Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Samuel 31 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXXI. Do ṫuit Saul ar a ċloiḋiṁ fein. 11 Rugadar áitreaḃuiġ Iabes‐Gilead a ċorp anuas o ḃalla Ḃet‐san.

1 Agus a nois do ṫroideadar na Ṗilistiniġ a naġaiḋ Israel: agus do ṫeiṫeadar muinntir Israel roiṁe na Ṗilistineaċaiḃ, agus do ṫuiteadar síos marḃ a slíaḃ Gilboa.

2 Agus do leanadar na Ṗilistiniġ go crúaiḋ ar Ṡaul agus air a ṁacaiḃ; agus do ṁarḃadar na Ṗilistiniġ Ionatan, agus Abínadab, agus Malċisna, mic Ṡauil.

3 Agus do ċúaiḋ an caṫ go cruaḋálaċ a naġaiḋ Ṡauil, agus damusadar na saiġeadóiriġ é; agus do ḃí ar na lot go mór ó na saiġeadóiriḃ.

4 An sin a duḃaírt Saul re fear iomċarṫa a airm, Tarruing do ċloiḋeaṁ, agus saiṫ ṫríomsa é; deagla go dtiucfaḋ an drong neíṁṫimċillġéarrṫasa agus go muirtidís mé, agus go ndéanaidís sgige fúm. Aċ níor ḃáill le fear iomċarṫa a airm; óir do ḃí sé lán deagla. Uimesin do ġlac Saul cloiḋeaṁ, agus do ṫuit sé air.

5 Agus a nuáir do ċonnairc fear iomċarṫa a airm gur éug Saul, do ṫuit seision mar an gcéadua air a ċloiḋeaṁ, agus déug sé maille ris.

6 Marsin déug Saul, agus a ṫríur mac, agus fear iomċarṫa á airm, agus a ḋáoine uile, an lá sin féin a neinḟeaċd.

7 ¶ Agus a nuair do ċonncadar clanna Israel noċ do ḃí don táoiḃ oile don ġleann, agus drong do ḃí táoḃ ṫall do Iordan, gur ṫeiṫeadar fir Israel, agus gur eúg Saul agus a ṁic, do ṫreigeadar na caiṫreaċa, agus do ṫeiṫeadar; agus tangadar na Ṗilistiníġ agus do aitreaḃadar ionta.

8 ¶ Agus tárla ar na ṁáraċ, a núair ṫangadar na Ṗilistiniġ dfaġḃaḋ na marḃ, go ḃfuáradar Saul agus a ṫríur mac na luiġe a slíaḃ Ġilboa.

9 Agus do ḃeanadar a ċeann de, agus dfagḃadar as arm é, agus do ċuireadar teaċda gó dúiṫċe na Ḃṗilistineaċ timċioll fá gcuáirt, ḋá ḟógra a ttiġ a nioḋal, agus a measg an ṗobail.

10 Agus do ċuireadar a arm a ttiġ Astárot: agus do ċeangladar a ċorp do ḃalla Ḃet‐sán.

11 ¶ Agus a núair do ċúaladar áitreaḃuiġ Iábes‐gílead an ní sin do rinneadar na Ṗilistiniġ re Saul;

12 Déirġeadar an ṁéid do ḃí curata uile, agus do imṫiġeadar ar feaḋ na hoiḋċe, agus do rugádar corp Ṡauil agus cuirp a ṁac ó ḃalla Ḃet‐san, agus tangadar go Iábes, agus do loisgeadar ann sin íad.

13 Agus do ġlacadar a gcnáṁa, agus do aḋlaiceadar íad fáoi ċrann ann Iábes, agus do ṫroisgeadar seaċd lá.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan