Leḃiticus 21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil 21 Aóigeasg an deaġ-ṡagairt. 1 Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, Laḃair ris na sagartuiḃ clánn Aáron, agus abair ríu, Ní ḃiaiḋ éanduine ar na ṫruáilleaḋ ar son na marḃ a measc an ṗobail: 2 Aċd ar son a ġaoil, ḃías fogus dó, ar son a ṁaṫar, agus ar son a aṫar, agus ar son a ṁic, agus ar son a inġiné, agus ar son a ḋearḃraṫar, 3 Agus ar son a ḋeirḃṡeaṫraċ atá na maiġdin, a ḃfogus dó, ag naċ raiḃ fear; ar a son sa as éidir leis ḃeiṫ ar na ṫruáilleaḋ. 4 Aċ ní ṫruaillfiḋ é féin, ar mbeiṫ na ḋuine onóraċ a measc a ḋáoíne, dá ḋéanaṁ féin míoṫaitneaṁaċ. 5 Ní ḋéanuid maóile na gcéannuiḃ, ní ḃearrfuid táoḃ a ḃféasog, ní mo ḋéanuid gearraḋ ar biṫ na bfeóil. 6 Béid síad náoṁṫa ċum a Ndé, agus ní ṫarcuisneoċuid síad ainm a Ndé: óir ofrála an TIĠEARNA déanta le teiniḋ, agus arán a Ndé, ofráluid siad: uime sin béid náoṁṫa. 7 Agus ní ṫiuḃraid bean ḃías na stríapuiḋ, nó truailliġṫe; ní mo ḃéaruid bean ċuirfiġear ó na fear: óir atá sé náoṁṫa dá Ḋía. 8 Naóṁṫoċuiḃ tu é ar a naḋḃar sin; óir ofráluiḋ sé arán do Ḋé: biaiḋ se náoṁṫa ḋuit: óir misi an TIĠEARNA, noċ náoṁṫas tusa, a táim náoṁṫa. 9 ¶ Agus ma ṫruailliġean inġean éansagairt í féin lé stríapaċus, truáillfiḋ sí a haṫair: loiscfíġear le teiniḋ í. 10 Agus an té ḃias na árdṡagart a measc a ḋearḃráiṫreaċ, air ar dóirteaḋ a nola ungṫa ar a ċeann, agus do coisregaḋ do ċur na néaduiġe air, ní noċdfuiḋe a ċeann, agus ní ḃrisfíḋe a éadaċ; 11 Ní mó raċus a steaċ go héanċorp marḃ, nó ṡaileoċus é féin ar son aṫar, nó a ṁaṫar; 12 Ní mó raċus a maċ as an tsanctóir, nó ṫruáillfeas sanctóir a Ḋe; óir atá coróin ola náoṁṫa a Ḋé air: mísi an TIĠEARNA: 13 Agus do ḃéura sé bean iona maiġdionas. 14 Baintreaḃaċ, nó bean ḋealuiġṫe, nó bean ṫruáilliġṫe, nó meirdreaċ, ní ṫiuḃra sé íad sin: aċd do ḃéura sé maiġdion da ḋaóiniḃ féin na mnáoi. 15 Ní mó ṫruaillfeas a ṡíol a measc a ḋaóine: óir mísi an TIĠEARNA náoṁuim é. 16 ¶ Agus do laḃaír an TIĠEARNA re Maóisi, ḋá ráḋ, 17 Laḃair re Háaron, ga ráḋ, Gioḋ bé ar biṫ ḃías dot ṡlioċd iona ngeineleaċuiḃ, ar a mbía aineaṁ ar biṫ, ná tigeaḋ a gcoṁḟogus dofráil aráin a Ḋé. 18 Oir gioḋ bé ar biṫ duine ar a mbía áineaṁ, ní ṫiucfa se a ngar ḋi: duine dall, no bacaċ, no an té gá mbía srón leaċta, no éinni iomarcaċ, 19 Nó duine aga mbi a ċos briste, nó a láṁ briste, 20 Nó cruitín, no aḃac, nó air a ḃfuil aineaṁ ar a ṡúil, nó ḃías claṁ nó gearbaċ, nó an té ga mbrisfiġear a ċloċa; 21 Ní ṫiucfa áonduine do ṡíol Aáron an sagart ar a mbía aineaṁ a ngoire díoḋbuirt ofrala an TIĠEARNA déanta lé teiniḋ: atá sé aineaṁaċ; ní tiucfa sé a ḃfogus dofráil aráin a Ḋé. 22 Iósuiḋ sé arán a Ḋé, a ráon don ro náoṁṫa, agus náoṁṫa. 23 A ṁáin ní raċuiḋ táoḃ a steaċ do nfolaċ, nó a ḃfogus do naltóir, do ċíonn go ḃfuil aineaṁ air; ionnus naċ ttruáillfiḋ mó ṡanctoir: óir misi an TIĠEARNA do náoṁuiḋ mé íad. 24 Agus do innis Maóisi sin do Aáron, agus dá ṁacaiḃ, agus do ċloinn Israel uile. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society