Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Leḃiticus 20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil 20 Daingniuġaḋ na naiṫeanta, tré smaċd ḟuágra ar gaċ aon ċor, ar a mbristear iad.

1 Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maoise, ḋá raḋ,

2 Déara tú a rís, re cloinn Israel, Gioḋ bé ar biṫ do ċloinn Israel, no do ċoiṁiḋeaċuiḃ ċoṁnuiġeas a Nísrael, ḃéurus éanni dá ṡíol do Ṁóleċ; go deiṁín báiseoċṫair é: ċloċfuíd muinntir na tíre lé cloċuiḃ é.

3 Agus suiḋéoċuiḋ misi maġaiḋ a naġaiḋ an duine sin, agus gearrfad a maċ é as lár a ḋaóine: do ċionn go ttug cuid dá ṡíol do Ṁóleċ, do ṫruailleaḋ mo ṡánctóra, agus do ṫarcuisníuġaḋ manma náoṁṫa.

4 ¶ Agus má ċeilid daóine ná tíre ar ṁoḋ ar biṫ a súile ón duine sin, a nuáir do ḃeir dá ṡíol do Ṁóleċ, agus gan a ṁarḃaḋ:

5 Ann sin suiḋeaċa misi maġaiḋ anaġaiḋ an duine sin, agus a naġaiḋ a ṁuinntire, agus gearrfa mé a maċ é, as lár a ndaóine, agus an ṁéid leanfus a stríapaċus é, do ḋéanáṁ stríapaċuis le Móleċ.

6 ¶ Agus an tanam ionntoċus leis an druing ga mbíḋ leannáin síġe, agus a ndiáiġ luċd fáistine, do ḋul do stríapaċus na ndiáiġ, cuirfe mé ċeana maġaiḋ a naġaiḋ a nanma, agus géarrfa mé as lár a muinntire íad.

7 ¶ Náoṁuiḋ siḃ féin ar a naḋḃur sin, agus bíṫi náoṁṫa: óir misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.

8 Agus cuiṁdéoċṫaoi mo statúidiġ, agus do ḋeantaoi íad: misi an TIĠEARNA nóaṁas siḃ.

9 ¶ Oír gaċ uile ḋuine ṁalluiġeas á aṫair nó a ṁaṫair báiseoċṫar é go deṁin: do ṁalluiġ sé aṫair nó a ṁaṫair; biáiḋ a ḟuil air féin.

10 ¶ Agus an té ḋéanas aḋaltrannas ré mnaói ḋuine eile, do ḋéanas aḋaltrannus re mnaói a ċoṁársan, cuirfiġear go deṁin an taḋaltrannaċ fir agus mná cum báis.

11 ¶ Agus an duine luiḋeas lé mnáoi a aṫar do léig tarrnoċd a aṫar leis: báiseoċṫar íad a ráon go deiṁin; biaiḋ a ḃfuil orra féin.

12 Agus má luiġionn duine lé mnáoi a ṁic, cuirfíġear íad a ráon go deṁin ċum báis: do oibríġeadar buáiḋirt; biáiḋ a ḃfuil orra féin.

13 ¶ Má luiḋeann fear mar an gcéadna le fear eile, mar luiġios lé mnáoi, do rinneadar a ráon gráineaṁlaċd: báiseoċṫar go dearḃṫá íad; biáiḋ a ḃfuil orra féin.

14 ¶ Agus má ḃeir fear bean agus a maṫair, is peacaḋ gráineaṁuil sin: loiscfíġear a tteiniḋ íad a ráon, eision agus íadsan; ionnus naċ mbiáiḋ peacaḋ ḃur measg.

15 ¶ Agus ma luiġionn fear lé beaṫaċ, báiseoċṫar eision go deṁin: agus muirfiġear an beaṫaċ.

16 Agus má ṫig bean a ngar beaṫuiġ, agus luiḋe síos dó, muirfe tú an ḃean, agus an beaṫaċ: cuirfiġe go deṁin ċum báis íad; bíaiḋ a ḃfuil orra.

17 ¶ Agus má ḃeir duine a ḋeirḃṡíur, inġean a aṫar, nó inġean a maṫar, agus go ḃfaicfe a tárnoċd, agus go ḃfaicfe sisi a ṫárnoċdsan; is droċ ní sin; agus gearrfuiġear a maċ íad a raḋarc a muinntire: do léig sé tarnoċd a ḋeirḃṡeaṫráċ leis; iomċóruiḋ sé a ċoir.

18 ¶ Agus má luiġinn fear lé mnáoí a mbia a tinneas uirre, agus go léigfiḋ a tárrnoċd leis; do ṫaisbean sé a tobar, agus do léig sisi tobar a fola leis: agus gearrfuiġear íad aráon a maċ ó ḃeiṫ a measc a muinntire.

19 Agus ní leigfe tú tárnoċd ḋeirḃṡeaṫar do ṁaṫar leis, nó dearḃṡeaṫar haṫar: óir leígiḋ a ġaol fogus leis: íomċóruid síad a ccoir fein.

20 Agus má luiġionn fear lé mnáoi ḋearḃraṫar a aṫar, do léig sé tárrnoċd ḋearḃraṫar aṫar leis: biáiḋ a bpeacaḋ orra; do ġeaḃaid bás gan ċloinn.

21 Agus má ḃeir duine bean a ḋearḃráṫar, is ní neaṁġlan sin: do léig sé ris tárrnoċd a ḋearḃraṫar; béid gan ċloinn.

22 ¶ Uime sin cuiṁdeoċṫáoi mo statúidiḋ uile, agus mo ḃreiṫeaṁnuis uile, agus déanaiḋ íad: ionnus naċ sceiṫfeaḋ an fearann, iona ḃfuilim dá ḃur ttaḃairt do ċoṁnuiġe, siḃ.

23 Agus ni ṡiuḃoltuiġe a mbéasuiḃ an ċiniḋ, noċ ṫeilgimsi amaċ roṁuiḃ: óir do rinneádar na neiṫesi uile, agus ar a náḋḃarsin do ḟuaiṫiġ misi íad.

24 Aċd a duḃairt mé riḃsi, Ġeaḃṫáoi óiġreaċd a ndúṫuíġe, agus do ḃéara misi ḋíḃ é da ṡealḃuġaḋ, fearann líonas do ṁil agus do ḃainne: misi an TIĠEARNA ḃur Ndía, noċ do ḋealuiġ siḃ ré daóiniḃ oíle.

25 Ar a náḋḃarsin cuirfiġe diṫḟir idir ainṁiḋiḃ ġlana agus neaṁġlana, agus edir éanlaiṫ neaṁġlan agus glan: agus ní ḋéantáoi ḃur nanmanna aḋúaṫṁar lé beaṫaċ, nó lé héanuiḃ, no lé ní ar biṫ béo ṡnáṁas ar an taluṁ, noċ do scar misi riḃ mar neaṁġloine.

26 Agus beiṫí náoṁṫa ḋaṁsa: óir misi an TIĠEARNA a táim náoṁṫa, agus do ḋealuiġ mé siḃsi ó ḋáoiniḃ eile, ionnus gó mbeiṫí agum féin.

27 ¶ Mar an gcéadna fear no beán aga mbía spiorad taṫuiġṫeaċ, nó ḃías na fáistineaċ, cuirfiġear go deṁin ċum báis íad: géaḃuid do ċloċuiḃ orra: bíaiḋ a ḃfuil orra féin.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan