ris.

67 Agus do ḃí Saċarías aṫair, lán don Spíorad Náoṁ, agus do rinne sé faiḋeadóireaċd ag ráḋ,

68 Go maḋ beannaiġe au Tiġearna Día Israel; ar son gur ḟiosruiġ sé agus gur ḟúasgail sé a ṗobal féin,

69 Agus do ṫóg sé súas aḋarc na sláinte ḋúinne a dtiġ Ḋáiḃi a ṡearḃḟoġantuiḋe féin;

70 Do réir mar do laḃair sé tré ḃéul a ḟáiḋeaḋ náoṁṫa féin, do ḃí ann ó ṫús an domáin:

71 Ga gcuiṁdéoċaḋ sé sinn ó ar naiṁdiḃ, agus ó láiṁ gaċ uile ḋuine agá ḃfuil fúaṫ ḋuinn;

72 Go ndéanaḋ sé trócaire air ar naiṫreaċuiḃ, agus go gcuiṁnéoċaḋ sé a ṫiomna náoṁṫa féin;

73 Agus ar an mionna lé a dtug sé móid Dábrahám ar naṫairne, go dtiuḃraḋ sé ḋúinn,

74 Go mbémís gan eagla air ar sáoraḋ ó láiṁ ar náṁad do ċum seirḃisi do déanaṁ ḋó féin,

75 A náoṁṫaċd agus a ḃfíréantaċd na ḟíaḋnuisiséan, a laéṫiḃ ar mbeaṫa uile.

76 Agus tusa, a leiniḃ, goirfiṫear diot faíḋ an té as Airde: óir raċuiḋ tú roiṁ aġaiḋ an Ṫiġearna dullṁuġaḋ a ṡliġeaḋ;

77 Do ṫaḃairt éolus na sláinte dá ṗobal tré ṁaiṫeaṁnus na bpeacaḋ,

78 Tré ṫrócaire ro ṁóir ar Ndia féin; lér ḟiosruiġ sé sinn ag éirġe ón ionad árd,

79 Do ṫaḃairt soillsi don droing do ḃí na suiḋe a ndorċadas agus a sgáile an ḃáis, agus do ḋíorġaḋ ar gcos a sliġe na síoṫċána.

80 Agus do ḟás an leanaḃ, agus do neartuiġeaḋ é a spíoruid, agus do ḃí sé ar na fásuiġiḃ go soiṫe an lá an ar ḟoillsiġ sé é féin Dísraél.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan