Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Samuel 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IV. Ar gclos do Eli agus do ṁnaoi a ṁic gur ġaḃaḋ airc Dé, 11 agus gur marḃaḋ a ḋías mac, do ḟaéiġ an tanam asta.

1 Agus ṫáinic bríaṫar Ṡamuel go Hisrael uile. Anois da ċúadar Israel ċum caṫa amaċ a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ, agus do ṡuiġeadar re taoḃ Ebeneser: agus do rinneadar na Ṗilistiniġ foslungṗort ann Aṗec.

2 Agus do ċuireadar na Ṗilistiniġ íad féin a nórduġaḋ a naġaiḋ Israel: agus a núair do ċuádar na caṫa a gcionn a ċéile, do cláoiḋeaḋ Israel roiṁe na Ṗilistiniġ: agus do ṁarḃadar don tslúaġ san ṁaċaire timċioll ċeiṫre míle fear.

3 ¶ Agus a núair ṫangadar na dáoine don ċampa, a duḃradar sinnsir Israel, Cred far ċláoiḋ an TIĠEARNA sinn a niuġ roiṁe na Ṗilistiniġ? Tugam ċugainn airc ċunnarṫa an TIĠEARNA as Síloh, ionnus a núair ṫiocfas ar measc, go ttárrṫoċuiḋ sinn ó láṁuiḃ ar náṁad.

4 Uime sin do ċuireadar na dáoine fios go Síloh, ċor go ttiuḃraidís as sin airc ċunnarṫa ṪIĠEARNA na slóġ, noċ ċoṁnuiġios eidir na ċeruḃíniḃ: agus do ḃúdar días‐mac Eli, Hoṗni agus Ṗinehas, annsin maille re háirc ċunnarṫa Dé.

5 Agus a núair ṫáinic airc ċunnarṫa an TIĠEARNA don ċampa, do léigeadar Israel uile gáir le gaireaḋ ṁór, ionnus gur ċumscuiġ an taluṁ ḋe.

6 Agus a núair do ċúaladar na Ṗilistiniġ fúaim na gáire, a duḃradar, Cred fáṫ na gaíre moíresi a ḃfoslungṗort na Neaḃruiḋeaċ? Agus do ṫuigeadar gur ḃí airc an TIĠEARNA ṫáinic don ċampa.

7 Agus do ḃí eagla ar na Ṗílistiniġ, óir a duḃradar, Ṫáinic Día don ċampa. Agus a duḃradar, A ṁairg ḋúinne! óir ni ráiḃ a leiṫeidsin róiṁeso.

8 A ṁairg ḋúinne! cía ṡáorfas sinn ó láṁuiḃ na Ndee gcuṁaċdaċsin? siád so na Dée do ḃúail na Hégiptiġ ris na huile ṗláġuiḃ ansa ḃfásaċ.

9 Bíṫi láidir, agus déanuiḋ go fearaṁuil, O a Ṗilistiniġ, ċor naċ béiṫí ḃur serḃíseaċuiḃ do na Heaḃraḋuiḃ, mar do ḃádarsan díḃse: déanuiḋ go fearaṁuil, agus troidiġ.

10 ¶ Agus do ṫroideadar na Ṗilistiniġ, agus do cláoiḋeaḋ Israel, agus do ṫeiṫeadar gaċ áon aca a steaċ ḋá lóistin: agus do ḃí an tár ro ṁór; óir do ṫuit Disrael tríoċad míle coisiġ.

11 Agus do ġaḃaḋ airc Dé; agus do ṁarḃaḋ, días mac Eli, Hoṗni agus Ṗinehas.

12 ¶ Agus do rioṫ duine do Ḃeniamin as an tslúaġ, agus ṫáinic go Síloh an lá ceadna agus a éadaċ briste, agus cré ar a ċeann.

13 Agus a núair ṫaínic sé, féaċ, do ḃi Eli na ṡuiḋe ar stól do leaṫṫáoiḃ na sliġeaḋ ag faire; óir do ċrioṫnuiġ a ċroiḋe fá aírc Dé. Agus a núair ṫáinic an tóglaċ don ċaṫruiġ, agus dinnis sé sin, déiġṁeadar an ċaṫair uile.

14 Agus a nuáir do ċuáluiḋ Eli fúaim na ccoṁarc, a duḃairt sé, Cred is cíall dfúaim na coṁḋálasa? Agus ṫaínic an tóglaċ a steaċ go deifreaċ, ḋá innse do Eli.

15 Anois do ḃí Eli oċd mbliáḋna ar nóċad dáois; agus do ḃádar a ṡúile fa ċeó, go naċ ḃfaiceaḋ sé éinni.

16 Agus a duḃairt an toglaċ re Héli, As misi an té ṫáinic as an tslúaġ, agus do ṫeiṫ mé a niuġ as an tslúaġ. Agus a duḃairt seision, Cred do rinneaḋ ann sin, a ṁic?

17 Agus do ḟreagair an teaċdaire agus a duḃairt, Do ṫeiṫeadar Israel roiṁe na Ṗilistiniḃ, agus do ḃí fós ár mór a measg an ṗobail, do marḃaḋ do ḋías macsa mar an gcéadna, Hoṗni agus Ṗinehas, agus do gaḃaḋ airc Dé.

18 Agus tárla, a núair do laḃair sé ar airc De, gur ṫuit Eli as a stól a ndíaiġ a ċúil le táoiḃ an ġeata, agus do ḃris a ṁuinéul, agus fuáir sé bás; óir do ḃí sé na ṡeanduine, agus é trom. Agus do rinne sé breiṫeaṁnus ar Israel ceaṫraċad bliaḋan.

19 ¶ Agus do ḃí bean a ṁic, bean Ṗinehas, torraċ, agus a ḃfogas do leanaṁ ḃreiṫ: agus a núair do ċúaluiḋ sí na scéula gur gaḃaḋ airc Dé, agus go ḃfuáir aṫair a fir bás agus a fear féin, do ċlaon si í féin agus do ḃí ag tuismeaḋ; óir ṫáinic a teinneas leiniḃ uirre.

20 Agus a dúḃradar na mná do ṡeas na foċair timċioll am a baís ría, Ná bioḋ eagla ort; óir rúg tú mac. Aċd níor ḟreagair sisi, agus nior ċuir suim ann.

21 Agus ṫug sí Iċabód dainm air an leanaṁ, ga ráḋ, Dimṫiġ an glóir ó Israel: do ċionn gur gaḃaḋ airc Dé, agus ar son a cleaṁna, agus a fir.

22 Agus a duḃairt sí, Do imṫiġ an glóir ó Israel: óir do ġaḃaḋ airc an TIĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan