Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Samuel 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IX. Sinnsearraċd, 2 agus Cosaṁlaċd Ṡauil. 15 A ċoṁraḋ ré Samuel.

1 Anois do ḃí duine do Ḃeniamin, dar ḃainm Cis, ṁac Abiel, ṁic Seror, ṁic Beċorah, ṁic Aṗiah, Beniamiteaċ, duine cuṁaċdaċ a ccumus.

2 Agus do ḃí mac aige, dar ḃainim Sául, toġa duine óig, agus dearcnuiġ; agus ní raiḃ a measc ċloinne Israel pearsa dob arraċda ná é: ó na ġuáilliḃ súas dob áirde é ná éainḟear don ṗobal.

3 Agus do ċúadar assuil Ċis aṫair Ṡauil a muġa. Agus a duḃairt Cis re Saul a ṁac, Beir leaċd anois duine do na searḃḟoġantaiḃ, agus éiriġ, Imṫiġ díarruiġ na nassal.

4 Agus do ġluáis seision ṫríḋ ṡlíaḃ Eṗraim, agus do ċuáiḋ tré ċríċ Ṡalisa, aċt ní ḃfúaradar íad: annsin do ċuáiḋ sé tré ḋúiṫċe Hálim, aċd ní raḃadar annsin: agus do ċúadar tré ḋúiṫċe na Mbeniamiteaċ, aċd ní ḃfúaradar íad.

5 Agus a nuair ṫangadar go tír Ṡuṗ, a duḃairt Saul re na óglaċ do ḃí na ḟoċair, Gluáis, agus filliom; deagla go léigfeaḋ maṫair cúram na nassal de, agus go mbíaḋ cúramaċ dar ttaóiḃne.

6 Agus a duḃairt seision ris, Féuċ, anois atá annsa ccaṫruiġsi duine le Día, agus is duine onóraċ é; a nuile ní a deir sé ṫig a gcríċ go deiṁin: anois tianam annsin; dob éidir go ḃféadfaḋ an tsliġe ionar ċóir ḋúinn dul do ṫeagasg ḋúinn.

7 Ann sin a duḃairt Saul re na ṡearḃḟoġantaiġ, Aċ, féaċ, má ṫeiġmíd annsin, créd ḃéarum ċum a nóglaiċ? óir dó caiṫeaḋ an tarán ann ar soiṫiġiḃ, agus ní ḃfuil tioḋlaiceaḋ aguinn re ḃreiṫ ċum óglaieh Dé: cred atá aguinn?

8 Agus do ḟreagair an searḃḟoġantuiġ Saul a rís, agus a duḃairt, Féuċ, atá águmsa annso am láiṁ an ceaṫraṁaḋ cuid do ṡecel airgid: do ḃéara mé sin dóglaċ Dé, do ċionn ar sliġe dinnisin dúinn.

9 (Annsa tseanaimsir a Nísrael, a núair do ṫíaġ duine dfaġáil scéul ó Ḋía, is marso a deirioḋ sé, Tárr uáit, agus deanum go nuige an ḟéaċadóir: óir an té dá ngoirṫear fáiġ anois is féaċadóir do ġorṫaoi ḋe san tseanaimsir.)

10 Ann sin a duḃairt Saul re na ṡearḃḟoġantuiġ, is maiṫ a laḃair tú; gluáis, deanum. Marsin do ċúadar don ċaṫruiġ mar a raiḃ óglaċ Dé.

11 ¶ Agus mar do ċúadar súas san ċnoc a gcionn na caiṫreaċ, fuaradar maiġdeana óga ag dul amaċ do ṫarruing uisge, agus a duḃradar ríu, An ḃfuil an féaċadóir annso?

12 Agus do ḟreagradarsan iad, agus a duḃradar, Atá, féaċuiḋ; atá sé roṁuiḃ: déanuiḋ deiṫfir anois, óir ṫaínig sé a niuġ don ċaṫruiġ; óir atá féasta don ṗobal a niuġ annsa náit áird:

13 Coṁlúaṫ agus ṫiucfuiḋe don ċaṫruiġ, do ġeaḃṫaoi ar ball é, suil raċus sé súas don náit áird diṫe: óir ní íosuid an pobal nó go ttí sé, do ċionn gur bé ḃeannuiġios an níoḋbairt; agus na ḋiaiġ sin iṫid luċd an ċuiriḋ. Anois ar a naḋḃarsin eírġiḋsi súas óir is timċioll; a nama sa do ġeaḃṫaoi é.

14 Agus do ċuádarsan súas don ċaṫhuiġ: agus a núair ṫangadar a steaċ don ċaṫruiġ, feuċ, ṫáinic Samuel amaċ na gcoinne, do ḋul súas don náit aírd.

15 ¶ Anois do innis an TIĠEARNA do Ṡamuel ann a ċluais lá roiṁe Saul do ṫeaċd, ġa ráḋ,

16 A máraċ timċioll na húairesi cuirfe mé duine ċugad as tír Ḃeniamin, agus ungfuiḋ tú é ċum ḃeiṫ na ċaiptín ós cionn mo ṗobail Israel, go sáorfa sé mo ṗobal ó láiṁ na Ḃṗilístineaċ: óir dféaċ mé air mo ṗobal, do ċionn go ttáinic a ccoṁairc ċugam.

17 Agus a núair do ċonnairc Samuel Saul, a duḃairt an TIĠEARNA ris, Féúċ an té ar laḃair mé riot dá ṫáoiḃ! sé so féin ḃías na ḟlaiṫ ós cionn mo ṗobail.

18 Ann sin do ḋruid Sául re Samuel ann sa ġeata, agus a duḃairt ris, Guiḋim ṫú, innis daṁ cá háit a ḃfuil tiġ an nféaċadóra.

19 Agus do ḟreagair Samuel Saul, agus a duḃairt, Misi an féaċadóir: eiriġ súas roṁam don náit áird; óir iostaói biáḋ agamsa a níuġ, agus leígfe mé ḋuit imṫeaċd a máraċ, agus inneosuiḋ mé ḋuit a ḃfuil fád inntinn.

20 Agus ar son hassal do ċuaiḋ a muġa trí lá ó ṡin, ná cuir do ṁeanma orra; óir do fríṫ íad. Agus cía ar a ḃfuil uile ḟonn Israel? naċ ortsa atá, agus ar ṫiġ haṫar uile?

21 Agus do ḟreagair Saul agus a duḃairt, Naċ Beniamíteaċ misi, is luġa do ṫreaḃuiḃ Israel? agus naċ íad mo ṁuinntir is roluġa do ṁuinntearuiḃ ṫreiḃe Beniamin uile? uime sín cred fá laḃrann tú marsin riom?

22 Agus do ġlac Samuel Saul, agus a ṡearḃḟoġantuiġ, agus rug leis don ṗárlús íad, agus ṫug orra suiḋe ann sa náit buḋ onóruiġ a measg luċda an ċuiriḋ, noċ do ḃí tímċioll ṫríoċad fear.

23 Agus a duḃairt Samuel ris an gcócaire, Taḃair ċugam an ċuid ronna ṫug mé ḋuit, re a nduḃairt mé riot, Cuir láiṁ riot í.

24 Agus do ṫóg an cócaire an slinnean, agus án ní do ḃí air, agus do ċuir a ḃfiáḋnuisi Ṡauil é. Agus a duḃairt Samuel, Féuċ an nfuiġioll sin! ad ḟiaġnuisi, agus iṫ é: oír go nuige an amsa do taisgeaḋ ḋuit e ó a nuáir a duḃairt mé, Ṫug mé cuireaḋ don ṗobal. Marsin a dúaiġ Saul le Samuel an lásin.

25 ¶ Agus a núair ṫangadar a núas ón náit áird don ċaṫruiġ, do rinne Samuel coṁráḋ re Saul air ṁullaċ an tiġe.

26 Agus do éirġeadar go moċ: agus tárla ré héirġe an láoi, gur ġoir Sámuel Saul go mullaċ an tiġe, ġa ráḋ, Eiriġ súas, go gcuire mé ar siuḃal ṫú. Agus deíriġ Saul, agus do ċuádar araon amaċ, eision agus Samuel, as sin.

27 Agus a núair do ḃádar ag dul síos go críoċ na caiṫreaċ, a duḃairt Samuel ré Saul, Abair ris an nóglaċ drud roṁuinn ar a aġaiḋ, (agus do ḋruid sé rompa,) aċd fansa a ḃos go fóill, go ttaisbéana misi briaṫra Dé ḋuit.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan