Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Jonah 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil III. Aiṫreaċus uirisle, agus Saoraḋ ḋaóine Nineḃeh tar éis seanmora Iónah.

1 Agus ṫáinic briaṫar an TIĠEARNA go Iónah an dara huáir, ag ráḋ,

2 Eiriġ, imṫiġ go Nineḃeh, an ċaṫair ṁórsin, agus seanmóir ḋi an tseanmóir a déara misi riot.

3 Annsin déiriġ Iónah, agus do ċuáiḋ go Nineḃeh, do réir ḃréiṫre an TIĠEARNA. (Anois do ḃí Nineḃeh na ċaṫruiġ ro ṁóir uiḋe ṫrí lá daistior.)

4 Agus do ṫosuiġ Iónah ar ḋul a steaċ don ċaṫruiġ aistior laói, agus dfúagair, agus a duḃairt, Go fóill ceaṫraċad lá, agus scriosfuiġior Nineḃeh.

5 ¶ Marsin do ċreidiodar daóine Nineḃeh a Ndía, agus dfuagradar trosgaḋ, agus do ċuireadar saicéadaċ umpa, eaḋon ón té is mó gus an té is luġa.

6 Oir ṫáinic focal ċum ríġ Nineḃeh, agus déiriġ sé as a ċaṫaoir, agus do ċuir a róba úaḋ, agus dfoluiġ é féin lé saicéadaċ, agus do ṡuiġ a lúaiṫreaḋ.

7 Agus ṫug fa deara a ḟuagra agus ḟoillsiuġaḋ air feaḋ Nineḃeh maille re hórduġaḋ an ríġ agus a úasal, ag ráḋ, Duine nó beaṫaċ, airġe nó tréad, ná blaisedís éainní: ná hinġiltedís, agus ná hiḃedís uisge:

8 Aċt folċṫar an duine agus an beaṫaċ le saicéadaċ, agus éiġedís go hárd ċum Dé: aseaḋ, filleaḋ gaċ áon díoḃ ó na ḋroiċṡliġe, agus ó néigion atá iona láṁuiḃ.

9 Cía agá ḃfuil a ḟios naċ iompoċaḋ Día agus go maḋ aiṫreaċ é, agus go ḃfillfeaḋ sé ó na ḟeirg ḟíoċṁuir, iondus naċ imṫiġiom seaċad?

10 ¶ Agus do ċonnaire Día a noibreaċa, gur impoiġeadar ó na ndroiċ ṡliġe; agus do ġaḃ aiṫreaċus Día fan nolc, a duḃairt sé do ḋéanaḋ ḋóiḃ; agus ní déarnuiġ sé é.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan