Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Leḃiticus 25 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil 25 Dliġṫe an iubile a gceann an tseaċdṁaḋ sabboid do bliaḋnuiḃ. 1 San ċáogad ḃlíaḋan.

1 Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise a slíaḃ Sínai, gá raḋ,

2 Laḃair ré cloinn Israel agus abair riú, A nuáir ṫiucfuiḋe don dúṫaiḋ do ḃeirimse ḋáoiḃ, annsin cuinneoċuid an dúṫaiḋ sábbóid don TIĠEARNA.

3 Sé blíaḋna ċuirfeas tú do ṁaċaire, agus sé blíaḋna leiseóċus tú ṫfinéaṁuin, agus ċruinneoċus tú a steaċ a toraḋ;

4 Aċd annsa seaċdṁaḋ blíaḋan biáiḋ sáoire ṡuáiṁneasa don dúṫaiġ, sábbóid don TIĠEARNA: ni ċuirfe tú ṫfearann, agus ní ḋeiseoċa tú ṫfíneaṁuin.

5 An ní ḟásas úaḋ féin dod ḟóġṁar ní ḃeanfa tú é, agus ní mó ċruinneoċus tú grápuiġe ṫfíneaṁna gan deasuġaḋ: óir is blíaḋuin ṡuáiṁneasa don dúṫaiḋ í.

6 Agus biáiḋ sábbóid na dúṫaiḋ na ḃíaḋ aguiḃ; ḋuit féin, agus dod ṡerḃiseaċ, agus dod ċailin, agus dod óglaċ túarasdail, agus don ċoiṁiḋṫeaċ ċoṁnuiġeas ad ḟoċair.

7 Agus do náirnéis, agus don ḃeaṫaċ ḃías ann do dúṫaiġ, biáiḋ a mbiseaċ sin uile mar ḃíaiḋ ḋuit.

8 ¶ Agus áireóṁuíḋ tú seaċd sábbóidiġ do ḃlíaḋnuiḃ ḋuit, seaċd nuáire seaċd mblíaḋna; agus spás na seaċd sábbóid do ḃlíaḋnuiḃ biáiḋ ḋuitse na gceaṫraċad águs ná náoi mblíaḋnaiḃ.

9 Annsin cuirfe tú fa deara stoc iubile do ṡéideaḋ, ar an deaċṁaḋ lá don tseaċdṁaḋ mí, a ló na síoṫa cuirfíḋe an stoc ḋá ṡéideaḋ ar feaḋ ḃur gcríċe uile.

10 Agus naoṁoċuiḋ tú an cáogadṁaḋ bliaḋan, agus fuáigeorṫáoí sáoirse ar feaḋ na críċe uile do nuile áitreaḃaċ innte: biáiḋ na iubile agaiḃ; agus fillfe gaċ áon aguiḃ dá ṡeilḃ féin, agus fulfiḋ gaċ áonduine aguiḃ ċum a ṁuintire féin.

11 Biáiḋ an cáogadṁaḋ blíaḋan sin na iubile aguiḃ: ní ċuirfíḋe, agus ní ḃeanfuiḋe an ní ḟásas uaiṫe féin inte, agus ní ċruinneoċa inte cáora ṫfinéaṁna gan deasuġaḋ.

12 Oír is é sin an iubile; biáiḋ náoṁṫa agaiḃ: iostáoi a ḃiseaċ amaċ as an maċaire.

13 A mblíaḋuin an iuḃile so fillfiḋe gaċ áonduíne aguiḃ dá ṡeilḃ féin.

14 Agus má reacann tú éainni red ċoṁarsuinn, nó má ċeannċann tú éainní as láiṁ do ċoṁarsann, ní ṡáireoċtáoi a ċéile.

15 Do réir uiḃre na mbliaḋan tar éis an iubile coinneoċuiḋ tú ód ċoṁarsuinn, águs do reir uiḃre ḃlíaḋan na ttórṫa reacfas sé riot:

16 Do réir iomad na mblíaḋan méideoċuiḋ tú a lúaċ sin, agus do réir laiġead ná ṁlíaḋan laiġdeoċúiḋ tú a lúaċ: óir is é uiḃir na blíaḋan ttórṫa reacfus seision riotsa.

17 Ar a naḋḃarsin ní ċuirfíḋe a ċéile síos; aċd biáiḋ eagla do Ḋé ort: óír is misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.

18 ¶ Uime sin do ḋéantáoi mo statúidiġ, agus coiṁéadfuiḋe mo ḃreiṫeaṁnus, agus do ḋéantáoi íad; agus áiteoċṫáoi annsa dúṫaiġ gan ḟaitċios.

19 Agus do ḃéura an talaṁ a ṫoraḋ, agus íóstáoise ḃur sáiṫ, agus áiteoċṫáoi ann gan ḟaitċios.

20 Agus má déarṫáoi, Créud íosam annsa seaċdṁaḋ blíaḋan? feuċ, ní ḋéanam síolċur, agus ní ċruinneoċam a steaċ ar mbiseaċ:

21 Ansin áiṫeonuiḋ misi dom ḃeannuġaḋ ṫeaċd oruiḃ annsa seiseaḋ blíaḋan, agus do ḃéura toraḋ ṫrí mbliaḋan úaḋ.

22 Agus cuirfiḋe siol an toċdṁaḋ blíaḋan, agus íostáoi fós don tseantoraḋ go nuige an náoṁaḋ blíaḋan; nó go ttig a ṫarḃa a steaċ íostaoi don tseantoraḋ.

23 ¶ Ní reacfuiġear an fearann go síorruiḋe: óir is liomsa an fearann; óir do ḃáḋḃairse ḃur ccoiṁiġṫiḃ agus ḃur náos éanuáire am ḟoċairsi.

24 Agus ar feaḋ ḟearuinn ḃur seilḃe áontoċṫáosi fúasglaḋ ar a dúṫaiḋ.

25 ¶ Ma ḃoċduiġear do ḋearbraṫair, agus go reacfuiḋ ḋá ṡeilḃ uaḋ, agus go ttiucfaḋ éanduine dá ġáol dá ḟúasglaḋ, annsin fuáisgeola sé an ní do reac a dearbráṫair.

26 Agus muna raiḃ éanduíne ag an óglaċ ḟúasglas é, agus go mbía féin cuṁaċdaċ ar a ḟúasglaḋ;

27 Annsin áirṁeaḋ sé blíaḋna an reacṫa, agus aisigeaḋ an bárr do nóglaċ rer reac sé é; cor go ma héidir leis filleaḋ iona ṡeilḃ féin.

28 Aċd muna mbía cuṁaċdaċ ar aísiog ḋó, annsin an ní do reac sé fuireóċṫáoi a láiṁ an tí do ċeannuiġ é nó go ttí blíaḋuin an iubile: agus raċuiḋ amaċ ionsa iubile, agus fillfiḋ seision iona ṡeilḃ.

29 Agus má reacann duine tiġ coṁnuiḋe a gcaṫruiġ ḃalla, annsin féaduiġ sé a ḟúasglaḋ a ccionn ḃlíaḋna go hiomlán tar éis a reaca; a gcionn ḃlíaḋna iomláine féaduiġ sé a ḟúasglaḋ.

30 Agus muna ḟúascaltar é táoḃ a stiġ do spás blíaḋna iomláine, annsin an tíġ ḃías san caṫruiġ ḃalla biáiḋ daingion go bráṫ ag an té ċeannoċus é ar feaḋ a ṡleaċda: ní raċuiḋ amaċ annsa iubile.

31 Aċd tiġṫe na mabaílteaḋ naċ bíaḋ balla na ttimċioll measfuiġear íad mar ṁaċaire ná tíre: is éidir a ḃfúasglaḋ, agus raċuiḋ amaċ annsa iubilé.

32 Giḋeaḋ caiṫreaċa na Leḃíteaċ, agus tiġṫe caiṫreaċ a seilḃe, féadfuid na Leohítíġ a ḃfúasglaḋ gaċ éanuáir.

33 Agus má ċeannċann duine ó na Leḃítiḃ, annsin an tíġ do reacaḋ, agus caṫair a ṡeilḃe, raċuid amaċ a mblíaḋuin an iubilé: óir is íad tiġṫe ċaiṫreaċ na Leḃíteaċ a sealḃ a measc ċloinne Israel.

34 Aċd ní féadṫar maċaíre foṫċaiṫreaċa a gcaiṫreaċ do reic; óir is í sin sealḃ ṡíorruiḋe.

35 ¶ Agus má boċduiġeaḋ do ḋearbráṫair, agus go ttiutfiḋ a nainnisi agad; annsin tárṫoċuiḋ tú é: fós má ḃíonn sé na ċoiṁiḋṫeaċ, nó na oiḋe; ionnus go ḃféudfaḋ sé marṫuin ad ḟoċair.

36 Ná glacsa úsúireaċd nó biseaċ ar bíṫ naḋ: aċd bíoḋ eagla do Ḋé ort; ionnus go ḃféudfaḋ do ḋearḃráṫaír marṫuin ad ḟóċair.

37 Ní ṫiuḃra tú ṫairgead ḋó ar úsúireaċd, agus ní áirlícfe tú dó ḃiaḋ ḋó ar ḃiseaċ.

38 Is misi an TIĠEARNA ḃur Ndía, ṫug amaċ as críċ ná Hegípte siḃ do ṫaḃairt tíre Ċánaain ḋáoiḃ, agus dom ḃeiṫ am Ḋía aguiḃ.

39 ¶ Agus má ṫáinic do ḋearḃráṫair ḃías láiṁ riot ċum boċduine, agus go reacfuiġear riot é; ní ċuirfe tú dfíaċaiḃ sir foġnaṁ ḋuit aṁuíl ḋuíne ḋáor:

40 Aċd aṁuil ṡerḃíseaċ tuarusdail, agus mar oiġiḋ ḃías agad, agus foíġeonuiḋ ḋuit go blíaḋuin an iubilé:

41 Agus annsin imeoċuíḋ uait, aráon é féin agus a ċlann maille ris, agus fillfiḋ ċum ṫeaġlaċ féin, agus fillfiḋ seision go seilḃ a aiṫreaḋ.

42 Oír is íad mo ṡerḃísiġsi íad, noċ ṫug mé amaċ as críċ na Hégipte: ní reacfuiġear mar ḋáoiniḃ dáora íad,

43 Ní ríaġloċa tú ós a ċíonn lé diḃfeirg; aċd bíáiḋ éagla do Ḋé ort.

44 Aráon do ḋáoirsineaċ fear, agus do ḋáóírsineaċ ban, noċ ḃías agad, béid do na geintiḃ atá ar gaċ táoḃ ḋiot; is díoḃ sin ċeinneoċus tú fir ḋáora agus mna dáora.

45 Os a ċionn sin do ċloinn na gcoiṁiḋṫeaċ ḃías eanuáire ḃur measc, uaṫa sin ċeinneoċaói, agus ó na dteaġlaċ ḃías mar áon riḃ, noċ rugaḋ ann ḃur ttír: agus béid na séilḃ aguiḃ.

46 Agus glacfuiḋe ċugaiḃ íad mar oiġreaċd da ḃur gcloinn ḃur ndiáiġ, da séalḃuġaḋ mar oiġreaċd; beid na ndáoirsineaċuiḃ aguiḃ go bráṫ: aċd os cionn ḃur ndearḃraiṫreaċ clann Israel, ní ḋéantáoi naċdaránaċd ar a ċéile go díḃḟeirgeaċ.

47 ¶ Agus má ḟásann oiḋe nó coiṁiḋṫeaċ sáiḋḃir láiṁ riot, agus do ḋearḃraṫair ċoṁnuiġeas láiṁ ris dfás boċd, agus go reacfuiḋ é féin ré hoiḋe, nó re coiṁiḋṫeaċ láiṁ riot, nó ré bunaḋ ṁuinntire an ċoṁiḋṫiġ:

48 Tar éis a reaca as éidir a ḟúasglaḋ a rís; féudfuiḋ duine dá ḋearḃráiṫriḃ a ḟúasglaḋ:

49 Féaduiġ dearḃráṫair a aṫar, nó mac a ḋearḃráṫar a ḟuasglaḋ, nó gaċ áonduine da ḃfuil fógus a ngáoi dó dá ċineaḋ is éidir ḋó a ḟúasglaḋ; nó ma ṫig sé ḋe féin, féuduiġ é féin dfúasglaḋ.

50 Agus do ḋéana cuntas ris an té do ċeannuiġ é on ḃlíaḋuin ar reacaḋ ris é go ḃlíaḋuin an iubilé: agus biáiḋ lúaċ a reaca do réir uíḃre ná mblíaḋan, dé reir aimsire ógláoiċ túarusdail ḃías sé aíge.

51 Má ḃíonn morán blíaḋan ar gcúl fós, do ḃéura ḋó dá réir sin lúaċ a ḟúascuilte as a nairgead air ar ceannċaḋ é.

52 Agus muna raiḃ aċd beagán blíaḋan go bliaḋuin an iubile, annsin do ḋéana cuntás ris, agus do réir a ḃliaḋan do ḃéura ḋó a rís lúaċ a ḟúascailte.

53 Agus bíáiḋ sé aige do nós ógluíḋ túarasduil blíaḋnaṁuil: agus ní ḃía ríaġlaḋ díḃfeirgeaċ ag an ḃfear eile ós a ċionn ánn do raḋarc.

54 Agus muna ḃfúascaltar ann sna blíaḋnuiḃsi é, annsin raċuiḋ amaċ a mbliaḋuin an iubilé, é féin, agus a ċlann leis.

55 Oír is agamsa atáid clann Israel na serḃíseaċuiḃ; is íad mó ṡerḃísiġ íad noċ ṫug mé amaċ ás críċ na Hégipte: misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan