Jonah 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IV. Aċṁusan Dé do Ionah, arson a ṁioṫaitneaṁ um ċoigleaḋ na caiṫreaċ. 1 Aċt do ṁioṫaitin sin re Iónah go hiomarcaċ, agus do ḃi sé ro ḟeargaċ. 2 Agus do ġuiḋ sé ċum an TIĠEARNA, agus a duḃairt sé, Guiḋim ṫú, a ṪIĠEARNA, naċ ar ḃé so mo ráḋsa, an tan do ḃaḋas fos ann mo ṫír? Uimesin do ṫeiṫ mé roiṁe go Tarsis: óir do ḃi a ḟios agam gur Día grásaṁuil ṫusa, agus trocaireaċ, mall ċum feirge, agus mórċinéulta, agus go mbí aiṫreaċus uilc ort. 3 Ar a naḋḃarsin a nois, a ṪIĠEARNA, beir manam úaim, iarruim, daṫċuinge ort; óir is feárr ḋaṁ bás ná beaṫa. 4 ¶ Ann sin a duḃairt an TIĠEARNA, An maiṫ do ní tú fearg do ḃeiṫ ort? 5 Ann sin do ċuáiḋ Iónah amaċ as an ccaṫruiġ, agus do ṡuiġ sé air an ttaóiḃ ṡoir don ċaṫruiġ, agus do rinne sé boṫ ḋó ann, agus do ṡuiġ fuiṫe annsa scáṫ, iondus go ḃfaiceaḋ cred do ṫiucfaḋ don ċaṫruiġ. 6 Agus do ġléas an TIĠEARNA Día pailmscáṫ, agus ṫug sé air ṫeaċt ós cionn Iónah súas, ċor go mbeiṫ na scáṫ ós cionn a ċinn, dá ṡáoraḋ ar a ḋoilġios. Annsin do ḃí Iónah ró lúaṫġáireaċ mun scáṫ. 7 Aċt do ġléus Día péist a nuáir do éiriġ an ṁaidin ar na ṁáraċ, agus do ḃuáil sé an scáṫ iondus gur ċríon sé. 8 Agus tárla, a nuáir do éiriġ an ġrían, gur ġléus Día gáoṫ ḋeanaċt a noir; agus do ḃuáil ar ċeann Iónah, iondus gur anḃfamniġ sé, agus dórduiġ sé ann féin bás dfaġáil, agus a duḃairt, Is feárr ḋaṁ bás ná beaṫa. 9 Agus a duḃairt Día ré Ionah, An maiṫ do ní tusa fearg do ḃeiṫ ort mun scáṫ? Agus a duḃairt seision, Is maiṫ do ním ḃeiṫ feargaċ, eaḋon go nuige an mbás. 10 Anusin a duḃairt an TIĠEARNA, do ḃí truáiġe agad don scáṫ, naċ tú do ṡaóṫruiġ, ná ṫug air fás; noċ ṫáinic a níos a noiḋċe, agus dimṫiġ seaċad a noiḋċe. 11 Agus cred naċ ccoigeoluinnsi Nineḃeh, an ċaṫair ṁór sin, iona ḃfuil ní sa ṁó ná sé fiṫċid míle pearsa naċ eidírḋealuiġionn eider a láiṁ ḋeis agus a láiṁ ċlé; agus fós iomad áirnéise? |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society