Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Samuel 25 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXV. Bas agus áḋlacaḋ Ṡamuel. 18 Do ċonḃaḋ Daiḃi o Nabal doṁarḃaḋ tré ġliocus Abigail.

1 Agus fuáir Samuel bás; agus do ċruinniġeadar Israel uile a gcionn a ċéile, agus do ċaoineadar é, agus do aḋluiceadar é iona ṫiġ féin a Rámah. Agus déiriġ Dáiḃi, agus do ċuáiḋ síos go fásaċ Páran.

2 ¶ Agus do ḃí duine a Maon, ga raiḃ a ṁáoin a Gcarmel; agus do ḃí an duine ro ṁór, agus do ḃádar trí ṁíle cáora aige, agus míle gaḃar: agus do ḃí ag bearraḋ a ċáoraċ a Gcarmel.

3 Anois do bé ainm an duine Nábal; agus ainm a ṁná Abigail: agus bá bean ḋeaġṫuigsionaċ í, agus sgíaṁaċ a ngnúis: áċd do ḃí an fear íargcúlta agus go holc iona ġníoṁarṫaiḃ; agus bá do ṫiġ Ċaleb é.

4 ¶ Agus do ċúalaiḋ Dáiḃi annsa ḃfasaċ gur ḃearr Nábal a ċaóiriġ.

5 Agus do ċuir Dáiḃi deiċneaṁar óganaċ úaḋ, agus a duḃairt Dáiḃi ris na hógánaċuiḃ, Eirgiḋe súas go Carmel, agus imṫiġiḋ go Nábal, agus beannuiġiḋ ḋo am ainmsi:

6 Agus is marso a déarṫaói ris ma tá se slán, Sióṫċáin mar aon duit féin, agus síoṫċáin dot ṫiġ, agus síoṫċáin da gaċ éinní as leaċd.

7 Agus anois do ċúala mé go ḃfuilid luċd beárrṫa caóraċ agad: a nois ní ḋeárnamairne doċar do na háoḋairiḃ, noċ do ḃí eadruinn, agus ní mó do ċailleadar éainní ar feaḋ na haimsiresi do ḃádar a Gcarmel.

8 Fíafruiġ dot ógánaċuiḃ, agus inneosaid síad duit. Ar a naḋḃar sin faġdaois na hógánuiġ faḃar ad raḋarc: (óir ṫangamar a ló ṁaiṫ:) guiḋim ṫú, taḃair, giḋ bé ní ṫeagṁas ad láiṁ dod ṡearḃḟoġantuiġiḃ, agus dod ṁac Dáiḃi.

9 Agus a núair ṫangadar óganuiḋ Ḋáiḃi, do laḃradar ré Nábal do réir na mbríaṫarsin uile a nainim Ḋáiḃi, agus do ṫoċdadar.

10 ¶ Agus do ḟreagair Nábal searḃísiġ Ḋáiḃi, agus a duḃairt, Cía hé Dáiḃi féin? agus cía hé mac Iesse? bíd mórán searḃḟoġantuiġ ar a naimsirsi ḃrisios amaċ gaċ éanduine aca óna ṁaiġistir.

11 Ma seaḋ an nglacfa misi marán, agus muisce, agus mfeóil do ṁarḃ mé dom ḃeárṫóiriḃ, agus a ttaḃairt do ḋaóiniḃ, naċ feas daṁ cá has dóiḃ?

12 Ann sin do ḟílleadar óganuiġ Ḋáiḃi, agus do ċuádar air a nais, agus tangadar agus dinnisiodar ḋó na bríaṫrasin uile.

13 Agus a duḃairt Dáiḃi re na ṁuinntir, Cuirfiḋ gaċ éanduine aguiḃ a ċloiḋeaṁ ṫairis. Agus do ċuir gaċ áon aca a ċloiḋeaṁ ṫairis; agus do ċuir Dáiḃi mar an gcéadna a ċloiḋeaṁ ṫairis: agus do ċuáiḋ súas a ndiáiġ Ḋáiḃi timċioll ceiṫre ċéad fear; agus dfan ḋá ċéad fear ag an stór.

14 ¶ Agus dinnis duine do na hógánaċaiḃ do Abigail, bean Nabal, ġa ráḋ, Féuċ, do ċuir Dáiḃi teaċda as a ḃfásaċ do ḃeannuġaḋ dar maiġistir; agus do ḃuail sé ag géaruiġeaċd orra.

15 Aċt do ḃádar na daoine go ro ṁaiṫ rinne, agus ní ḋeárnadar doċar ḋuinn, agus ní mó do ċailleamar einní, an fad do ḃámar na ccoṁlúadar, a núair do ḃámar a muiċ ar na maċairiġiḃ:

16 Do ḃádar na ndídean aguinn do ló agus doiḋċe, ar feaḋ na haimsire do ḃámar na ḃfoċair ag cuṁdaċ na ccáoraċ.

17 Anois ar a naḋḃar sin bióḋ a ḟios agad agus meas cred ḋéanas tú; óir do cínneaḋ olc a naġaiḋ ar maiġistir, agus a naġaiḋ a ṫiġe uile: óir sé a leiṫeíd sin do ṁac do Ḃélial é, naċ ḃféadann duine laḃaírt ris.

18 ¶ Ann sin do rinne Abigail deiṫnios, agus do ġléas ḋá ċéad builín, agus ḋá ḃuidéul fíona, agus cúig cáoriġ réiġ deasuiġ, agus cúig miosúir do ġrán doite, agus ceád tríopall do rísíniḃ, agus ḋá ċéad bairġin fígeaḋ, agus do ċuir ar assaluiḃ íad.

19 Agus a duḃairt sí re na serḃíseaċaiḃ, Gluáisiġ roṁam; féuċ, bíaiḋ misi ḃur ndiáiġ. Aċd níor innís sí sin dá fear Nábal.

20 Agus is amluiḋ ḃí, mar do ḃi sí ag marcuiġeaċd air a nassal, agus í ag dul sios air sgáṫ cnoic, agus, féuċ, do ḃí Dáiḃi agus a ṁuinntir ag teaċd na coinne a núas; agus tárla riú í.

21 (Anois arsa Dáiḃi, Go deiṁin is díoṁáoin daṁ a ndearna mé do ċuṁdaċ ar a raiḃ ag an ḃfearso ann sa ḃfásaċ, ar ċor naċ ndeaċaiḋ éinní a muġa don nuile ní dar ġaḃ leis: agus do ċúitiġ sé mo ṁaiṫ le holc.

22 Go ndéarna Día sin agus tuilleaṁ ré naiṁde Ḋáiḃi, ma ḟágḃuimsi don nuile ní ġaḃus leis roiṁe ṡolus na maidne áon do ṁúnfaḋ a naġaiḋ an ḃalla.)

23 Agus a núair do ċonnairc Abigail Dáiḃi, do lúaṫuiġ sí uirre, agus do ṫuirling sí don nassal, agus do ṫuit ar a haġaiḋ a ḃtiaḋnuisi Ḋáiḃí, agus do ċláon í féin go taluṁ,

24 Agus do ṫuit sí fana ċosaiḃ, agus a duḃairt, Orumsa, a ṫiġearna, orumsa bíoḋ a néagcóirsi: agus léig dot ḃanóglaiċ, guiḋim ṫú, laḃairt ad eísteaċd, agus éist bríaṫra do ḃanóglaiċ.

25 Guiḋim ṫú, na tugaḋ mo ṫiġearna, toraḋ ar an té so do ṁuinntir Ḃélial, eaḋon Nábal: óir mar atá a ainm, is marsin atá sé feín; Nábal is ainm ḋó, agus leiṁe atá aige: aċd misi do ḃanóglaċ ní ḟaca mé ógánuiġ mo ṫiġearna noċ do ċuir tú úait.

26 Anois ar a naḋḃarsin, a Ṫiġearna, mar ṁaireas an TIĠEARNA, agus mar atá hánum beó, ó buḋ tóil leís an TTIĠEARNA ṫusa dfostaḋ gan teaċd do ḋórtaḋ fola, agus ṫú fein do ċóngṁáil ó ḋioġaltas do ḋéanaṁ le dó laiṁ féin, anois bídis do naiṁdese agus an ṁéid íarrus olc dom Ṫiġearna, mar Nábal.

27 Agus a nois túgṫar an brontanus so, noċ ṫug do ḃanóglaċ ċum mo ṫiġearna, do na hógánaċaiḃ leanus mo ṫiġearna.

28 Guiḋim ṫú, maíṫ cionta do ḃanóglaiċ: óir do ḋéana an TIĠEARNA go deiṁin tiġ daingean dom ṫiġearna; dó ċionn go ttróidionn mo ṫiġearna caṫa an TIĠEARNA, agus naċ fríṫ olc ionnad ar feaḋ do ṡáoġail.

29 Giḋeaḋ déirġe duine dot inġreim, agus díarruiḋ do ḃaís: aċd biáiḋ anum mo ṫiġearna ceangailte a gceanglaċán na beaṫa a ḃfoċair do ṪIĠEARNA Día; agus anmánna do náṁad, a síad ṫeilgfios sé amaċ, aṁuil as lár ċránn táḃuill.

30 Agus tiucfa a gcríċ, a núair do ḋéana an TIĠEARNA dom ṫiġearna do réir gaċ uile maiṫeasa dar laḃair sé dot ṫaóḃsa, agus óirdeoċus sé ṫú ad úaċdarán ós cionn Israel;

31 Naċ mbiáiḋ so na ḋoilġios duitsi, nó na ċoir ṁeanman dom ṫiġearna, gur ḋóirt tú fuil gan aḋḃar, nó gur ḋíoġuil mo ṫiġearna é féin: aċd a núair do ġeaḃṫar an TIĠEARNA go maiṫ ar mo ṫiġearna, ann sin cuiṁniġ do ḃanóglaċ.

32 ¶ Agus a duḃairt Dáiḃi re Abigail, Go maḋ beannuíġ an TIĠEARNA Día Israel, noċ do ċuir ṫusa a niuġ am ċoinne:

33 Agus go maḋ beannuiġ do ċoṁairle, agus go maḋ beannuiġ ṫú feín, noċ do ṫoirmisg misi a niuġ um ṫeaċd do ḋórtaḋ fola, agus o mé féin do ḋioġuilt lem láiṁ féin.

34 Oir go dearḃṫá, mar ṁairios an TIĠEARNA Día Israel, noċ do ċonnuiṁ misi ó ṫúsa ġortuġaḋ, muna ndéarnṫá deiṫnios, agus teaċd am ċoinne, go deṁin ní fúigfiḋe ag Nábal suil ṫuicfaḋ sóillse na maidne, áon do ṁúnfaḋ a naġaiḋ an ḃalla.

35 Mar sin do ġlac Dáiḃi as a láiṁ gaċ ní dá ttug sí ċuige, agus a duḃairt sé ría, Imṫiġ súas a síoṫċáin ċum do ṫiġe; féuċ, déist misi red ġlór, agus do ġlac mé go maiṫ do ġnúis.

36 ¶ Agus ṫáinig Abigail go Nábal; agus, féuċ, do ċonnuiṁ sé féusta iona ṫiġ, aṁuíl féusta ríġ; agus do ḃí croiḋe Nábal súgaċ ann, óir do ḃí sé ar meisge go mór: uime sin níor innis sisi ḋó einníġ, a ḃeag nó a ṁór, nó go ttáinic maidin ar na ṁáraċ.

37 Aċ tárla ar maidin, a nuáir do imṫiġ an fíon as Nábal, agus ar innis a ḃean na neiṫesi ḋó, go ḃfuair a ċróiḋe bás ann a stiġ, agus go raiḃ marḃ mar ċloiċ.

38 Agus tárla táoḃ a stiġ do ḋeiċ lá na ḋiáiġ sin, gur ḃuáil an TIĠEARNA Nábal, agus go ḃfuáir se bás.

39 ¶ Agus a núair do ċúaluiḋ Dáiḃi gur éug Nábal, a duḃairt sé, Go maḋ beannuiġ an TIĠEARNA, noċ do ṫagair cúis mo scanla as láiṁ Nábal, agus do ċonnuiṁ a ṡearḃḟoġantuiġ ó olc do ḋéanaṁ: óir dfill an TIĠEARNA urċóid Nábal ar a ċeann féin. Agus do ċuir Dáiḃí teaċda úaḋ, agus do ċoṁráiḋ sé ré Habigail, da gaḃáil ċuige na mnáói.

40 Agus a nuair ṫangadar searḃḟoġantuiġ Ḋáiḃi go Habigail go Carmel, do laḃradar ría, ḋá ráḋ, Do ċuir Dáiḃi sinne ċugad, dot ḟaġail ḋó mar mnaói.

41 Agus déiriġ sisi, agus do ċrom síos go taluṁ ar a haġaiḋ, agus a duḃairt, Féuċ, bíoḋ do ḃanóglaċ na serḃíseaċ do niġe ċos ṡearḃḟoġainteaḋ mo ṫiġearna.

42 Agus do ḃrostuíġ Abigail uirre, agus déiriġ, agus do ċuáiḋ ar assal, agus cúigear ógḃan dar buḋ leiġ na diáiġ; agus do lean sí teaċda Ḋáiḃi, agus do ḃí na mnaói aige.

43 Ṫug Dáiḃi mar an gcéadna Ahinoam ó Iesreel; agus do ḃádar aráon na muáiḃ aige.

44 ¶ Aċ ṫug Saul Míċal a inġean, bean Ḋáiḃi, do Ṗaltí ṁac Lais, noċ do ḃí do Ġallim.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan