Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Leḃiticus 19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil 19 Míniuġaḋ na naiṫeanta, ró ḋiaġa.

1 Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, dá ráḋ.

2 Laḃair ré coṁċruinniuġaḋ ċloinne Israel uile, agus abair riú, Beiṫi náoṁṫa: óir atáimse an TIĠEARNA ḃur Ndía náoṁṫa.

3 ¶ Biáiḋ eagla ḃur maiṫreaċ, agus ḃur naiṫreaċ aguiḃ (ar gaċ áon ḟear), agus coiṁéaduiġ nó ṡábóid: misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.

4 ¶ Ná hionntoiġiḋ lé hioḋaluiḃ, agus ná déanaiḋ dée leaġṫa ḋáoiḃ: misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.

5 Agus ma ṫairgṫí íoḋbuirt dofráil ṡíoḋa don TIĠEARNA, ofráilfiḋ í ar ḃur ttóil féin.

6 Iostar í an lá sin féin ofráilfiġear í, agus ar na ṁáraċ: agus má ṁairion fuiġioll go ttí an tréas lá, loiscfíġear annsa teiniḋ é.

7 Agus má hiṫtear ar aċor ar biṫ an treas lá é, is gráineaṁuil é; ní ġéuḃṫar é.

8 Ar a naḋḃarsin gaċ éanduine da níosuiḋ e biáiḋ a ṗeacaḋ ḋó, ar a náḋḃar gur ṫruáilliḋ sé ní náoṁṫa an TIĠEARNA: agus gearrfuíġear an tanam sin amaċ as lár a ṁuinntire.

9 ¶ Agus a nuair ḃeanfuiḋe fóġṁar ḃur ḃfearuinn, ní ḃeanfuiḋe coirnéil ḃur maċaire go híomlán, ní mó ċruinneoċus tú díoġluim ṫfóġṁuir.

10 Agus ní ḋioġlumfuiḋ tú ṫfíneaṁuin, ní mó ċruinneoċus tú gaċ éanċáor dot ḟíneaṁuin; fúigfe tú ag na boċduiḃ íad, agus ag an gcoiṁiġṫeaċ: misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.

11 ¶ Ní ġádfuiḋe, agus ní ḋéantáoi ní neiṁḟírinneaċ, ni mó do ḋéantáoi bréag ré ċeile.

12 ¶ Agus ní ṫiuḃarṫáoi mainmse a mbréig, ní mó ṫruáilleoċus tú ainm do Ḋé: misi an TIĠEARNA.

13 ¶ Ní ṁéallfa tú do ċoṁarsa, ní mó ṡladfas tú é: ní ḟanfuiġe agad tuarasdal an té ḟoisteoċṫar ar feaḋ na hoiḋċe go maidin.

14 ¶ Ní ṁailleoċuiḋ tú an boḋar, agus ní ċuirfe tú ceaptuisliḋ roiṁe an ndall, aċd biáiḋ eagla do Ḋe ort: misi an TIĠEARNA.

15 ¶ Ní ḋéantáoi éacceart a mbreiṫeaṁas: ní ṁeasfuiḋ tú pearsa an ḃoiċd, agus ní onórfuiġ tu pearsa an ċuṁaċduiġ: a ḃfíreantaċd do ḋéana tú breiṫeaṁnus ar do ċoṁarsain.

16 ¶ Ní imeoċuiḋ tú síos agus súas aṁuil scéaluiġe a measg do ḋáoine: ní mó ṡeasfas tú a naġaiḋ ḟola do ċoṁarsann: misi an TIĠEARNA.

17 ¶ Ní ḟúaṫoċa tú do ḋearḃraṫair ann do ċroiḋe: aċd iomaiṫḃeora tú ar gaċ uile ċor do ċoṁarsa, agus ní ḟuileongṫa tú péacaḋ do ḃeiṫ air.

18 ¶ Ní ḋéana tú dioġaltas, ní ḃía mioscuis ar biṫ agad re cloinn do ḋáoine, aċd gráiḋeoċa tú do ċoṁarsa mar ṫú féin: misi an TIĠEARNA.

19 ¶ Coiṁéadfuiḋe mo statúídiġ. Ní léígfíḋe dá ḃur náirnéis gineaṁuin ré cineul éagsaṁuil: ní ċuirfe tú ṫfearann lé síol cumaisce: agus ní mó ċuirfeas tú éadaċ cumaisce, do líon agus doluinn iomad.

20 ¶ Agus giḋ bé ar biṫ luiḋeas go colluiḋe lé mnáoi, ata na mnaoi ḋáoir, cunnarṫaċ ag fear, agus nar fúasglaḋ í, agus naċ ḃfuáír sáoirse; sciúrsfuiġear i; ni ċuirfiġear ċum bás íad, do ċionn naċ raiḃ sise sáor.

21 Agus do ḃéura seision ofráil ṡáruiġṫe ċum an TIĠEARNA, go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, reiṫ mar ofráil ṡáruiġte.

22 Agus do ḋéana an sagart síṫ ar a ṡon lé reiṫe na hofrála sáruiġṫe a laṫair an TIĠEARNA ar son an ṗéacaiḋ do rinne sé: agus maiṫfíġear ḋó an péacaḋ do rinne sé.

23 ¶ Agus a nuáir ṫiucfuiḋe don tír, agus ċuirfiḋe gaċ uile ṡórt crann ċum beaṫa, annsin measfuiḋe a ṫoraḋ neiṁṫimċillġeárrṫa: trí bliaḋna ḃías neiṁṫimċillġeárrṫa aguiḃ: ni íostáoi ḋe.

24 Aċd annsa ċeaṫraṁaḋ blíaḋ an biáiḋ a ṫoraḋ uile náoṁṫa do ṁoldaḋ an TIĠEARNA leó.

25 Agus iostaoi an toraḋ an cúigeaḋ bliaḋan, ċor go ttuga sé biseaċ ḋáoiḃ: misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.

26 ¶ Ní íostáoi ni ar biṫ maille ris an ḃfuil: ní mo ġnaíṫeoċṫáoi geasadóireaċd, ní ċuirfíḋe beann ar aimsearuiḃ áiriġe.

27 Ní ḃearrfuiḋe mulluiġe ḃur gceann, agus ní mó ṁillfeas tú coirnéul ṫféasoige.

28 Ní ḋéantaoi gearraḋ ar biṫ ion ḃur ḃfeóil ar son na marḃ, nó coṁarṫa ar biṫ do ċlóġuġáḋ ionnuiḃ: misi an TIĠEARNA.

29 ¶ Ní ofráilfe tú hinġean, dá ṫaḃairt uirre ḃeiṫ na stríapuiḋ; deagla go ttuitfeaḋ an dúṫaiḋ a stríapaċas, agus go tiucfaḋ ċum ḃeiṫ lán dulc.

30 ¶ Coiṁéadfuiḋe mó ṡabboidiġ, agus onórfuiḋe mo ṡanctóir: misi an TIĠEARNA.

31 ¶ Ná bíoḋ suim aguiḃ annsa druing ga mbíḋ spioraid ṁuinntearḋa, agus ná hiarruiḋ luċd fáistine, da ḃur ndéanaṁ truáilliġ léo: misi an TIĠEARNA ḃur Ndia.

32 ¶ Eíreoċuiḋ tú súas roiṁe an cceann líaṫ, agus onórfuiġ tú aḋuiġ an tseanóra, agus biáiḋ eagla agad roiṁe Ḋía: misi an TIĠEARNA.

33 ¶ Agus má ċoṁnuiġeann duine éanuáire aguiḃ ansa dúṫaiḋ, ni ġoirteoċṫáoi é.

34 Aċd an coiṁiḋṫeaċ ċoṁnuiġeas ḃur ḃfoċair biáiḋ aṁuil duine ḃéarṫar ḃur measc, agus gráiḋeoċa siḃ é mar siḃ féin; óir do ḃaḃair féin ḃur ccoiṁiġṫiḃ a gcríċ na Hégipte: misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.

35 ¶ Ní ḋéantaoi éacceart a mbreiṫeaṁnus, a ttoṁas slaite, a gcoṁṫrom, nó a miosúireaċd.

36 Scáluiḋe coṁṫroma, coṁṫruim ċoṁṫroma, eṗah coṁṫrom, hean ċoṁṫrom, ḃías aguiḃ: misi an TIĠEARNA ḃur Ndía, ṫug a maċ as críċ na Hégipte siḃ.

37 Ar a naḋḃarsin coiṁdeoċṫáoi mo statúidiġ uile, agus mo ḃreiṫeaṁnuis uile, agus ḋéantáoi íad: misi an TIĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan