Jonah 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil I. Ionah ag teiṫeaṁ, 4 do toirmioscaḋ le anfa, 11 agus do teilgeaḋ sa nfairge, é. 1 Anois ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċum Iónah ṁic Amittai, ag ráḋ, 2 Eiriġ, imṫiġ go Nineḃeh, an ċaṫair ṁór sin, agus déana coṁairc na haġaiḋ: óir ṫáinic a ccionta súas dom laṫairsi. 3 Aċt deiriġ Iónah súas do ṫeiṫeaṁ go Tarsis ó laṫair an TIĠEARNA, agus do ċuáiḋ sios go Ioppa; agus fuáir lóng ag dul go Tarsis: marsin do ḋíol sé ar son a ḃeirṫe ṫairis, agus do ċuáiḋ innte síos, do ḋul leó go Tarsis ó laṫair an TIĠEARNA. 4 ¶ Aċt do ċuir an TIĠEARNA gáoṫ ṁór amaċ air an ḃfáirge, agus do ḃí anfa ro ṁór air an ḃfairge, iondus gur ṡaóil an long ḃeiṫ briste. 5 Aunsin do ḃádar na máirnealuiġ eaglaċ, agus déiġ gaċ áon air a ḋía, agus do ṫeilgeadar a nearraḋ do ḃí san loing annsa ḃfairge, dá néadtromaḋ féin. Aċt do ċuáiḋ Iónah síos ar ṫáoḃuiḃ na luinge; agus do luiḋ, agus do ḃí sé na ċodlaḋ go trom. 6 Annsin ṫainic maiġistir na luinge ċuige, agus a duḃairt sé ris, Cred is cíall duitsi, a ċodaltaiġ? éiriġ, goir air do Ḋía, a ndóiġ go smuáinteoċaḋ Día oruinne, naċ báiḋtí sinn. 7 Agus a duḃairt gaċ áon aca re na ċompánaċ, Déanam, agus teilgiom crainn, ċor go naiṫeonam cia ar son a ttig an tolcso oruinn. Annsin do ṫeilgiodar na cráinn, agus do ṫuit an ċrannċar air Ionah. 8 Annsin a duḃradarsan ris, Innis dúinn, íarrinaod daṫċuinge ort, cía ar son a ttig an tolcso oruinn; Cred is ceird duit? agus cáit as a ttig tú? cía is tír ḋuit? agus cía na daóine dár díoḃ ṫú? 9 Agus a duḃairt seision ríu, Eaḃraḋaċ mé; agus atá eagla an TIĠEARNA, Día neiṁe orum, noċ do rinne a nfairge agus an talaṁ tirim. 10 Annsin do ḃádar na daóine eaglaċ go hanṁór, agus a duḃradar ris, Cred um a ndéarna tusa so? (óir do ṫuigiodar na daoine gur ṫeiṫ sé roiṁe ġnúis an TIĠEARNA, do ḃríġ gur innis sé féin dóiḃ é.) 11 ¶ Annsin a duḃradar ris, Cred do ḋéanam riot, ċór go mbía a nfairge ciúin? (óir doibriġ a nfairge, agus do ḃí sí anfaḋaċ.) 12 Agus a duḃairt seision ríu, Tógḃuiḋ súas mé, agus teilgiḋ amaċ san ḃfairge mé; mairsin biáiḋ a nfairge ciúin aguiḃ: óir atá a ḟios agum gurob air mo ṡon féin atá an tanfa mórso oruiḃ. 13 Ṫairis sin diomraṁadar na fir go láidir dá ṫaḃairt a ttír; aċt níor ḟéadádar; óir doibriġ a nfairge, agus do ḃí sí anfaḋaċ na naġaiḋ. 14 Uimesin déiġeadar air an TTIĠEARNA, agus a duḃradar, Iarrmaoid daṫċuinge ort, A ṪIĠEARNA, íarrmaoid ort, ná scriostar sinn ar son ḃeaṫa an té so, agus ná léig fuil neiṁċiontaċ oruinne: óir do rinne tusa, a ṪIĠEARNA, aṁuil fa toil leat féin. 15 Marsin do ṫógḃadar Iónah súas, agus do ṫeilgeadar amaċ san ḃfairge é: agus do scuir a nfairge do ċonfaḋ. 16 Annsin do ḃí eagla an TIĠEARNA go hiomarcaċ air na daóiniḃ, agus dofráladar íoḋbuirt don TIĠEARNA, agus ṫugadar móide. 17 Anois dórduiġ an TIĠEARNA íasg mór Iónah do ṡlugaḋ súas. Agus do ḃí Iónah a mḃroinn a néisg trí lá, agus trí hoiḋċe. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society