Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Leḃiticus 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil 1 Dliḋe na hofrála loisgṫe. 3 Don ċroḋ. 10 Don ṁionċroḋ. 14 Agus do na héunaiḃ.

1 Agus do ġoír an TIĠEARNA ar Ṁaoise, agus do laḃair ris as tabernacuil an ċoṁċruinniġṫe gá ráḋ,

2 Laḃair ré cloinn Israel, agus abair riú, Ma ḃeir éanduine aguiḃ ofráil ċum an TIĠEARNA, do ḃeárṫáoi ḃur nofráil do narnéis, eaḋon don airiġe, agus don tréud.

3 ¶ Má ḃíonn ofráil nó íoḋbuirt loiscṫe don airiġe, ofrálaḋ firionnaċ gán ċáide: ofrálaḋ sé, é da ṫoil áontaġaíḋ féin ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA.

4 Agus cuirfiḋ sé a láṁ ar ċionn na hofrála loiscṫe; agus géuḃṫar ar a ṡon í do ḋeanaṁ síoḋa ar a ṡón.

5 Agus muirfiḋ sé an ḃulóg a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA: agus bearuid na sagairt, clann Aáron, a nfuil leó, agus croiṫfid a nfuil timċioll fá gcuáirt ar a naltóir noċ atá láiṁ ré dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe,

6 Agus muirfiḋ sé a nofráil loiscṫe, agus geárrfa na ṗíosuiġiḃ é.

7 Agus cuirfid mic Aáron na sagart teine ar á altóir, agus leagfuid an connaḋ a nórd ar an teiniḋ.

8 Agus leagfuid na sagairt, mic Aáron, na codċa, an ceann, agus an ġeir, a nórd ar an gcunnaḋ ḃías annsa teiniḋ noċ ḃías air a naltóir:

9 Aċd na hinniġe agus na cosa niġfiḋ sé a nuise: agus loiscfiḋ an sagart an tiomlán ar a naltóir, do ḃeiṫ na ioḋbuirt loiscṫe, ofrail ar na ḋéanaṁ lé teiniḋ, do ḃolaḋ cuṁra don TIĠEARNA.

10 ¶ Agus más do na tréaduiḃ ḃías a ioḋbuirt, do na cáorċuiḃ nó do na gaḃruiḃ, mar ofráil loiscṫe; do ḃéara leis é na ḟirionnaċ gan toiḃéim.

11 Agus muirfiḋ sé é ar ṫáoiḃ na haltóra leaṫ ṫuaiġ a ḃfiaġnuise an TIĠEARNA: agus na sagairt clann Aáron, croiṫfid an ḟuil timċioll fa gcuáirt ar a naltóir.

12 Agus gearrfa sé na ṗíosuiġiḃ é, go na ċeann agus a ġeir: águs leagfuiḋ an sagart a norduġaḋ íad ar an gconnaḋ ḃias ar an tteiniḋ atá ar a naltóir.

13 Aċd nifiġ sé na hinniġe agus na cosa a nuisce: agus do ḃeára an sagart leis sin uile, agus loiscfiḋ sé ar a naltóir é: is ofráil loiscṫe é, ofráil déanta lé teiniḋ, do ḃolaḋ cuṁra don TIĠEARNA.

14 ¶ Agus ma ḃionn a ioḋbuirt loiscṫe ar son a ofrala don TIĠEARNA déanuiḃ, annsin do ḃéura sé a ofráil do ḟéaránuiḃ, nó do ċolumuiḃ óga.

15 Agus do ḃéura an sagart é ċum na haltóra, agus fáiscfiḋ a ċeann de, agus loiscfiḋ ar a naltóir é; agus fáiscfiḋear a ḟuil amaċ le táoiḃ na haltóra.

16 Agud tairreonguiḋ a ġaile as guna ċletiḃ, agus teilgfiḋ ré táoḃ na haltóra é ar an gcuid ṡóir, ag áit na luaṫa.

17 Agus scoiltfiḋ sé é go na sciaṫánuiḃ, aċd ní roinnfiḋ ó ċéile é; agus loiscfiḋ an sagart ar a naltóir é, ar an cconnaḋ atá ar an teiniḋ: is ofráil loiscṫe é, ofrail déanta le teiniḋ, do ḃoluiḋ cuṁra don TIĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan