I Samuel 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil III. Ġoir an TIĠEARNA Samuel ceiṫre úaire. 18 Dinnis é do Eli gaċ ar laḃair an anaġaiḋ a ṫiġc. 1 Agus do ḃí an leanaṁ Samuel ag míniostralaċd don TIĠEARNA a laṫair Eli. Agus bá mórluáiġ bríaṫar an TIĠEARNA ansna laéṫiḃ sin; ní raiḃ fios ós áird ann. 2 Agus tarla fa nám sin, a nuáir do ḃí Eli na luiġe síos ann a áit féin, agus ar ṫosuiġeadar a ṡúile air ḃeiṫ dall, naċ ar léir ḋó; 3 Agus suil do ċuáiḋ lampa Dé as a tteampall an TIĠEARNA, mar a raiḃ áirc Dé, agus Samuel ar luiḋe síos; 4 Gur ġoir an TIĠEARNA A Ṡamuel: agus gur ḟreagair seision, Atáim annso. 5 Agus do riṫ sé ċum Elí, agus a duḃairt, Atáim annso; óir do ġoir tú orum. Agus a duḃairt seision, Níor ġoir mé ort; luiġ sios a rís. Agus do imṫiġ sé agus do luiġ sé sios. 6 Agus do ġoir an TIĠEARNA a ris, A Ṡamuel. Agus déiriġ Samuel agus do ċuáiḋ sé go Héli, agus a duḃairt sé, Atáimsi annso; óir do ġoir tú orum. Agus do ḟreagair seision, Agus a duḃairt, Níor ġoir misi ort, a ṁic; lúiġ síos a rís. 7 Anois ní raiḃ fios an TIĠEARNA fós ag Samuel, agus ni mó do foillsiġioḋ briaṫar an TIĠEARNA ḋó fós. 8 Agus do ġoir an TIĠEARNA Samuél a rís an treas uáir. Agus do éiriġ seision agus do ċuaíḋ go Héli, agus a duḃairt, Atáim annso; óir do ġoir tú orm. Agus do ṫuig Eli gur ḃé an TIĠEARNA do ġoir an leanaṁ. 9 Uimesin a duḃairt Eli re Samuel, Imṫiġ, luiġ síos: agus go maḋ aṁlaiḋ ḃiás, má ġoirionn sé ort, go naibeora tusa, Laḃair, a ṪIĠEARNA; óir do ċluin do ṡeirḃiseaċ. Marsin do imṫiġ Samuel agus do luiġ siós iona ionad fein. 10 Agus ṫáinic an TIĠEARNA, agus do ṡeas, agus do ġoir mar na húairiḃ oile, A Ṡamuel, a Ṡamuel. Ann sin do ḟreagair Samuel, Laḃair; oír cluiniḋ do ṡeirḃiseaċ ṫú. 11 ¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Samuel, Féaċ, do ḋéana misi ní a Nisrael, fá mbéid ḋá ċlúais gaċ aóin dá gcluinfiḋ é, ag foġard. 12 Annsa ló sin críoċnoċuiḋ mé a naġaiḋ Eli, a nuile ní dar láḃair mé a ttaoḃ a ṫiġe: a núair ṫoíseoċus mé, déana mé críoċnuġaḋ mar an gcéadna. 13 Oír dinnis mé ḋó go mbéaruinn breaṫ ar a ṫiġ go bráṫ ar son a nuilc as aiṫniḋ ḋó feín; do ḃriġ go ndearnadar a ṁic íad féin malluiġ, agus nar ṫoirmisg seision íad. 14 Uime sin ṫug mé mionna do ṫiġ Eli, naċ glanfuiḋe éaigceart tiġ Eli lé híoḋbáirt no lé hofráil gó bráṫ. 15 ¶ Agus do luiġ Samuel go maidin, agus dfoscuíl doirsi ṫiġe an TIĠEARNA. Agus do ḃí eagla ar Ṡamuel an nfis dfoillsiuġaḋ do Eli. 16 Annsin do ġoir Eli Samuel, agus a duḃairt, A Ṡamuel, a ṁic. Agus do ḟreagair seision, Atáim annso. 17 Agus a duḃairt sé, Cred é an ní sin a duḃairt an TIĠEARNA riot? Guiḋim ṫú ná ceil orum é: go ndéarna Día marsin riotsa, agus tuilleaṁ fós, má ċéilionn tú éinní orum do na huile neiṫiḃ a duḃairt sé riot. 18 Agus dínnis Samuel dó gaċ uile ní, agus níor ċeil éinní air. Agus a duḃairt seision, Sé an TIĠEARNA é: déanaḋ sé an ní is áill leis feín. 19 ¶ Agus dfás Samuel, agus ḃí an TIĠEARNA maille leis, agus níor leig aonḟocal dá ċoṁráḋ tuitim ċum na talṁan. 20 Agus do ḃí a ḟios ag cloinn Israel ó Ḋan go Beerséba gur hórduiġeaḋ Samuel do ḃeiṫ na ḟáiġdon TIĠEARNA. 21 Agus do ḟoillsiġ an TIĠEARNA é féin a rís a Siloh: óir dó ḟoillsiġ an TIĠEARNA é féin do Ṡamuel a Síloh lé breiṫir an TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society