Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Samuel 30 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXX. Do airgeadar na Hamalecitiġ Siclag. 18 Aċ do ḃean Daiḃí an eadáil dioḃ a ris.

1 Agus tárla, a nuáir do ḃí Dáiḃi agus a ṁuinntir ar tteaċd go Siclág ar an treas lá, gur ionnsuiġeadar na Hamalecítiġ an táoḃ ó ḋeas, agus Siclag, agus do airgeadar Siclag, agus do loisceadar í le teiniḋ;

2 Agus do ġaḃadar na mná a mbraiġdeanus, noċ do ḃí ann sin: níor ṁarḃadar éanduine beag nó mór, aċd a mbreiṫ léo, agus imṫeaċd rompa.

3 ¶ Annsin ṫainic Dáiḃi agus a ṁuinntir dón ċaṫruiġ, agus, feuċ, do ḃí sí loisge ó ṫeiniḋ; agus a mná, agus a mic, agus a ninġeana ar na mbreiṫ a mbraiġdeanus.

4 Ann sin do ṫóg Dáiḃi, agus an ṁuinntir do ḃí na ḟoċair a nguṫ agus do ġuíleadar, nó go raḃadar curṫa do ġul.

5 Agus do gaḃaḋ días ban Dáiḃi a mbraiġdionus, Ahinoam an Tiesreeliteaċ, agus Abigail bean Nábal an Carmeliteaċ.

6 Agus do ḃí Dáiḃi lán do ḋóbrón; óir do luáiġeadar na daoine gaḃáil do ċloċuiḃ air, do ḃríġ go raiḃ ínntinn na ndaóine uile doilġiosaċ, gaċ eanduine ar son a ṁac agus ar son a inġean: aċ do ġaḃ Dáiḃi meisneaċ ċuige féin ann a ṪIĠEARNA Día.

7 Agus a duḃairt Dáiḃi re Abiatar an sagart, ṁac Aċimeleċ, Guiḋim ṫú, taḃair ċugam annso an téṗod. Agus ṫug Abiaṫar an téṗod annsin ċum Dáiḃi.

8 Agus dfiafruiġ Dáiḃi don TIĠEARNA, ġa ráḋ, A ndéana mé tóruiġeaċd ar a tslúaġ so? an mbéara mé orra? agus do ḟreagair seision é, Lean íad: óir béara tú go deiṁin orra, agus gan ċunntaḃairt beanfa tú an tiomlán díoḃ.

9 ¶ Ann sin dimṫiġ Dáiḃi, agus na sé ċéud fear do ḃí na ḟoċair, agus ṫáinic sé ċum na haḃann Bésor, mar ar ḟanadar an ṁéid do fagḃáḋ na ndiáiġ.

10 Aċ do lean Dáiḃi íad, é féin agus ceiṫre ċéad fear: (óir dfanadar ḋá ċéad oile ná ndiáiġ, nar ḃféud dul tar a naḃuinn Besor do ḃádar coṁlag sin.)

11 Agus fúaradar Egipteaċ ar an maċaire, agus tugaḋ ċum Dáiḃi é, agus ṫugadar arán dó, agus diṫ sé sin; agus ṫugadar air uisge ól;

12 Agus ṫugadar píosa do ċáca fígeaḋ ḋó, agus ḋá ṫríopall rísín: agus anuáir aduáiġ sé sin, ṫáinic a spíorad ann a rís; óir ní ḋuáiġ sé arán, agus níor iḃ uisge, re tri lá agus lé trí hoiḋċe.

13 Agus a duḃairt Dáiḃi ris, Cía lear leis tusa? agus cía has a ttáinic tú? agus a duḃairt seision, Ogánaċ don Négipt mé, ṡerḃíseaċ do Amalaciteaċ; agus dfag mo ṁaiġistir mé, do ḃríġ gur ġlac tinnios mé trí la ó ṡin.

14 Ṫugamar ionnsuiġe ar an ttáoḃ ó ḋeas do na Ċeretíteaċaiḃ, agus ar na gcósta ḃeanas ré Iúdah, agus ar an ttáoḃ ó ḋeas do Ċáleb; agus do loisgeamar Siclag le teine.

15 Agus a duḃairt Dáiḃi ris, An ḃféadfa tú misi ḃreiṫ síos ċum na cuideaċda sin? Agus a duḃairt seision, Taḃair do ṁionna ḋaṁ tré Ḋía, naċ muirfe tú mé, agus naċ ttiuḃra tú a láiṁ mo ṁaiġistir mé, agus do ḃéara mé sics go nuige an ċuideaċda ṫú.

16 ¶ Agus a nuair rag sé síos é, féuċ, do ḃádar ar feaḋ na talṁan leaṫnuiġe, ag iṫe agus ag ól, agus ag daṁsa, ar son ṁéid na héadála ṫugadar léo amaċ as críċ na Ḃṗilistineaċ, agus as tír Iudah.

17 Agus dó ḃuáil Dáiḃi íad ó éirġe an láoi go ttáinig tráṫnóna ár na ṁáraċ: agus mor imṫiġ duine ḋioḃ, aċd ceiṫre ċéad ogánaċ, do ċúaiḋ ar ċáṁalluiḃ, agus do ṫeiṫ.

18 Agus do ḃean Dáiḃi amaċ a rugadar na Hamelecitíġ leó uile: agus do ḃean Dáiḃi á ḋias ban amaċ.

19 Agus ní raiḃ éinní dá neasḃuiḋ, beag no mór, nó mic nó inġeana, no éadail, nó einni dá rugadar ċuca: do ḃean Dáiḃi amaċ an tiomlán.

20 Agus do ġlac Dáiḃi na tréada uile agus na healḃa, noċ do ṫiomaíneadar roiṁe an ċuid eile don náirneís, agus a duḃairt sé, Ag so éadáil Ḋáiḃi.

21 Agus ṫáinic Dáiḃi mar a raiḃ an da ċéad fear, noċ do ḃí coṁlag sin har ḟéadadar Dáiḃi leanṁuin, noċ air a ttug sé fós fuireaċ ag aḃuinn Besor: agus do ċuadarsan amaċ a ccoinne Ḋáiḃi, agus a ccoinne na muinntire do ḃí na ḟoċair: agus a núair ṫáinic Dáiḃi a ḃfogus don ṗobal, do ḃeannuiġ sé ḋóiḃ.

22 ¶ Annsin do ḟreagradar na droċḋaoine uile, agus muinntir Ḃélial, don druing ċuaiḋ le Dáiḃi, agus a duḃradar, Do ḃriġ naċ ndeaċadar linn, ní ṫiuḃram ḋoiḃ don néadáil do ḃeannamar fein amaċ, aċt dá gaċ éanduine a ḃean, agus a ċlann, ċor go mbéaruid siad leó iad, agus go nimṫeoċuid úainn.

23 Annsin a duḃairt Dáiḃi, Ní ḋeanfaoisi mar sin, a ḋearḃraiṫre, ris an ní ṫug an TIĠEARNA ḋúinn, noċ do ḋídin sinn, agus ṫug an ċuideaċda ṫáinic ar naġaiḋ ann ar láṁuiḃ.

24 Oír cía déistfeaḋ riḃ annsa ċúise? aċ mar ḃias cuid an té raċus síos san ċaṫ, mar sin ḃías cuid an té ḟanfus a mbun an ċaráiste: roinnfiḋ síad go coṁṫrom.

25 Agus do ḃí sé marsin ón lósin amaċ, go ndéarna sé statúid ḋe agus orduġaḋ Disrael gus a niuġ.

26 ¶ Agus a núair ṫainic Dáiḃi go Siclag, do ċuir sé roinn don néadáil ċum sinnséar Iúdah, eaḋon ċum a ċarad, ġá raḋ, Féaċuiḋ ag sin tioḋlacaḋ aguiḃ do ċreíċ náṁad an TIĠEARNA;

27 Ċum na muinntire do ḃí a Mbétel, agus ċum na muinntire do ḃí a Rámot ó ḋeas, agus gus an luċd ḃí an Iattir,

28 Agus gus an luċd do ḃí ann Aroer, agus gus an droing do ḃí a Siṗmot, agus gus an droing do ḃí an Estemoa,

29 Agus ċum na muínntíre do ḃí ann Raċal, agus ċum na muinntíre do ḃí a ccaiṫreaċaiḃ na Ierahmeeliteaċ, agus cum na muinntire do ḃí a gcaiṫreaċaiḃ na Cceniteaċ,

30 Agus ċum na muinntire do ḃí ann Hormah, agus ċum na muinntire do ḃí ann Ċor‐asan, agus ċum na muinntire do ḃí ann Ataċ,

31 Agus ċum na droinge do ḃí ann Hebron, agus cum na náiteaċ uile mar a ngnáṫuiġeaḋ Dáiḃi féin agus a ḋáoine taṫuiġe.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan