Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Samuel 26 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXVI. Do aḋmuiġ Saul an dara húair ioċd Ḋaiḃí, 21 agus a ainioċd féin.

1 Agus tangadar na Siṗítiġ go Saul go Gibéah, ġá ráḋ, Naċ ḃfuil Daíḃi ḋá ḋísliuġaḋ féin a ccnoc Haċilah, noċ atá as coinne Iesimon?

2 Annsin déíriġ Saul, agus do ċuáiḋ síos go fásaċ Siṗ, ar mbeiṫ ṫrí míle féar toġṫa Disrael leis, díarruiḋ Ḋáiḃi a ḃfásaċ Siṗ.

3 Agus do ċampuiġ Saul a ccnoc Haċilah, noċ atá as coinne Iesimon, láíṁ ris an tsliġe. Aċ do ċoṁnuiḋ Dáiḃi annsa ḃfásaċ, agus do ċonnairc sé go ttáinic Saul na ḋiáiġ san ḃfásaċ.

4 Do ċuir Dáiḃi ar a naḋḃarsin luċd ḃraṫa amaċ, agus do ṫuig go ttáinic Saul ar gaċ éanċor.

5 ¶ Agus déiriġ Dáiḃi, agus ṫáinic gus a náit ar ṡuiġe Saul a ċampa: agus do ċonnairc Dáiḃi a náit ar luiġ Saul, agus Abner ṁac Ner, caiptín a ṡlóiġ: agus do luíḋ Saul annsa ttrinnse, agus an slúaġ a ccampa air gaċ éantáoḃ ḋe.

6 Ann sin do ḟreagair Dáiḃi agus a duḃairt sé re Haċimeleċ an Hitíteaċ, agus re Habisai ṁac Seruíah, dearḃraṫair Ióab, ḋá ráḋ, Cía raċus liom síos don ċampa go Saul? agus a duḃairt Abisai, Raċa misi leaċd síos.

7 Marsin ṫáinic Dáiḃi, agus Abisai ċum an tslóiġ san noiḋċe: agus, féuċ, do ḃí Saul na ċoḋlaḋ a stiġ san tréinnse, agus a ġaṫ na ṡeasaḋ san talaṁ agá aḋairt: agus do ḃí Abner agus an slúaġ na luiḋe ar gaċ táoḃ ḋe.

8 Ann sin a duḃairt Abisai re Dáiḃi, Ṫug Día do náṁaid a niuġ ad láiṁ: anoís ar naḋḃarsin guiḋim ṫú, leíg ḋaṁsa a ḃúalaḋ, leis an ngaṫ go nuige an ttaláṁ déantsáṫaḋ, agus ní ḃúailfiod an dara huáir é.

9 Agus a duḃairt Dáiḃi re Abisai, Ná marḃ é: óir cía ḟéadus a láṁ do ṡíneaḋ amaċ a naġaiḋ úngṫuíḋ an TIĠEARNA, agus ḃeiṫ neiṁċiontaċ?

10 Os a ċíonn sin a duḃairt Dáiḃi, Mar ṁairios an TIĠEARNA, buailfiḋ an TIĠEARNA é; nó tiucfa a lá a ḃfuiġe sé bás; nó raċaiḋ sé síos a gcaṫ, agus tuitfe sé.

11 Nár leígiḋ an TIĠEARNA go sínfinnsi amaċ mo láṁ a naġaiḋ ungṫaiġ an TIĠEARNA: aċ, guiḋim ṫusa anoís, glac an gaṫ atá agá ċéannaḋairt, agus an cruisgín uisge, agus bíom ag imṫeaċd.

12 Mar sin do ṫóg Dáiḃi an gaṫ agus an crúisgín uisge ó ċeannaḋairt Ṡauil; agus do imṫiġeadar rompa, agus ní raiḃ éanduine ann do ċonnairc sin, nó agá raiḃ á ḟios, nó do ṁúscail: óir do ḃádar uile na gcoḋlaḋ; do ċionn gur ṫuit súan trom ón TTIĠEARNA órra.

13 ¶ Ann sin do ċúaiḋ Dáiḃi don táoiḃ oile anonn, agus do ṡeas a mullaċ cnoic a ḃfad uáṫa; agus spás mór eatorra:

14 Ann sin do ġoir Dáiḃí air an tslúaġ, agus air Abner ṁac Ner, ġa ráḋ, Naċ ḃfreagrann tú, a Abner? Ann sin do ḟreagair Abner, agus a duḃairt, Cía ṫusa ḃéiceas air ann ríġ?

15 Agus a duḃairt Dáiḃi re Habner, Naċ ḃfuil tusa ad ġaisgiḋeaċ ḃeóḋa? agus cía as cosṁuil riot ann Israel? uime sin cred fa nar ċoiṁéad tú do ṫiġearna an ríġ? óir ṫáinic duíne don tslúaġ a steaċ do ṁarḃaḋ an ríġ do ṫiġearna.

16 Ní maiṫ an níso do rínne tú. Mar ṁairios an TIĠEARNA, do ṫuilleaḃair ḃur mbásuġaḋ, dó ḃríġ nár ċoiṁéadaḃair ḃur maiġistir, ungṫaċ an TIĠEARNA. Agus anois féuċ cáit a ḃfuil gaṫ an ríġ, agus an crúisgín uisge do ḃí aga ċeannaḋáirt?

17 Agus do aiṫin Saul guṫ Ḋáiḃí, agus a duḃairt, Né so do ġuṫ sa, á ṁic a Ḋáiḃi? Agus a duḃairt, Sé so mo ġuṫ sa, a ṫiġearna, a ríġ.

18 Agus a duḃairt sé, Cred é an fáṫ as a ḃfuil mo ṫiġearna mar so ag foileanṁuinn a ṡearḃḟoġantuiġ? óir cred do rinne mé? nó cred an tolc atá am láiṁ?

19 Anois ar a naḋḃarsin, guiḋim ṫú, éisdeaḋ mo ṫiġearna an ríġ briáṫra a ṡearḃḟoġantuiġ. Mas é an TIĠEARNA do ċorruiġ súas am aġaiḋsi ṫú, glacaḋ sé ofráil ċuige: aċd mas íad clanna na ndáoine, go maḋ malluiġ íad a laṫair an TIĠEARNA; oir do ḋíbreadar misi amaċ aniuġ ó ḟanṁuin a noiġreaċd an TIĠEARNA, ġá ráḋ, Eiriġ, aḋair deé oile.

20 Anois uime sin, ná dóirtear mfuil fá ṫaluṁ a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA: óir ṫáinic ríġ Israel amaċ díarruiġ dearnaide, mar do ní duine fíaḋaċ ar ṗaitrisg ansna sléiḃtiḃ.

21 ¶ Ann sin a duḃairt Saul, Do ṗeacaiḋ mé; fill, a ṁic a Ḋáiḃí: óir ní ḋéansa doċar ḋuit ní ḃus mó, do ċionn go raiḃ manum mórluaiġ ad raḋarc a niuġ; féuċ, do rinné mé amadánaċd, agus do ċúaiḋ me ar seaċrán go hiomarcaċ.

22 Agus do ḟreagair Dáiḃi agus a duḃairt, Féuċ gaṫ an ríġ! tigeaḋ duine do na hóganaċaiḃ a nall agus beireaḋ leis é.

23 Go ccúitiġiḋ an TIĠEARNA re gaċ éanduine a ḟíréantaċd agus a ionurniceas: óir ṫug an TIĠEARNA ṫusa am láiṁsi a niuġ, aċ níor ḃáill líom mo láṁ do ṡíneaḋ amaċ a naġaiḋ ungṫaiḋ an TIĠEARNA.

24 Agus, féuċ, mar do ḃí hanum ro úasal am raḋarcsa a niuġ, gur marsin ḃías manumsa mórluáiġ a suiliḃ an TIĠEARNA, agus go sáoruiḋ sé mé ó nuile ṫrioblóid.

25 Ann sin a duḃairt Saul re Dáiḃi, Go maḋ beannuiġ ḃías tusa, a ṁic a Ḋáiḃi: do ḋeana tú neiṫe móra, agus fós béaruiḋ tú buáiḋ a gcoṁnuiġe. Mar sin dimṫiġ Dáiḃi roiṁe, agus dfill Saul dá áit féin.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan