Leḃiticus 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil 9 Tús na miniostralaċd ċoitċinne, uma ċráḃuiḋ. 24 Noċ do ṫaitin ré Día. 1 Agus táinic a gcriċ ar a noċdṁaḋ lá, gur ġoir Maóise Aaron agus a ṁic, agus sinnsir Israel; 2 Agus a duḃairt ré Haáron, Glac láoġ óg mar ofráil ṗeacaiḋ, agus reiṫ mar ofráil loiscṫe, gan ċáiḋe, agus ofráilsa íád a ḃfíaḋnuisi an TIĠEARNA. 3 Agus laiḃeoruiḋ tú ré cloinn Israel, gá ráḋ, Glacaiḋsi meannán do na gáḃruiḃ ar son ofrála ṗeacaiḋ; agus láoġ, agus uan, araon don ċédḃlíaḋain, gan ċáiḋe, mar ofráil loiscṫe; 4 Bulóg agus reiṫe mar an gcéadna mar ofráil ṡioḋa, díoḋbuirt a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA; agus ofráil ḃíḋcumaiscṫe le hola: oir foillséoċaiḋ an TIĠEARNA é féin a niuġ ḋáoiḃ. 5 ¶ Agus tugadar leó an ní do aiṫin Maóisi a laṫair ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ: agus tangadar an coiṁṫionól uile a gcoṁġar agus do ṡeasadar as coinne an TIĠEARNA. 6 Agus a duḃairt Maóise, As é so an ní do aiṫin an TIĠEARNA ḋíḃ do ḋéanaṁ: agus foillseoċṫar glóir an TIĠEARNA ḋáoiḃ. 7 Agus a duḃairt Maóise ré Háaron, Imṫiġ ċum na haltóra, agus íoḋbuir hofráil ṗeacaiḋ, agus hofráil loiscṫe, agus déana síoṫ ḋuit féin, agus don pobal: agus íoḋbuir ofráil an ṗobuil, agus déana síoṫ ḋóiḃ: mar do aiṫin an TIĠEARNA. 8 ¶ Ar a naḋḃarsin do ċuáiḋ Aáron ċum na haltóra, agus do ṁarḃ láoġ na hofrála peacaiḋ, noċ do ḃí ar a ṡon féin. 9 Agus tugadar mic Aáron a nfuil ċuige: agus do ṫum a ṁéur annsa nfuil, agus do ċuir ar ḃeannuiḃ na haltóra í, agus do ḋóirt a nfuil amaċ ag bonn na haltóra: 10 Aċd do loisc sé an ġeir, agus na duḃáin, agus an scairt ós cionn na nae, do nofráil ṗeacaiḋ, ar a naltóir; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise. 11 Agus do loisc a nféoil agus an tseiṫe le teiniḋ táoḃ a muiċ don ċampa. 12 Agus do ṁarḃ sé a nofráil loiscṫe agus tugadar mic Aaron a nfuil ċuige, noċ do ċroiṫ sé timċioll fá gcuáirt ar a naltóir. 13 Agus tugadar a nofráil loiscṫe ċuige, maille re na spólluiḋiḃ, agus an ceann: agus do loisc ar a naltóir íad. 14 Agus do niġ an mionaċ agus na cosa, agus do loisc íad ar a nofrail loiscṫe ar a naltóir. 15 ¶ Agus tug ofráil an ṗobuil, agus do ġlac an gaḃar, do ḃí mar ofráil ṗeacaiḋ ar son an ṗobail, agus do ṁarḃ é, agus do íoḋbuir ar son ṗeacaiḋe, mar an gcéad. 16 Agus tug a nofráil loiscṫe, agus do ofráil í do réir ġnáṫa. 17 Agus tug a nofráil ḃíḋ, agus do ġlac lán duirn di, agus do loisc í ar a naltóir, táoḃ a muiġ díoḋbuirt loiscṫe na maidne. 18 Do ṁarḃ mar an gcéadna an ḃulóg agus an reiṫe, mar íoḋbuirt ofrála síoḋa, noċ do ḃí ar son an ṗobail: agus tugadar mic Aáron a nfuil ċuige, (noċ do ċroiṫ se ar a naltóir fá gcuáirt.) 19 Agus méaṫas na bulóige agus an reiṫe, an tiorbull, agus an ní ḟolċas an mionaċ, agus na duḃáin, agus an scairt ós cionn na náe: 20 Agus do ċuireadar an méaṫas ar na cliaṫánuiḃ, agus do loisc an méaṫas ar a naltóir: 21 Agus do ṁáilliġ Aáron na cliaṫáin agus an slinnéun deas mar ofráil ċroiṫte a ḃfíaḋnuisi an TIĠEARNA; mar do aiṫin Maóisi. 22 Agus do ṫóg Aáron súas a láṁ leaṫ ris an bpobal, agus do ḃeannuiḋ íad, agus táinic a núas ó íoḋbuirt na hofrála peacaiḋ, agus na hofrála loiscṫe, agus na hofrála síoḋa. 23 Agus do ċuáiḋ Maóisi agus Aáron go tabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, agus tangadar amaċ, agus do ḃeannuiġeadar an pobal: agus do foillsiuġaḋ glóir an TIĠEARNA don ṗobal uile. 24 Agus táinic teine amaċ ó ḟíaḋnuisi an TIĠEARNA, agus do ḋíoḃáiḋ ar a naltóir a nofráil loiscṫe agus an ġeir: noċ a nuáir do ċonairc an pobal, do ġáireadar, agus do ṫuiteadar ar a naġaiḋ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society