Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Leḃiticus 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil 7 Trí ġné ioḋbarta sioṫċána agus roiḋteaḋ. 12 Mar ḃreiṫ ḃuiḋeaċuis. 16 Mar ṁóid, agus mar ofrail ṫoileaṁla.

1 Mar an gcéadna is é so dlíġeaḋ na hofrála sáruiġṫe: atá sé ro náoṁṫa.

2 Annsa náit a marḃuid siad a nofráil loiscṫe is ann muirfid a nofráil ṡáruíġṫe: agus croiṫfiḋ sé a ḟuil timċioll ar a naltóir.

3 Agus ofráilfiḋ sé ḋe méaṫas uile; a niorbuil, agus an méaṫas ḟolċus na hinníḋe,

4 Agus an dá ḋúḃán, agus an méaṫas ḃiós orra, noċ atá fa náran, agus an scairt atá os cionn na naé, maille ris na duḃánuiḃ, bainfiḋ sé sin as:

5 Agus loiscfiḋ an sagart iad ar a naltóir mar ofráil déanta lé teiniḋ don TIĠEARNA: Is ofráil ṡaruiġṫe sin.

6 Iósuiḋ gaċ aón ḟirionnaċ a measc na sagart de sin: an sa náit náoṁṫa iostar é: ata ro naoṁṫa.

7 Mar atá a nofráil ṗéacaiḋ, is aṁluiḋ atá a nofráil ṡáruiġṫe: is éaindliġeaḋ atá orra: an sagart do ḋéanas sí les is aige ḃías sé.

8 Agus an sagart ioḋbras ofráil loiscṫe ḋuine air biṫ, is ag an tsagart féin ḃíos croicionn na hofrála loisce, do ní íoḋbuirt.

9 Agus gaċ uile ofráil ḃíḋ dá mbácáltar annsa ḃácus, agus gaċ uile ḋeasuiġṫear annsa ḃfriṫóiġeann, agus annsa noiġean, biaiḋ ag an tsagart ofrálus é.

10 Agus gaċ uile ofráil ḃíḋ, cumaiscṫe le hola, agus tirim, bíaiḋ ag cloinn Aáron uile, gaċ ean oiread re na ċéile.

11 Agus as é sin dliġeaḋ ioḋbárṫa na hofrála sioṫċána, noċ ofráilfeas sé don TIĠEARNA.

12 Má ofrálann sé é mar ḃreiṫ ḃuiḋeaċuis, ann sin ofráilfiḋ sé maille re íoḋbuirt ḃeirṫe ḃuiḋeaċuis bairġeana gan laiḃín cumaiscṫe le hola, agus aḃlanna gan láiḃin ungṫa le hola, agus cacaiḋe cumaiscṫe le hola do ṗlúr ṁín, fríalta.

13 Táoḃ a muiċ dona cácuiḃ, ofráilfiḋ mar ofrail aran laiḃín maille ré ioḋbuirt ḃeirṫe ḃuiḋeaċuis dá ofráil ṡioḋa.

14 Agus de sin ofráilfiḋ sé aón as a nofráil iomlán mar ofráil ṫógṫa don TIĠEARNA, agus buḋ leis an tsagart do ċroiṫ fuil na hofrála sioṫċána sin.

15 Agus féoil íoḋbarṫa ofrála síoḋa ar son buiḋeaċuis ióstar an ló sin féin ióḋbarṫar í; ni ḟúigfiḋ sé éainní ḋe ċum na maidne.

16 Aċd má ḃíonn ióḋbuirt a ofrála na moíd, nó na hofráil toileaṁuil, ióstar an lá sin féin í ofrálas a íóḋbuirt: agus ar na ṁáraċ mar an gcéadna ióstar an fuiġeall.

17 Aċd fuiġeall ḟeóla na híoḋbarṫa an treas lá loiscfiġear le teiniḋ é.

18 Agus ma hiostar eainní dfeóil ioḋḃarṫa a ofrála síoḋa ar éanċor an treas lá, ní geaḃṫar í, ní mó meastar do nofráil í: biáiḋ sí na haḋúaṫṁuireaċd, agus an tanam íosas di iomċóruiḋ sé a ċoir.

19 Agus a nfeoil beanas ré háoinní salaċ ní híostar í; loiscfíġear le teiniḋ í: agus ar son na feóla, an ṁéid ḃías glan íosuid di.

20 Aċd an tanam iṫeas dfeóil íoḋbarṫa na hofrála síoṫċána, noċ is leis an TTIĠEARNA, gá ḃfuil a neaṁġloine air, gearrfuíġear an tanam sin ṫríd amaċ as a ṁuinntir.

21 Os a ċionn so giḋ bé anum ḃeanas ré ní salaċ, mar atá salċar duine, no beaṫaiḋ neaṁgloin, nó re héainní aḋuaṫṁar neaṁġlan, agus íosas cuid dfeóil íoḋbarṫa na hofrála síoḋa, noċ ḃeanas ris an TIĠEARNA, gearrfuiġear an tanamsin ṫríd amaċ ó na ḋáoiniḃ.

22 ¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, ḋá ráḋ,

23 Laḃáir re cloinn Israel dá ráḋ, Ni íostáoi éainġné ṁéaṫas, doiṁ, nó cáoraċ, no gaḃair.

24 Aċ geir an ḃeaṫaiḋ do ġeiḃ bás uáḋa féin, agus méaṫas a nainṁiḋe réubuid beaṫaiḋ, is eidir sin do ċur a núsáid ar biṫ eile: giḋeaḋ ní íostáoi éinní ḋe ar éanċor.

25 Oir giḋ bé ar biṫ íosas do ġeir an ḃeaṫaiḋ, íoḋbruid dáone mar ofráil déanta le teiniḋ don TIĠEARNA, fós an tanam íosas de sin gearrfuiġear amaċ ó na ṁuinntir é.

26 Tuilleaṁ eile ní íostáoi gné ḟola ar biṫ, mas déun no daínṁiġe, a náon da ḃur náitreaḃaḋ.

27 Giḋ be ar biṫ anum íosas éainġné fola, gearrfuiġear ċeana an tanamsin ó na ṁuinntir.

28 ¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Máoise, ḋá ráḋ,

29 Laḃair ré cloinn Israel, dá ráḋ, An té ofrálus íoḋbuirt ofrála síoḋa don TIĠEARNA do ḃeura se taḃartas ċum an TIĠEARNA do íoḋbuirt ofrála ṡíoḋa.

30 A láṁa féin ḃéurus leis ofrail an TIĠEARNA déanta lé teiniḋ, an ġeir maille ris an gclíaṫán, do ḃeura sé leis, cor go gcroiṫfidis an cliaṫán ar son ofrála luáiṁniġṫé as coinne an TIĠEARNA.

31 Agus loiscfiḋ an sagart an ġeir ar a naltóir: aċd buḋ lé Haáron agus le na ṁacaiḃ an tuċd.

32 Agus do ḃearṫáoi an slinneán deás don tsagart mar ofráil ṫógṫa don íoḋbuirt do nofráil ṡíoṫċána.

33 An té do ṁacaíḃ Aáron ofrálus fuil na hofrala sioṫċána, agus an méaṫus, is é do ġeaḃa an slinneán deas ar son a ċoda.

34 Oír do ḃean misi an tuċd luáimneaċ agus an slinneán tógṫa do ċloinn Israel do íoḋbuirt a nofrála síoṫċána, agus ṫug mé do Aáron an sagairt íad agus dá ṁacaiḃ mar statúid go bráṫ ó ṁeasc cloinne Israel.

35 ¶ Is é so coṁroinn ungṫa Aáron, agus ungṫa a ṁac, as ofráluíḃ an TIĠEARNA déanta le teiniḋ, annsa ló ar ċuír se a steaċ íad do ṁiniostralaċd don TIĠEARNA a noifig an tsagairt;

36 Noċ do aiṫin an TIĠEARNA do ṫaḃairt dóiḃ ó ċloinn Israel, annsa ló ar ungaḋ íad, lé statúid go bráṫ ar faḋ a ngeinéalaċ.

37 Is é so dliġeaḋ na hofrála loiscṫe, na hofrála bíḋ, na hofrála peacaiḋ, agus na hofrála sáruiġṫe, agus na gcoisreagaḋ, agus íoḋbarṫa na nofrálaḋ síoḋa;

38 Noċ do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise a slíaḃ Sínai, annsa ló ar aiṫin sé do ċloinn Israel an íoḋbuirt dofráil don TIĠEARNA, a ḃfasaċ Sínai.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan