Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Samuel 22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXII. Ar impiḋe an Ḟáiġ Gud, fill Dáiḃi go tír Iudah. 11 Mar ṁíorunn re Daiḃi do ṁarḃ Saul sagairt an TIĠEARNA .

1 Do imṫiġ Dáiḃi ar a naḋḃarsin, as sin agus do ċuáiḋ se go húaṁaiġ Adullam: agus a núair do ċúaladara ḋearḃráiṫre agus muinntir ṫiġe a aṫar uile sin, do ċúadar ċuige síos ann sin.

2 Agus gaċ a raiḃ a ríaċtanas, agus gáċ a raiḃ a ḃfíaċaiḃ, agus gaċ áon dá raiḃ a mbúaiḋreaḋ, do ċruinniġeadar íad féin ċuige; go mbiaḋ sé na ċaiptín orra: agus do ḃí timċioll ċeiṫre ċéad fear na ḟoċair.

3 ¶ Agus do ċuáiḋ Dáiḃi as sin go Mispeh Móab: agus a dúḃairt sé ré riġ Ṁóab, Guiḋim ṫú, tigeaḋ maṫair agus mo ṁaṫair amaċ, agus bidís ad ḟoċairsi, nó go raiḃ a ḟios agum cred ḋéana Día ar mo ṡon.

4 Agus ṫug sé a laṫair ríġ Ṁóab íad: agus do ċoṁnuiġeadar na ḟoċair an feaḋ do ḃí Daiḃi san núaṁaiġ.

5 ¶ Agus a duḃairt an fáiġ Gad re Dáiḃi, Ná fan annsa dáingion úd; imṫiġ as so, agus éiriġ go tír Iudah. Ann sin do imṫiġ Dáiḃi, agus do ċuáiḋ go foraóis Haret.

6 ¶ A nuáir do ċúala Saul go raiḃ Dáiḃi ós áird, agus na daóine do ḃí na ḟoċair, (anois do ḃí Saul na ṡuiġe a Ngibeáh fáoi ċrann a Rámah, agus a ġaṫ iona laíṁ, agus do ḃádar a ṡearḃḟoġantuiġe na seasaṁ gaċ táoḃ ḋé;)

7 Ann sin a duḃairt Saul re na ṁuinntir do ḃí gaċa táoḃ ḋé, Eístiġ anois, a Ḃeniamíteaċa; an ttiuḃra mac Iesse do gaċ aon aguiḃsi maċairiġ agus fineaṁna? a ndéana sé ḋáoiḃ uile caiptiniġ ar ṁíltiḃ, agus caiptíniġ ar ċéaduiḃ?

8 As a ndéarnaḃair uile feall am aġaiḋsi, naċ ḃfuil éanduine innseas daṁ go ndéarna mo ṁac ceangal re mac Iesse, agus naċ ḃfuil trúaiġe ag éanduine agaiḃ ḋaṁ, no ḟoíllsíġíos gur ċorruíġ mo ṁác mo ṡearḃḟoġantuiġ am aġaiḋ, do ḃeiṫ am oirċill, mar atá a niuġ?

9 ¶ Ann sin do ḟreagair Doeg an Tédomiteaċ, (noċ do ḃí ós cionn ṡearḃḟoġantuiġeaḋ Ṡauil,) agus a duḃairt, Do ċonnairc mé mac Iesse ag teaċd go Nob go Haċimeleċ ṁac Ahitub.

10 Agus dfíafruiġ sé don ṪIĠEARNA ar a ṡon, agus ṫug sé bíaḋ ḋó, agus ṫug sé cloiḋeaṁ Ġoliah an Ṗilistineaċ ḋó.

11 ¶ Ann sin do ċuir an ríġ fios ar Aċimeleċ an sagart, ṁac Ahitub, agus ar ṁuinntir ṫiġe a aṫar uile, na sagaírt do ḃí a Nob: agus ṫangadar uile ċum an ríġ.

12 Agus a duḃairt Saul, Eisd anoís a ṁic Ahitub. Agus do ḟreagair séision, Atáim annso, a ṫiġearna.

13 Agus a duḃairt Saul ris, Cred far ṫionnsguinn tusa feall am aġaiḋsi, ṫú féin agus mac Iesse, do reír mar ṫug tú arán dó, agus cloiḋeaṁ, agus gur ḟíofruiġ tú do Ḋía air a ṡon, ionnus go néireoċaḋ sé am aġaiḋsi, agus go mbíaḋ ag oirċill orum, mar atá a niuġ?

14 Ann sin do ḟreagair Aċimeleċ an ríġ, agus a duḃairt, Agus cía atá coiṁḟírinneaċ re Dáiḃi a measc do ṡearḃḟoġantuiġeaḋsa uile, noċ is clíaṁuin don ríġ, agus ṡuiḃluiġeas le do ráḋa, agus atá onóraċ ann do ṫiġ?

15 Nar ṫionsguin misi an lásin Día ḟiofruġaḋ air a ṡon? go maḋ fada sin uáim: ná cuíreaḋ an ríġ éinní a leiṫ a ṡearḃḟoġantuiġ, nó a leiṫ ṫiġe maṫar uile: óir ní raiḃ fios éinneiṫe ḋe so uile ag do ṡerḃíseaċ, go beag ná go mór.

16 Agus a duḃairt an ríġ, Do ġeaḃa tusa bás go deiṁin, a Aċimeleċ, ṫú féin, agus muinntir ṫiġe haṫar uile.

17 ¶ Agus a duḃairt an ríġ ris na coisiġiḃ do ḃí gáċa taoiḃ ḋe na seasaṁ, Fillfiḋ, agus marḃuiḋ sagairt an TIĠEARNA; do ċionn go ḃfuil a láṁsan fós lé Dáiḃí, agus do ċionn go raiḃ a ḟios aca a núair do ṫeiṫ sé, agus nar ḟoillsiġeadar ḋaṁsa é. Aċ níor ḃáill lé muinntir an ríġ an láṁ do ṡíneaḋ ar ṡagartaiḃ an TIĠEARNA.

18 Agus a duḃairt an ríġ re Doeg, Fillse, agus tiomáin ar na sagartaiḃ. Agus dfill Doeg an Tédomiteaċ, agus do ṫiomáin ar na sagartaiḃ, agus do ṁarḃ sé an lásin cúigear agus ceiṫre fiċṫid fear air a raiḃ eṗod linéaduiġ.

19 Agus do ḃúail sé Nob, caṫair na sagart, le fáoḃar an ċloiḋiṁ, éidir ḟear agus ṁnáoi, leanaṁ agus náoiḋeanán, agus eidir ḋaṁuiḃ, agus assaluiḃ, agus ċaorċaiḃ, le fáoḃar an ċloiḋiṁ.

20 ¶ Agus do ċuáiḋ áon do ċloinn Aċimeleċ ṁic Ahitub as, dar ḃainim Abíatar, agus do ṫeiṫ a ndiáiġ Ḋáiḃi.

21 Agus dinnis Abíatar do Ḋáiḃi mar do ṁarḃ Saul sagairt an TIĠEARNA.

22 Agus a duḃairt Dáiḃi re Abíatar, Do ḃí a ḟios agum an lásin, a núair do ḃi Doeg an Tédomíteaċ annsin, gur ḋeiṁin go ninneósaḋ sé do Ṡaul: is misi as cionfaṫa re bás ḋáoineaḋ ṫiġe haṫar uile.

23 Fansa am ḟoċairse, ná bíoḋ eagla ort: an té íarrus mo ḃássa asé íarrus do ḃássa: aċ biáiḋ tú daingean am ḟoċairsi.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan