Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Leḃiticus 24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil 24 Dliġṫe eúgsaṁla. 10 Eaċdarḋa. 23 Agus bás an ḟir do ṁasluiġ agus do ṁalluiġ Día.

1 Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, ḋá ráḋ,

2 Fúagair do ċloinn Israel, ola ḟíorglan do ṫaḃairt ċugad brúite ċum an tsoluis, do ṫaḃairt ar na soillsiḃ lasaḋ a gcoṁnuiḋe.

3 Táoḃ a muiġ dfolaċ ḟíaḋnuise, ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, óirdeoċus Aáron é ó ṫráṫóna go maidin a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA go síorruiḋe: biáiḋ na statúid a gcoṁnuiḋe ann ḃur sleaċduiḃ.

4 Oírdeoċuiḋ sé na lampuiḋe ar an ccoinnleóir ġlan a ḃfíaġnuise an TIĠEARNA go gnáṫaċ.

5 ¶ Agus géuḃa tú plúr mín ċugad, agus bruiṫfe tú ḋá ḃairġin déag ḋe: ḋá ḋeaċṁaḋ cuid ḃías annsa ḃairġin díoḃ.

6 Agus suiḋeoċa tú a ndá ċúrsa íad, a sé annsa ċúrsa ḋíoḃ, ar an mbórd ḟíorġlan a ḃfiaġnuise an TIĠEARNA.

7 Agus cuirfe tú túis ḟíorġlan ar gaċ cúrsa, cor go mbía ar a narán mar ċuiṁne, eaḋon ofráil déanta lé teiniḋ don TIĠEARNA.

8 Cuirfiḋ sé a nórd é gaċ áon tsábbóid a ḃfíaġnuise an TIĠEARNA do ṡíor, ar na ġlacaḋ ó ċloinn Israel lé cunnraḋ suṫuin.

9 Agus buḋ lé Haaron agus lé na ċloinn é; agus íosuid é annsa náit náoṁṫa: óir atá sé ró náoṁṫa aige dofráluiḃ an TIĠEARNA déanta lé teiniḋ lé statúid ṡioṫḃuáin.

10 ¶ Agus do ċuáiḋ mac mná Israelḋa, ag ar Ḃégipteaċ a aṫair, a measc ċloinne Israel: agus do ṫroid an macsa na mná Israelḋa, agus duine do Israel ré ċéile san ċampa;

11 Agus do ṁasluaiġ mac na mná Israelḋa aimn an TIĠEARNA, agus do ṁalluiġ é. Agus tugadar ċum Maóise é: agus do bé ainm a ṁaṫar Selomit, inġean Dibri, do ṫreiḃ Dan:

12 Agus do ċuireadar a bpríosún é, go mbeiṫ fios inntinne an TIĠEARNA aca.

13 Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, ḋá ráḋ,

14 Taḃair amaċ an té do rinne an malluġaḋ táohh amaċ do nfosluingṗurt; agus leagdáois an ṁéid do ċualaíḋ é a láṁa ar a ċíonn, agus cloċaḋ an coṁċruinniuġaḋ uile é.

15 Agus laḃeóruíḋ tú ré cloinn Israel, dá ráḋ, Giḋ bé ar biṫ ṁalluiġeas a Ḋía fuileonguiḋ a ṗéacaḋ.

16 Agus an té scannluiġeas ainm an TIĠEARNA, cuirfiġear go deiṁin ċum bais é, agus cloċfuid an coṁċruinniuġaḋ go dearḃṫa é: coṁmaiṫ an coiṁiḋeaċ, agus an té beurṫar annsa tír, a nuáir ṁaisleoċus sé ainm an TIĠEARNA, cuirfíġear ċum báis é.

17 ¶ Agus an te ṁarḃus éanduine cuirfíġear go deiṁin ċum báis é.

18 ¶ Agus an té ṁarḃus beaṫaċ do ḋeana díol ar a ṡon; eaḋon beaṫaċ ar ḃeaṫaiġ.

19 Agus mas ciontaċ duine ré haineaṁ do ḃreiṫ ar a ċoṁarsainn; aṁuil do rinne sé, is aṁluiḋ do ḋéantar ris.

20 Briseaḋ ar son ḃriste, súil ar son súile, fíacal ar son fíacaíle: mar ṫug sé aineaṁ do ḋuine, mar sin ḋeantar ris a rís.

21 Agus an té ṁuirfeas beaṫaċ aiseóguiḋ sé é: agus an té ṁarḃas duine, cuirfiġear ċum báis é.

22 Biáiḋ éanṁoḋ aṁáin dliġe aguiḃ, ċoṁmaiṫ ar son coiṁiḋṫiġ, agus ar son an té rugaḋ ann ḃur ttír fein: óir is misi an TIĠEARNA ḃur Ndia.

23 ¶ Agus do laḃair Maóise re cloinn Israel, an té do rinne an malluġaḋ, do ṫaḃairt leó amaċ as an gcampa, agus gaḃáil do ċloċuiḃ air. Agus do rinneadar clann Israel mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan