I Samuel 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VI. Do ċuireadar airc Dé uaḋa, da haít féin. 19 Re feúċain uallaċ ṁuinntir Ḃetsemes, do ṫuit 50070 pearsa. 1 Agus do ḃí airc an TIĠEARNA a geríċ na Ḃṗilistineaċ seaċt mí. 2 Agus do ċuireadur na Ṗilistiniġ gairm ar na sagartaiḃ agus ar an luċd fáistine, gá ráḋ, Cread ḋéanam re háirc an TIĠEARNA? innisiġ ḋúinn cred lé gcuirfeam dá háit féin í? 3 Agus a duḃradarsan, Má ċuirṫiġe ar siuḃal aírc Dé Israel, ná cuiriḋ uáiḃ iolaṁ í; aċd ar gaċ uile ċor cuiriḋ uáiḃ ofráil ṡáruiġ: annsin leiġisfiġear siḃ, nó biáiḋ a ḟios aguiḃ cred fa nár filleaḋ a láṁ uáiḃ. 4 An sin a duḃradarsan, Cred é an nofráil ṡáruiġ noċ ḟillfiom ċuige? Do ḟreagradarsan, Cúig emeróid óir, agus cúig luċa óir, do réir uiḃre ṫiġearnaḋ na Ḃṗilistineaċ: do ḃríġ gurob aonṗláiġ do ḃí oruiḃ uile, agus ar ḃur ttiġearnuiḋiḃ. 5 Oir a núair do ḋéantáoi íoṁáiġe ḃur nemeróideaḋ, agus íoṁáiġe ḃur luċa noċ ṁilleas an taluṁ; agus ḃéarṫaói glóir do Ḋía Israel: dob éidir go néattroimeoċaḋ sé a láṁ ḋaóiḃ, agus dá ḃur ndeeiḃ, agus dá ḃur ndúiṫċe. 6 Ar a naḋḃarsin cred fa gcruáiḋfeaḋ siḃsi ḃur gcroiḋṫe, mar do ċruáiḋeadar na Hegiptiġ agus Ṗarao a gcroiḋṫe? a núair do oibriġ sé go hiongantaċ na measc, a né nár léigeadar don ṗobal imṫeaċd? agus dimṫiġeadar. 7 Anois ar a naḋḃarsin déanuiḋ cairte nuáḋ, agus glacaíḋ ḋá loilġiḋ, ar naċ ndeáċaiḋ cuing, agus ceangluiḋ na ba don ċairt, agus tugaiḋ na gaṁna don ḃaile úaḋa: 8 ¶ Agus glacaiḋ aírc an TIĠEARNA, agus cuiriġ ar an ccairt i; agus cuiriḋ na seóid óir noċ ḟilltí ċuige mar ófráil ṡáruiġ, a ccófra ré na taóiḃ; agus cuiriḋ ar siuḃal í, go nimṫiġ sí. 9 Agus feaċuiḋ, má ġaḃann sí súas a sliġe a cósta féin go Bet‐semes, ann sin sé do rinne an tolc mórsa ḋúinne: aċd muna ngaḃa, annsin aiṫeanam naċ í a laṁsan do ḃuáil sinn; aċt gur cinneaṁuin ṫáinig orruinn. 10 ¶ Agus do rinneadar na daóine sin: agus do ġlacadar ḋá loilġiḋ, agus do ċeangladar don ċairt íad, agus do ḋruideadar ar a láoġaiḃ san mbaile: 11 Agus do ċuireadar aírc an TIĠEARNA ansa ccairt, agus an cófra guna luċaiḃ agus íoṁaiġeaḋ a nemeroid. 12 Agus do ġaḃadar na ba an ráon direaċ go slíġe Ḃet‐semes, agus do imṫiġeadar ar feaḋ na sliġeaḋ móire, ag géimniġ mar do imṫiġeadar, agus níor ċasadar do leaṫ taóiḃ ar an láiṁ ḋeis nó ċlé; agus do ċúadar tiġearnuiḋ na Ḃṗilistineaċ na ndiáiġ go brúaċ Ḃet‐semes. 13 Agus do ḃádar muinntir Ḃetsemes ag buáin a ḃfóġṁair cruiṫneaċda annsa ġleann: agus do ṫógḃadar a súile súas, agus do ċonncádar a náirc, agus do ġaḃ lúaṫġaire íad tré na faicsin. 14 Agus ṫáinic an ċairt go maċaire Iosua, Bet‐semíteaċ, agus do stad ann sin, mar a raiḃ cloċ ṁór: agus do scoilteadar maideaḋa na cartaċ, agus do ofráladar na ba dofráil loisge don TIĠEARNA. 15 Agus do ṫógḃadar na Leḃítiġ airc an TIĠEARNA síos, agus an cófra do ḃí na haice, mar a raḃadar na seóid óir, agus do ċuireadar ar an gcloiċ ṁóir íad: agus do ofráladar muinntir Ḃét‐semes ofráil loisge agus do íoḋbradar ioḋbarṫa an lá ceadna don TIĠEARNA. 16 Agus a nuáir do ċonncadar cúig ṫiġearna na Ḃpilistineaċ sin, do ḟilleadar go Hecron an lá céadna. 17 Agus síad so na hemeróid órḋa noċ dfilleadar na Ṗilistiniġ ċum an TIĠEARNA mar ofráil ṡáruiġ; ar son Asdod a háon, ar son Ġasa a háon, ar son Ascelon a háon, ar son Ġat a háon, ar son Ecron a háon; 18 Agus na luċa órḋa, do réir uiḃre ċaiṫreaċ na Ḃṗilistíneaċ uile do ḃean ris na cuig ṫiġearna, do ċaiṫreaċaiḃ daingne, agus do ḃailtiḃ ṫáiṫe, go nuige cloiċṁóir Abel, air ar leagadar síos airc an TIĠEARNA: agus atá an ċloċ fós gus a niuġ a maċaire Iosua, an Bet‐semíteaċ. 19 ¶ Agus do ṁarḃ sé muinntír Ḃetsemes, do ċionn gur ḟéaċadar a steaċ ann airc an TIĠEARNA, eaḋon do ṁarḃ sé dá muinntir caógad míle agus deiċneaṁar air trí fiṫċid: agus do ċáoineadar an pobal, do ċionn gur ḃúail an TIĠEARNA an pobal ré hár mór. 20 Agus a duḃradar muinntir Ḃetsemes, Cía ḟéadas seasaṁ á laṫair an TIĠEARNA náomṫasa Día? agus cía ċum a raċaiḋ sé súas úainne? 21 ¶ Agus do ċuireadar teaċda go muinntir Ċíriat‐Iárim, ga ráḋ, Ṫugadar na Ṗilistiniġ airc an TIĠEARNA léo a rís; tigiḋsi a nuás, agus beiriḋ ċugaiḃ í. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society