Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Samuel 23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXIII. Do ṡaoraḋ Daiḃi ó ṫóruiġeaċd Ṡauil 9 tré ċaismiorta Dé.

1 An sin dinnisiodar do Ḋáiḃi, ga ráḋ, Féuċ, atáid na Ṗilistiniġ ag troid a naġaíḋ Ċeilah, agus atáid ag slad na nurlár mbuailte.

2 Uime sin dfíafruiġ Dáiḃi don TIĠEARNA, ġa ráḋ, An raċa mé agus an mbúailfe mé na Ṗilistiniġ? Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Dáiḃi, Eiriġ agus buail na Ṗilistiniġ, agus tárrṫuiġ Ceilah.

3 Agus a duḃradar muinntir Ḋáiḃí ris, Féuċ, atá eagla oruinn annso an Iúdah: agus ga ṁéid ós a ċionn sin ma ṫéiġmid go Ceilah a naġaiḋ ṡlóiġ na Ḃṗilistíneaċ?

4 Ann sin dfíafruiġ Dáiḃi fós a rís don TIĠEARNA. Agus do ḟreagair an TIĠEARNA é, agus a duḃairt, Eiriġ, imṫiġ síos go Ceilah; óir do ḃéara misi na Ṗilistíniġ ad laíṁ.

5 Marsin do ċuáiḋ Dáiḃi agus a ṁuinntir go Ceilah, agus do ṫroideadar ris na Ṗilistíniḃ, agus ṫugadar a náirneís leó, agus do ḃúaileadar íad re hár mór. Marsin do ṡáor Dáiḃi áitreaḃaiġ Ċeilah.

6 Agus tárla, a núir do ṫeiṫ Abíatar ṁac Aċimeleċ ċum Dáiḃi go Ceilah, go ttáinic sé síos maille re héṗod iona láiṁ.

7 ¶ Agus do hinnseaḋ do Ṡaul go ttáinic Dáiḃi go Ceilah. Agus a duḃairt Saul, Ṫug Día am láiṁsi é; óir atá sé fa iaḋaḋ a stiġ, ar tteaċd a mbaile ar a ḃfuilid geatuiḋe agus barruiḋe.

8 Agus do ġoir Saul an pobal uile a gcionn a ċéile ċum cogaiḋ, do ḋul síos go Ceilah, do ṡuiḋe a naġaiḋ Ḋáiḃi agus a ṁuinntire.

9 ¶ Agus do ḃi a ḟios ag Dáiḃi gur oibriġ Saul ós ísiol urċoíd ċuige; agus a duḃairt sé ré Abiatar an sagart, Taḃair a leiṫ annso an teṗod.

10 Ann sin a duḃairt Dáiḃí, A ṪIĠEARNA Día Israel, do ċúala do ṡerḃíseaċ go dearḃṫa go ḃfuil Saul ag íarruiḋ teaċd go Ceilah, do ṁilleaḋ na caiṫreaċ ar mo ṡonsa.

11 An seaċódaid muinntir Ċeilah mé a láiṁ Ṡauil? an ttiocfa Saul a núas, mar do ċúala do ṡerḃíseaċ? O a ṪIĠEARNA Día Israel, guiḋim ṫú, innis dot ṡearḃḟoġantuiġ. Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Tiucfaiḋ sé a núas.

12 Agus a duḃairt Dáiḃi annsin, An ttoirḃeóruid muinntir Ċeilah misi agus mo ṁuinntir a laíṁ Ṡauil? Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Toirḃeóruid.

13 ¶ Ann sin déiriġ Dáiḃi agus á ṁuinntir, timċioll sé ċéad fear, agus dfágḃadar Ceilah, agus do ċuádar giḋ bé aít ar ḟéudadar dul. Agus do hinnseaḋ do Ṡaul gur imṫiġ Dáiḃi as Ceilah, agus do sguir sé ḋul ar a aġaiḋ.

14 Agus do rinne Dáiḃi coṁnuiġ san ḃfásaċ a ndaingneaċaiḃ laídre, agus dfan sé ar ṡlíaḃ a ḃfásaċ Siṗ. Agus do ḃí Saul dá íarruiḋ gaċ éanlá, aċd ní ṫúg Día iona láiṁ é.

15 Agus do ċonnairc Dáiḃi go ttáinic Saul amaċ dá íarruiġ ré a ḃásuġaḋ: agus do ḃí Dáiḃi a ḃfásaċ Siṗ, a gcoill.

16 Agus déiriġ Ionatan ṁac Ṡauil, agus do ċuáiḋ se go Dáiḃi annsa ċoill, agus do neartuiġ a láṁ a Ndía.

17 Agus a duḃairt sé ris, Ná bioḋ eagla ort: óir ní ḃfuiġe láṁ Ṡaúil maṫarsa ṫú; agus bíaiḋ tú do ríġ air Israel, agus misi ḃus foigse ad ḋiáiġ; agus atá a ḟios sin fós ag maṫair Saul.

18 Agus do rinneadar aráon ceangal a láṫair an TIĠEARNA: agus dfan Dáiḃi san ċoill, agus dimṫiġ Ionatán dá ṫiġ féin.

19 ¶ Ann sin tangadar na Siṗítiġ súas go Saul go Gibeáh, ġá ráḋ, Naċ ḃfuil Dáiḃi aguinne ḋá ḟolaċ féin a náitíḃ daingne annsa ċoill, a ccnoc Haċilah, noċ atá don taóiḃ ó ḋeas do Iesimon?

20 Anois ar a naḋḃarsan, A ríġ, do réir mar is roṫoil led inntinn teaċd síos tárr síos; agus buḋ í ar ccuidne ḋe a ṡeaċadaḋ a láiṁ an ríġ.

21 Agus a duḃairt Saul, Go maḋ beannuiġ ḃeiṫíse ón TIĠEARNA; óir atá truáiġe agaiḃ ḋaṁsa.

22 Imṫiġiḋ, guiḋim siḃ, ullṁuiġiḋ fós, agus féaċaiḋ a náit a ngnáṫuiġeann sé ḃeiṫ, agus cía ċonnairc ann sin é: óir do hinnseaḋ ḋaṁsa go mbíonn sé ro aireaċ.

23 Féaċaiḋ ar a naḋḃarsin, agus beiriḋ éolus ar na huile áitiḃ díaṁra mar a ḃfoluiġeann sé é féin, agus tigiḋ ċugamsa a rís le deiṁin, agus raċaiḋ mé liḃ: agus tiucfaiḋ a gcríċ, má ḃíonn sé annsa tír, go spíonfuíḋ misi amaċ é ar feaḋ uile ṁílteaḋ Iudah.

24 Agus déirġeadarsan, agus do ċúadar go Siṗ roiṁe Ṡaul: aċd do ḃí Dáiḃi agus a ṁuinntir a ḃfásaċ Máon, annsa réiteaċ taóiḃ ó ḋeas do Iesimon.

25 Do ċuáiḋ Saul fós agus a ṁuinntir dá íarruiḋ. Agus dinnsiodar sin do Ḋáiḃi: uime sin do ċuáiḋ sé síos a ccarruig, agus do ċoṁnuiġ a ḃfásaċ Maon. Agus a nuáir do ċúalaiḋ Saul sin, do lean sé a ndiáiġ Ḋaiḃi go fásaċ Maon.

26 Agus do ċuáiḋ Saul air an ttáoḃsa don tslíaḃ, agus Dáiḃi gun a ṁuinntir ar an ttáoḃ eile don tslíaḃ: agus do rinne Dáiḃi deiṫfir re himṫeaċd ar eagla Ṡauil; óir ṫáinic Saul agus a ṁuinntir, timċioll Ḋáiḃi agus a ṁuinntire fa gcuáirt dá ngaḃáil.

27 ¶ Aċt tangadar teaċda ċum Sauil, da ráḋ ris, Deiṫfriġ ort, agus tárr; óir ṫangadar na Ṗilistíniġ do ġaḃáil na tíre.

28 Uime sin dfill Saul ó leanṁuin a ndíaiġ Ḋáiḃi, agus do ċuáiḋ a naġaiḋ na Ḃṗilistíneaċ; uime sin do ġoireadar Selah‐hammahlecot don náit.

29 ¶ Agus do ċuáiḋ Dáiḃi suas as sin, agus do coṁnuiġ a náitiḃ daingne, ann Engedi.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan