Leḃiticus 10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil 10 Do ṫarruing teine coiṁíġṫeaċ lasta a nsanctóra Dé, teine eile da smaċduġaḋ. 1 Agus do ġlac Nadab agus Abihú, mic Aáron, sionnsa gaċ nduine aca, agus do ċuir téine ann, agus do ċuir túis uirre, agus do ofráladar teine ċoiṁiġṫeaċ a laṫair an TIĠEARNA, naċ ar aiṫin sé ḋíoḃ. 2 Agus do ċuáiḋ teine a maċ ón TIĠEARNA agus do ḋioḃáiḋ sí íad, agus fúaradair bás a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA. 3 Ann sin a duḃairt Maóise re Háaron, Is é so an ní do laḃair an TIĠEARNA, gá ráḋ, Biáiḋ mé náoṁṫa annsa droing ṫig a ngar ḋaṁ, agus as coinne an ṗobail uile biáiḋ glóir ḋaṁ. Agus do ṫoċd Aáron. 4 Agus do ġoir Maóise Misael agus Elsaṗan, mic Ulsiel dearḃraṫair aṫar Aáron, agus duḃairt riú, Tigiḋ a leiṫ, beiriḋ liḃ ḃur ndearḃraiṫre ó ḟíaḋnuisi na sanctóra amaċ as an gcampa. 5 Mar sin tangadar a ngar ḋóiḃ, águs rugadar léo íad ann a ccótaḋuiḃ a maċ as a gcampa; mar a duḃairt Maóise. 6 ¶ Agus a duḃairt Maóise re Aáron, agus re Heleásar agus re Hitamar, a ṁaca, Ná noċtuiġ ḃur gcinn, narab mó ḃrisfiḋe ḃur néádaċ; deagla go murfiḋe siḃ, agus deagla feirge do ṫeaċd ar an pobal uile: aċd caoindís ḃur ndearḃraiṫre, tiġ Israel uile, an loscaḋ noċ do las an TIĠEARNA. 7 Agus ní reaċtaoi a maċ ó ḋorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, deagla go ḃfuiġeaḋ siḃ bás: óir atá olá ungṫa an TIĠEARNA oruiḃ. Agus do rinneadar do réir ḟocail Ṁaóise. 8 ¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Haáron, ḋá ráḋ, 9 Ná hiḃiḋ fíon nó deoċ ládir, ṫusa, nó do ṁic maille leaċd, a nuáir raċtáoi go tabérnacuil an ċoṁċruinniġṫe, deagla go ḃfuiġeaḋ siḃ bás: biáiḋ sin na reaċd go bráṫ ar feaḋ ḃur ngeinealaċ: 10 Agus ċor go ccuirfiḋe difir edir náoṁṫa agus neaṁnáoṁṫa, agus edir ġlan agus neaṁġlan; 11 Agus ċor go múinfiḋe clann Israel ansa nuile statúid do laḃair an TIĠEARNA ríu lé láiṁ Ṁaóise. 12 ¶ Agus do laḃair Maóise re Haáron, agus re Heleásar agus re Hitamar, a ṁic do ṁair, Glacuiḋ a nofráil ḃíḋ as fuiġeall dofráluiḃ an TIĠEARNA déanta le teiniḋ, agus iṫiḋ gan láiḃín í, láiṁ ris a naltóir: óir atá ro naoṁṫa: 13 Agus íostaoi é annsa náit naoṁṫa, ċionn gurob é do ċéartsa é, agus ceart do ṁac, as íoḋbarṫaiḃ an TIĠEARNA do níṫear lé teiniḋ: óir is mar sin do haiṫniġeaḋ ḋíomsa. 14 Agus íostaoi an tuċd croiṫte agus an slinneun tógṫa a náit ġloin; ṫú féin, agus do ṁic, agus hinġeana maille leaċd: óir is ceart duitse íad, agus ceart do ṁac, noċ do ḃéarṫar as ioḋbuirt na hofrála síoḋa ó ċloinn Israel. 15 Do ḃéaruid léo an slinnéan togṫa agus an tuċd croiṫte maille ris na hofráluiḃ do niṫear le teiniḋ don ġeir, dá ċraṫaḋ mar ofráil ċroiṫte a ḃfiaḋnuise an TIĠEARNA; agus buḋ leatsa é, agus léad ṁacaiḃ maille leaċd, a statúid go bráṫ; mar do aiṫin an TIĠEARNA. 16 ¶ Agus do lorgair Maóise go diṫċiollaċ a ndiáiġ ġaḃar na hofrála peacaiḋ, agus féuċ, do loisceaḋ é: agus do ḃí sé feargaċ le Heléasar agus re Hatimar, mic Aaron do fágḃaḋ beó, gá ráḋ, 17 Cread fá nár iṫeaṁair a nofráil ṗeacuiḋ an sa náit náoṁṫa, ó ta sé ró náoṁṫa, agus do ṫug Día ḋiḃsi é diomċar ċionta an ċoṁċruinniġṫe, do ḋéanaṁ sióḋa ar a son a laṫáir an TIĠEARNA? 18 Féuċ, nír tugaḋ a ḟuil asteaċ taoḃ asteaċ don áit náoṁṫa: do buḋ cóir ḋaóiḃ go deṁin iṫe annsa náit naoṁṫa, mar do aiṫin mise. 19 Agus a duḃairt Aáron re Maóise, Féuċ, a niuġ do ofraladar a nofráil ṗeacaiḋ agus a nofráil loiscṫe as coinne an TIĠEARNA; agus do ṫarládar a leiṫeid sin do neiṫiḃ ḋaṁsa: agus dá niṫinn a nofráil ṗeacaiḋ a niuġ, an ngéaḃṫaoi a ḃfiáḋnuise an TIĠEARNA é? 20 Agus a núáir do ċualaiḋ Maóise, do ḃí se ríarṫa. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society