I Samuel 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil V. Do ṫuit Dagon, abfiaġnais airce De ḃí. 6 Agus do buaileaḋ na Ṗilistiniġ leis hemeroidiḃ. 1 Agus do ġaḃadar na Ṗilistiniġ aírc Dé, agus tugadar ó Eben‐eser go Hasdod í. 2 A nuáir do ġaḃadar na Ṗilistiniġ aírc Dé, ṫugadar í go tiġ Ḋágon, agus do ċuireadar í láiṁ re Dágon. 3 ¶ Agus a nuáir déirġeadar muinntir Asdod go múċ ar na ṁáraċ, féaċ, do ḃí Dagon ar ttuitim ar a aġaiḋ fa ṫaluṁ a ḃfiaḋnuise airce an TIĠEARNA. Agus do ṫógḃadar Dágon, agus do ṡuiḋeadar na áit féin a rís é. 4 Agus a nuáir do éirġeadar go moċ ar maidin ar na ṁáraċ, féaċ, do ḃí Dágon ar ttuitim ar a aġaiḋ fan taluṁ a ḃfiaḋnuisi aírce an TIĠEARNA; agus ceann Ḋágon agus a ḋá ḃais ar na ngearraḋ ḋe ar an táirsiġ; aṁáin gur fágḃaḋ ceapán Dágon aige. 5 Ar a naḋḃarsin ní ṡaltruid sagairt Ḋágon, nó aonduine dá ttig go tiġ Ḋágon air ṫáirsiġ Ḋágon ann Asdod gus a niuġ. 6 ¶ Aċ do ḃí láṁ an TIĠEARNA trom ar ṁuinntir Asdod, agus do sgrios sé íad, agus do ḃuáil sé íad lé hemeróidiḃ, eaḋon Asdod agus a cóstaḋa. 7 Agus a nuáir do ċonncadar muinntir Asdod gur mar sin do ḃí, a duḃradar, Ní ḋéanaiḋ airc Dé Israel coṁnuiġe aguinne: óir atá a láṁ go doiliġ oruinn, agus air ar ndía Dágon. 8 ¶ Do ċuireadar teaċda úaḋa ar a naḋḃarsin agus do ċruinníġeadar tiġearnaḋa na Ḃṗilistíneaċ uile ċuca, agus a duḃradar, Cred do ḋéanam re háirc Dé Israel? agus do ḟreagradarsan, Beirṫear airc Dé Israel fá gcuáirt go Gát. Agus do rugadar aírc Dé Israel fa gcuáirt don náit sin. 9 Agus is aṁluiḋ ḃí, tar éis íad da breiṫ timċioll fa gcúairt, go raiḃ láṁ an TIĠEARNA a naġaiḋ na caiṫreaċ re díoṫlaiṫriuġaḋ roṁór: agus do ḃuáil sé daóine na caiṫreaċ, idir ḃeag agus ṁór, agus do ḃádar emeróidiġ iona mballuiḃ secréideaċa. 10 ¶ Uimesin do ċuireadar airc Dé go Hecron. Agus tárla, mar ṫáinic aire Dé go Hecron, gur éiṁġeadar na Hecronítíġ, ḋá ráḋ, Ṫugadar timċioll airc Dé Israel ċuguinne dar marḃaḋ, agus do ṁarḃaḋ ar muinntire. 11 Mar sin do ċuireadar teaċda amaċ agus do ċruinniġeadar tiġearnuiġ na Ḃṗilistineaċ uile, agus a duḃradar, Cuiriḋ ar siuḃal airc De Israel, agus léigṫear ḋi dul dá háit féin, ċor naċ muirfiḋ sí sinne, agus ar ndaoíne: óir do ḃí díoṫlaiṫriuġaḋ ar feaḋ na caiṫreaċ uile; do ḃí láṁ an TIĠEARNA ro ṫrom ann sa náit sin. 12 Agus na daóine naċ ḃfuáir bás do ḃuáileaḋ íad leis na hemeróidiḃ: agus do ċuáiḋ coṁairc na caiṫreaċ súas go neaṁ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society