Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Samuel 27 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXVII. Da ċeil Daiḃí a ṫuras ar ríġ Aċis.

1 Agus a duḃairt Dáiḃí iona ċroiḋe, Muirfiġear me anois lá éigin le láiṁ Ṡauil: ní ḃfuil ní ḃus féarr ḋaṁ ná imṫeaċd gó lúaṫ go dúiṫċe na Ḃṗilistineaċ; agus raċaiḋ Saul a néadoṫċus dom ṫáoḃ, gan míarruiḋ ó sin amaċ a néanċósta Disrael: agus mar sin imeoċa mé as a láṁuiḃ.

2 Agus déiriġ Dáiḃi, agus do ċuáiḋ sé ṫairis anonn leis na sé ċéad fear do ḃí na ḟoċair go Haċis, ṁac Maoċ, ríġ Gat.

3 Agus do rinne Dáiḃi coṁnuiġe a ḃfoċair Aċis a Ngát, é fein agus a ḋáoine, gaċ aon gun a ṫeaġlaċ, eadbon Dáiḃi agus a ḋías ban, Ahinoam an Tiesreelíteaċ, agus Abigail an Carmelíteaċ, bean Nábal.

4 Agus do hinnseaḋ do Ṡaul gur ṫeiṫ Dáiḃí go Gát: agus níor ġluáis sé níos mó dá lorgaireaċd.

5 ¶ Agus a duḃairt Dáiḃi re Aċis, Má fuáir mé anois grasa ad raḋarc, tugaidís áit ḋaṁ a mbaile éigin annsa tír, le ndéana mé coṁnuiġe ann: óir créd fá ccoiṁneoċaḋ do ṡearḃḟoġantuiġ annsa ċaṫair ríoġa ad ḟoċair?

6 Ann sin ṫug Aċis Siclag ḋó an lá sin: uime sin atá Siclag ag ríoġaiḃ Iúdah gus a niuġ.

7 Agus do bé fad na haimsire do ċoṁnuiġ Dáiḃi a gcríċ na Ḃṗilistíneaċ blíaḋuin iomlán agus ceiṫre ṁí.

8 ¶ Agus do ċuáiḋ Dáiḃi agus a ṁuinntir súas, agus do ṫiomáineadar air na Gesurítiḃ, agus na Gersítiḃ, agus na Hamalecitiḃ: óir dob íad sin san tseanaimsir áitreaḃaiġ na tíre, mar ṫéid tú go Súr, air fad go críċ na Hégipte.

9 Agus do ḃuáil Dáiḃi an tír, agus níor ḟág fear ná bean béo innte, agus ṫug les na cáoriġ, agus na dáiṁ, agus na hassail, agus na cáṁuill, agus na héaduiġe, agus dfill, agus ṫainic sé go Haċis.

10 Agus a duḃairt Aċis, Cáit a ndéarna tú do ṫurus a niuġ? Agus a duḃairt Dáiḃi, A naġaiḋ an taóiḃ ó ḋeas do Iúdah, agus a naġaiḋ an taóiḃ ó ḋeas do na Ierahmeelíteaċaiḃ, agus a naġaiḋ an taóiḃ ó ḋeas do na Ceníteaċaiḃ.

11 Agus nior léig Dáiḃi fear no bean béo as díoḃ, do ḃéaraḋ sgéulá go Gát, ġá ráḋ, Deagla go ninneosaidís oruinn, ġá ráḋ, Is marsin do rinne Dáiḃi, agus is mar sin ḃías a ġnáiṫḃéas ar fad na haimsire ċoiṁneoċus sé a gcríċ na Ḃṗilistineaċ.

12 Agus do ċreid Aċis Dáiḃi, ġa ráḋ, Ṫug sé ar a ṁuinntir féin Israel fúaṫ ṫríd amaċ do ḃeiṫ aca air; uime sin biáiḋ sé na ṡearḃḟoġantuiġ agumsa go bráṫ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan