I Samuel 24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXIV. Do ċeannsuiġ Daíḃi croiḋe a naṁad le na ḋiaḋaċd, ann sa nuaṁuiḋ. 1 Agus tárla, a nuáir do ḃí Saul ar ḃfilleaḋ ó leanṁuin na Ḃṗilistíneaċ, gur hinniseaḋ ḋó, ḋa ráḋ, Féuċ, atá Dáiḃi a ḃfásaċ Engedi. 2 Annsin rug Saul leis trí ṁile fear toġṫa as Israel uile, agus dimṫiġ ar lorg Ḋáiḃi agus a ṁuinntire ar ċairgiḃ na ngaḃar ḃfiáin. 3 Agus ṫainic sé do na tiġṫiḃ cáoraċ láiṁ ris an tsliġe, mar a raiḃ uáiṁ; agus do ċuáiḋ Saul a steaċ dfolaċ a ċos: agus do ḃí Dáiḃi agus a ṁuinntir a ttaoḃ na húaṁa. 4 Agus a duḃradar muinntir Ḋáiḃi ris, Féuċ an lá a duḃairt an TIĠEARNA riot, Féuċ, do ḃéara mé do náṁaid ad láiṁ, iondus go ḃféadfa tú a ḋéanaṁ ris mar as áill leaċd féin. Ann sin déiriġ Dáiḃi, agus do ġearr sé sciorta róba Ṡauil gan ḟios dó. 5 Agus tárla na ḋiáiġ sin gur ḃuáil cogús Ḋáiḃi é, do ḃríġ gur ġearr sé sciorta Ṡauil. 6 Agus a duḃairt sé re na ḋaóiniḃ, Nár léige Día go ndéanainnsi an níse rém ṁaiġistir, ungṫaċ an TIĠEARNA, mo láṁ do ṡíneaḋ amaċ na aġaiḋ, o sé ungṫaċ an TIĠEARNA é. 7 Mar sin do ċoisc Dáiḃí a ṡearḃḟoġantuiġiḋ leis na bríaṫraiḃsa, agus níor léig ḋóiḃ éiriġ a naġaiḋ Ṡauil. Aċd déiriġ Saul amaċ as a núaṁaiġ, agus do ġluáis roiṁe iona ṡliġe. 8 ¶ Déiriġ Daiḃi mar an gcéadna na ḋiaiġsin, agus do ċuáiḋ amaċ as a núaṁuiġ, agus do ġoir a ndiáiġ Ṡauil, ḋá ráḋ, Mo ṫiġearna an ríġ. Agus a núair dféuċ Saul na ḋiáiġ, do ċrom Dáiḃi maille re na aġaiḋ faoi ċum na talṁan, agus duṁluiġ sé é féin. 9 Agus a duḃairt Dáiḃi re Saul, Créd fa gcreideann tú bríaṫra ḋaóine, a deir, Féuċ, atá Dáiḃi ar tí hurċóide? 10 Féuċ, a niuġ do ċonncadar do ṡúile féin mar ṫug an TIĠEARNA a niuġ am láiṁsi ṫú ansa núaṁuiġ: agus a duḃradar dáoine áiriġ riom do ṁarḃaḋ: aċd do ċoigil mo ṡúil ṫú; agus a duḃairt mé, Ní ċuirfe mé mo láṁ amaċ a naġaiḋ mo ṫiġearna; óir a sé ungṫaċ an TIĠEARNA é. 11 Os a ċionn sin, a aṫair, féuċ, féuċ fós, sciorta do róba am láiṁ: óir as so gur ġearr mé iaċtar do róba, agus nar ṁarḃ mé ṫú féin, aiṫin agus féuċ naċ ḃfuil olc nó urċóid am láiṁ, agus nar ċiontuiġ mé ad aġaiḋsi; aċd atá tusa ag fíaḋaċ ar manumsa ċum a ġaḃála. 12 Go ndéana an TIĠEARNA breiṫeaṁnus eadrumsa agus tusa, agus go ndioġla an TIĠEARNA misi ort: aċd ní ḃeanfa mo láṁsa riot. 13 Mar a deir seanḟocal na nársanta, Ṫig an tolc ón droċḋuine: aċd ní ḃeanfa mo láṁsa riotsa. 14 Cía a ndiáiġ a ttáinig ríġ Israel amaċ? cía a ndiaiġ a ḃfuil tú ag lorgaireaċd? a ndiáiġ ṁadruiḋ ṁaírḃ, a ndiáiġ ḋearnaite. 15 Ar a naḋḃarsin bíoḋ an TIĠEARNA na breiṫeaṁ, agus beireaḋ sé breaṫ eadrumsa agus tusa, agus go féuċiḋ, agus go ttagruiḋ mo ċúis, agus go sáoruiḋ sé mé amaċ as do láiṁse. 16 ¶ Agus tárla, a núair do ċríoċnuiġ Dáiḃi laḃairt na mbriaṫarsa re Saul, go nduḃairt Saul, A né so do ġúṫsa, a ṁic a Ḋáiḃi? Agus do ṫóg Saul a ġuṫ ós áird, agus do ġuil sé. 17 Agus a duḃairt sé re Daiḃi, Is fíreanta ṫusa ná misi: óir do ċúitiġ tusa misi le maiṫ, a náit a nuílc do rinne mé ort. 18 Agus do ṫaisbein tú a niuġ a ḟeaḃus do fríṫ orumsa ṫú: an tan go ttug an TIĠEARNA ad láiṁ mé, agus nár ṁarḃ tú mé. 19 Oír má ḃeirionn duíne ar a náṁuid, an léigfe sé slán úaḋ é? uime sin go ttuga an TIĠEARNA a lúaċ maiṫeasa ḋuitse ar son a ndéarna tú orumsa a niuġ. 20 Agus a nois, féuċ, atá a ḟios agamsa go maiṫ go mbia tú ad ríġ, agus go ndaingneoċṫar ríoġaċd Israel ad láiṁ. 21 Taḃair do ṁionna ḋaṁsa ar a naḋḃarsin anois fan TIĠEARNA, naċ gearrfa tú amaċ mo ṡlioċdsa am ḋiaiġ, agus naċ scriosfuiḋ tú mainm as tiġ maṫar. 22 Agus ṫug Dáiḃi a ṁionna do Ṡaul. Agus do ċuáiḋ Saul dá ṫiġ; aċd do ċuáiḋ Dáiḃi agus a ṁuinntir súas go daingean áiriġe. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society