Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Leḃiticus 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil 5 Iomḋa cás a ndearntar peacaḋ; 6 Agus an moḋ ar a bfuiġṫear glanaḋ uaṫa.

1 Agus má ṗeacuiġeann anum, agus go néistfé guṫ mionn, agus go mbía na ḟiaḋnuisi, an ḃfacaiḋ nó nar ḟionn sé an ní; muna ḟoillsíġe sé é, annsin iomċóruiḋ a ċoir.

2 Nó má ḃeanann anum ré háoinní salaċ, mas conablaċ éainní neaṁġlan, nó conablaċ ainṁiḋe neaṁġloin, nó conablaċ neiṫeaḋ neaṁġlan ṡnáiḋeas, má ċeiltear leis é; biáiḋ sé neaṁġlan, agus ciontaċ mar an gceadna.

3 No má ḃéanann sé le salċar duine, giḋ bé ar biṫ neaṁġloine lé saileoċṫar duine, agus go gceilfiḋ é; a nuáir ḃias a ḟios aige, annsin biáiḋ sé ciontaċ.

4 Nó má ḃeir anum miónna, ga ráḋ ré na ḃéul go ndéana sé olc, nó go ndéana maiṫ, giḋ bé ar biṫ é ḟuaigeorus duine le mionnuiḃ, agus naċ raiḃ a ḟios aige; agus go gceilfiḋ é a nuair ḃias a ḟios aige, annsin biáiḋ sé ciontaċ a ní éigin díoḃso.

5 Agus is aṁluiḋ ḃías, a nuáir ḃias sé ciontaċ a néinní ḋíoḃ so, go naideoṁuiḋ se go ḃfuil sé ciontaċ annsin ní sin:

6 Agus do ḃéura sé ofráil ċoire ċum an TIĠEARNA ar son an ṗeacaiḋ do rinne sé, bainionnaċ ón tréud, úan nó meannán ó na gaḃruiḃ, mar ofráil ṗeacaiḋ; agus do ḋéana an sagart síṫ ar a ṡon a ttáoḃ an ṗeacaiḋ.

7 Agus muna ttí ḋé úan do ṫaḃairt leis, annsin do ḃéura sé ḋá ċolum túrtuire les ar son an ṗeacuiḋ do rinne sé, nó ḋá ċolum óga ċum an TIĠEARNA; áon mar ofráil ṗeacaiḋ, agus an dara mar ofráil loiscṫe.

8 Agus do ḃéura ċum an tsagairt íad, noċ ofráilfeas sin ḃías ar son na hofrála peácaiḋ an ċéaduair, agus fáisgfiḋ a ċeann da ḃráġaid, aċd ní roinnfeaḋ ó ċéile é:

9 Agus dóirtfiḋ dfuil na hofrála peacaiḋ ar ṫáoḃ na haltóra; agus fáisgfíġear án ċuid eile don ḟuil amaċ ag bónn na haltóra: Is ofráil peacuiḋ sin.

10 Agus ofráilfiḋ an dara mar ofráil loiscṫe, do réir an ġnáṫ: agus do ḋéana an sagart síoṫċáin ar a ṡon, ar son an ṗeacaiḋ do rinne sé, agus maiṫfiġear ḋó é.

11 ¶ Aċd muna ttí ḋe ḋá éun turtuire, nó ḋá ċolum óga ṫaḃairt, annsin do ḃéura an té do ṗeacaiḋ ar son a ofrála, an deaċṁaḋ cuid do eṗah do ṗlúr mín mar ofráil ṗeacuiḋ; ní ċuirfiḋ ola air, ní mó ċuirfeas se túis air: óir is ofráil ṗeacaiḋ i.

12 Annsin do ḃéura sé ċum an tsagairt é, agus glacfuiḋ án sagart lán a ḋuirnn de, eaḋon na ċuiṁne sin, agus loiscfiḋ ar naltóir é, do réir na nofrálaḋ do níṫear teiniḋ don TIĠEARNA: is ofráil ṗeacaiḋ sin.

13 Agus do ḋéana an sagart síoṫċáin dó ar son a ṗeacaiḋ do rinne a náon díoḃso, agus maiṫfiġear ḋó é: agus biáiḋ an fuiġeall ag an tsagart mar ofráil ḃíḋ.

14 ¶ Agus do laḃaír an TIĠEARNA ré Maóise, ḋa ráḋ,

15 Ma ní anum coír, agus go bpeacóċuiḋ sé tré ainḃfios, a neiṫíḃ náoṁta an TIĠEARNA; annsin do ḃéura sé ċum an TIĠEARNA ar son a ṡáruiġṫe, reiṫe gan ċáiḋe as na tréuduiḃ, réir do ṁeassa lé seceluiḃ airgid do réir ṡecel na sanctóra, mar ofráil ṡáruiġṫe:

16 Agus do ḋéana sé leasuġaḋ annsa doċar do rinne annsa ní naoṁṫa, agus cuirfiḋ an cúigeaḋ cuid na ċionn, agus do ḃéura don tsagart é: agus do ḋéana an sagart síoṫċáin do le reiṫe na hofrála sáruiġṫe, agus maiṫfiġear ḋó é.

17 ¶ Agus má ṗeacuiġeann anum, agus go ndéana éinní do na neiṫiḃsi do toirmioscaḋ uime do ḋéanaṁ lé haiṫeantuiḃ an TIĠEARNA; matá naċ raiḃ a ḟios aige, ṫairis sin atá ciontaċ, agus iomċóruiḋ sé a ċoir.

18 Agus do ḃéura sé reiṫe gan ċaíḋe as a tréud, réir do ṁeassa, mar ofráil ṡáruiġṫe don tsagart; agus do ḋéana an sagart síṫ ḋo ar son a ainḃfios iona ndéarna sé seaċrán agus naċ raiḃ a ḟios aige, agus maiṫfiġear ḋó é.

19 Is ofráil ṡáruiġṫe é: do ċiontuiġ sé go deiṁin a náġuiḋ an TIĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan