Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Leḃiticus 27 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil 27 Dliġe na móide. 32 Ní bfeidir an deaċṁaḋ do ṁalartuġaḋ.

1 Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, ḋá ráḋ,

2 Laḃair ré cloinn Israel, agus abair ríu, A nuáir do ḃéura duine a ṁoid ṡingil, buḋ leis an TIĠEARNA na daóine reir do ṁeassasa.

3 Agus búḋ é so do ṁeas do nfiór ó ḟiċid blíaḋan daóis go nuige seascad bliaḋan daóis, buḋ é do ṁeas caogad secel airgid, do réir ṡecel na sanctóra.

4 Agus más bean í, ann sin buḋ é do ṁeas tríoċad secel.

5 Agus más ó ċúig ḃlíaḋnuiḃ daóis ḃías go nuige fiṫċe blíaḋan, an sin buḋ é do ṁeás do nfior fiṫċe secel, agus don ṁnaoi deiċ sécél.

6 Agus más ó ṁí daóis ḃiás go nuige cúig ḃlíaḋna daóis, ann sin buḋ é do ṁeas don ḟior cúig secel dairgead, agus don ṁnáoi buḋ é do ṁeas tri secel.

7 Agus más ó ṫrí fiċid bliáḋan daóis ḃías agus ós a ċíonn; mas fear é, annsin buḋ é do ṁeas cúig secél déug, agus don ṁnáoi deiċ secel.

8 Aċd más boiċte é nó do ṁeas, ann sin foillseoċuiḃ é féin a laṫair an tsagairt, agus measfuiḋ an sagart é; do réir ċumuis ḟir na móíde ṁeasfas an sagart e.

9 Agus más beaṫaċ, dá ttugaid na dáoine ofráil a laṫair an TIĠEARNA, gaċ uile ní do ḃéir duine don TIĠEARNA dón tsórt sin biáiḋ náoṁṫa.

10 Ní áṫróċuiḋ tú é, agus ní ṁalairtfe tú é, ní maiṫ air ḋroċ ní, nó droċ ní ar ni maiṫ: má ṁalairteann tú ar áon ċor beaṫaċ ar ḃeaṫaċ, ann sin biáiḋ féin agus an ṁalairt náoṁṫa.

11 Agus más beaṫaċ neaṁġlan é, dá naċ déanuid íoḋbuirt ofrála don TIĠEARNA, ann sin taisbéanfuiḋ sé an beaṫáċ a láṫáir an tsagairt:

12 Agus measfuiḋ an sagart é, an maiṫ nó an saiṫ é: mar ṁeasas tusa, ḃías ad ṡagart é, is mar sin ḃías sé.

13 Aċd má ḟúasclann ar éanċor é, ann sin cuirfiḋ an cúigeaḋ cuid a ccion do ṁeastasa.

14 ¶ Agus a nuáir naóṁṫoċus duine a ṫiġ da ḃeiṫ náoṁṫa don TIĠEARNA, ann sin measfuiḋ an sagart é, an maiṫ nó an saiṫ é: mar ṁeasfus an sagart é, is mar sin ḃías seasṁaċ.

15 Agus má ḟúasglann an té do naoṁaiḋ a ṫiġ é, ann sin cuirfiḋ an cúigeaḋ cuid dáirgead an ṁeasda na ċíonn, agus biáiḋ aige.

16 Agus má náoṁann duine don TIĠEARNA cuid éigin do ṁaċaire a ṡeilḃe, annsin biáiḋ do ṁeas do réir a ṡíl sin: meusfuiḋear cáogad secel airgid do hómer síl eórna.

17 Má náoṁann a ṁaċaire ó ḃliaḋuin an iubilé, seasfuiḋ dó réir do ṁeastasa.

18 Aċd más tar éis na íubilé náoṁṫoċás sé a ḟearann, annsin coṁáirfiḋ an sagart an tairgead ċuige do réir ḃlíaḋan a nfuiġill, go blíaḋuin na iuḃile, águs léigfíġear sin síos dod ṁeas.

19 Agus má ḟúasglann an té dó náoṁuiḋ a ḟearann ar éanċor é, annsin cúirfiḋ ná ċionn an cúigeaḋ cuid dairgead dot ṁeassa, agus daingneoċar ḋó é.

20 Agus muna ḃfúascla se an fearann, nó má reac se an fearann ré duine eile, ní ḟuaisceoltar nís mó é.

21 Aċd an fearann, a nuáir raċus amaċ annsá íubilé, biáiḋ náóṁṫa don TIĠEARNA, mar ḟearann taḃartuis; biáiḋ a ṡealḃ ag an tsagart.

22 Agus má uáoṁann duine don TIĠEARNA fearann do ċeannuiġ sé, naċ do ṁaċairiġiḃ a ṡeilḃe;

23 Annsin coṁairfiḋ an sagart lúaċ ḋó mar ṁeasfas tusa, go nuige blíaḋuin an íubilé: agas do ḃéura do meassa uaḋ an lá sin, mar ni náoṁṫa don TIĠEARNA.

24 A mblíaḋuin an íubilé fillfiḋ an fearánn ċum an té ór ceanċaḋ é, eaḋon ċum an té lér leis sealḃ a nfearuinn.

25 Agus biáiḋ do ṁeassa uile do réir secel na sanctóra: fiṫċe gerah ḃiás annsá tsecel.

26 ¶ Aṁáin primidíl na mbeaṫaċ, buḋ cóir do ḃeiṫ na ṗrimidil ag an TTIĠEARNA, ní naóṁṫoċuíḋ éanduine é; mas daṁ, nó cáora é: is leis an DTIĠEARNA é.

27 Agus más beaṫaċ neaṁġlan é, annsin fuáisceoluiḋ sé é do réir do ṁeastasa, agus cuirfiḋ an cúigeaḋ cuid de na ċeann: agus muna ḃfúascaltar é, annsin reacfuiġear é do réir do ṁeastasa.

28 Giḋeaḋ, bronnta ḃronnfas duine don TIĠEARNA do nuile ní dá mbía aige, do ḋuine nó do ḃeaṫaċ, agus dá ḟearann ṡeilḃe, ní reacfuiġear agus ní ḟuáisceoltar é: atá gáċ uíle ní bronntar rónáoṁṫa ag an TIĠEARNA.

29 Einní bronntar, noċ ḃronntar ó ḋáoiniḃ, ni ḟuáisceoltar é; aċd cuirfiġear sin ċum báis go deiṁin.

30 Agus is leis an DTIĠEARNA an uile ḋeaċṁaḋ a nfearuinn, más do ṡíol an ḟearuinn, nó do ṫoraḋ an ċroinn, ceaċtar ḋíoḃ: atá náoṁṫa don DTIĠEARNA.

31 Agus má ḟuasglann neaċ ar éanċor éinní dá ḋeaċṁuiḋ, cuirfiḋ an cúigeaḋ cuid de na ċíonn.

32 Agus a ttáoḃ áirġe, nó tréada fá na ndeaċṁuiḋ, giḋ bé ní imṫiġeas fán tslait, biáiḋ a ḋeaċṁaḋ náomṫa ag an TIĠEARNA.

33 Ní spíonfa an maiṫ nó an olc é, ní mó ṁalairtfeas é: agus má ṁalairteann ar eanċor é, annsin biáiḋ féin agus an malartaċ náoṁṫa; ní ḟuáisceoltar é.

34 Is íad so na haiṫeanta, do aiṫin an TIĠAERNA do Ṁaóise ċum cloinne Israel a slíaḃ Sínai.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan