I Samuel 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VII. Samuel ag teagasc an ṗobal. 3 Do leasuiġeadar a mbeaṫa. 9 Agus ḃuáġuiḋeadar ar a naiṁdiḃ. 1 Agus tangadar muinntir Ċíriat‐Iárim, agus rugadar leó súas aírc an TIĠEARNA, agus tugadar a steaċ í go tiġ Abinadab ansa ċnoc, agus do náoṁadár a ṁac Eleásar do ċoiṁéad airc an TIĠEARNA. 2 Agus tárla, an feaḋ do ḃí an náirc na coṁnuiġe ann Círiat‐Iárim, go raiḃ a naímsir fada; óir bá fiṫċe blíaḋan é: agus do ḃí tiġ Israel uile ag déanaṁ doilġis a ndíaiġ an TIĠEARNA. 3 ¶ Agus do laḃair Samuel re tiġ Israel uile, ḋa ráḋ, Má ḟilltí ċum an TIĠEARNA maille ré ḃur gcroiḋṫiḃ go hiomlán, ann sinn cuiriḋ úaiḃ na dee coiṁiṫeaċa agus Astárot as ḃur measc, agus ullṁuiġiḋ ḃur gcroiḋṫe ċum an TIĠEARNA, agus déanuiḋ seirḃís dósan áṁáin: agus sáorfuiḋ sé siḃ as láiṁ na Ḃṗilistineaċ. 4 Ann sin do ċuireadar Israel uáṫa Báalim, agus Astárot, agus daḋradar an TIĠEARNA aṁáin. 5 Agus a duḃairt Samuel, Cruinniġiḋ Israel uile go Mispeh, agus guiḋfiḋ misi ar ḃur son ċum an TIĠEARNA. 6 Agus do ċruinniġeadar a ḃfoċair a ċéile go Mispeh, agus do ṫairngeadar uisge, agus do ḋoirteadar amaċ é a laṫair an TIĠEARNA, agus do ṫroisgeadar an lásin, agus a duḃradar annsin, Do ṗeacuiġeamar a naġaiḋ an TIĠEARNA. Agus do rinne Samuel breiṫeaṁnus ar ċloinn Israel a Mispeh. 7 ¶ Agus a núair do ċuáladar na Ṗilistiniġ gur ċruinniġeadar clann Israel a gcionn a ċeile go Mispeh, do ċuádar TIĠEARNUIĠ na Ḃṗilistíneaċ súas a naġaiḋ Israel. Agus a núair do ċúaladar clann Israel é, do ḃí eagla na Ḃpilistineaċ orra. 8 Agus a duḃradar clann Israel ré Samuel, Ná sguir dá ḃeiṫ ag coṁairc ċum an TTIĠEARNA Día air ar soinne, go ttárṫuiġ sé sinn as láiṁ na Bṗilistineaċ. 9 ¶ Agus do ġlac Samuel luḃán diúil, agus do íoḋbair é mar ofráil loisge uile don TIĠEARNA: agus do éiġ Samuel air on TTIĠEARNA ar son Israel; agus déist an TIĠEARNA ris. 10 Agus mar do ḃí Samuel ag íoḋbairt na hofrála loisge, ṫangadar na Ṗilistiniġ a gcoṁḟogus do ċaṫnġaḋ a naġaiḋ Israel: aċd do ṫóirniġ an TIĠEARNA an lásin le tóirniġ ṁóir ar na Ṗilistiniḃ, agus do ċláoiḋ íad; agus do ṁarḃ íad as coinne Israel. 11 Agus do ċúadar clanna Israel amaċ as Mispeh, agus do leanadar na Ṗilistíneaċ, agus do ḃádar da marḃaḋ, go ttangadar go Bet‐car. 12 Ann sin do ṫóg Samuel cloċ, agus do ṡuiġiḋ í eidir Ṁispeh agus Ṡen, agus do ġoir Eben‐eser dainm ḋi, ġa ráḋ, Go nuige so do ċuidiġ an TIĠEARNA sinn. 13 ¶ Marsin do claóiḋeaḋ na Ṗilistiniġ, agus ní ṫangadar nísa ṁó a steaċ a gcósta Israel: agus do ḃí láṁ an TIĠEARNA a naġaiḋ na Ḃpilistíneaċ ar feaḋ láeṫe Ṡamuel uile. 14 Agus na caiṫreaċa do ḃeanadar na Ṗilistiniġ do Israel do haisigeaḋ Dísrael íad, ó Ecron go nuige Gát; agus a ccóstaḋa sin do ḃuáin Israel as láṁuiḃ na Ḃṗilistineaċ. Agus do ḃí síoṫċáin idir Israel agus na Hamoritiġ. 15 ¶ Agus do rinne Samuel breiṫeaṁnus air Israel ar feaḋ láeṫe a ḃeaṫa uile. 16 Agus do imṫiġeaḋ ó ḃlíaḋain go blíaḋain ar ċuáirt‐timċill go Bétel, agus Gilgal, agus Mispeh, agus do nioḋ sé breiṫeaṁnus ar Israel ann gaċ áit ḋíoḃ sin. 17 Agus do ḟilleaḋ go Rámah; óir is ann sin do ḃí a ṫiġ; agus annsin do níoḋ sé breiṫeaṁnus ar Israel; agus is ann do rinne sé altóir don TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society